Tá Maitiú Ó Coimín, iar-iriseoir le Tuairisc.ie ceaptha ina eagarthóir ar an iris ar líne Nós.ie.
Tiocfaidh Ó Coimín i gcomharbacht ar Thomaí Ó Conghaile mar eagarthóir ar an iris stíl mhaireachtála.
Tá Ó Conghaile, úinéir NÓS.ie, ag bogadh chun na Bruiséile mar a mbeidh sé ag obair mar aistritheoir i Roinn na Gaeilge sa Choimisiún Eorpach.
Beidh NÓS, a bhíodh á fhoilsiú mar iris chlóite ar feadh seacht mbliana, ag ceiliúradh 10 mbliana ar an bhfód i Márta na bliana seo agus deir Ó Conghaile go bhfuil sé tráthúil dá bharr go bhfuil eagarthóir nua á cheapadh.
“Bhí mé ag smaoineamh le tamall go raibh gá le fuil úr agus smaointe úra agus tús le ré nua do NÓS a bheidh anseo,” a dúirt an Conghaileach.
Is as an mBaile Bocht i mBaile Átha Cliath ó dhúchas do Mhaitiú Ó Coimín, ach tá sé ag cur faoi in Indreabhán i gConamara le tamall. Bhí sé ar dhuine de mheitheal bhunaithe Tuairisc.ie nuair a tháinig an suíomh ar an saol i nDeireadh Fómhair 2014.
Mar iriseoir faoi oiliúint a thosaigh an Coimíneach amach le Tuairisc.ie agus thuill feabhas a shaothair le breis agus trí bliana anuas aitheantas mór dó mar iriseoir. Bronnadh Gradam Iriseoir na Bliana air ag Gradaim Chumarsáide Oireachtas na Gaeilge anuraidh.
Dúirt Ó Coimín go raibh sé ag súil go mór lena chúram nua.
“Tá súil agam leanacht ar aghaidh leis an dea-obair atá déanta ag Tomaí Ó Conghaile agus ag an bhfoireann atá ann faoi láthair ach mo lorg féin a fhágáil ar an suíomh freisin.
“Is iomaí féidearthacht atá ann sa ré dhigiteach dul i bhfeidhm ar ár léitheoirí agus tá súil agam na deiseanna sin a thapú. Ar ndóigh, tá níos mó ná iris ar líne i gceist le NÓS agus tá mé ag súil le bheith ag plé le Gradaim Cheoil Nós 2019 agus tograí eile chomh maith,” a dúirt Ó Coimín.
Idir an dá linn, beidh plúr an cheoil chomhaimseartha as Gaeilge le cloisteáil sa Sugar Club i mBaile Átha Cliath san oíche amárach agus Gradaim NÓS á mbronnadh den tríú huair.
Ocht ngradam a bhronnfar i mbliana ag na gradaim cheoil agus i measc na gceoltóirí a bheidh ag seinm beo le linn na hócáide, tá Kíla, IMLÉ agus Kneecap. Craolfar Gradaim NÓS beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta san oíche anocht agus is é an craoltóir aitheanta Rónán Mac Aodha Bhuí a bheidh mar fhear an tí.