I ndiaidh gála Twitter #nílsécgl – seo chugainn sámhnas #tásécgl!

Spreag #nílsécgl na céadta scéal ó lucht na Gaeilge faoin aineolas a chaitheann siad cur suas leis ó lá go lá. A mhalairt de scéalta atá á roinnt faoi #tásécgl…

I ndiaidh gála Twitter #nílsécgl – seo chugainn sámhnas #tásécgl!

Tharraing an haischlib #nílsécgl aird mhór ar na meáin shóisialta agus thraidisiúnta le seachtain anuas agus anois seo chugainn #tásécgl.

Is í an duine céanna a chuir tús le #nílsécgl a chuir tús le #tásécgl, an scríbhneoir agus oideachasóir óg Ciara Ní É.

Spreag #nílsécgl na céadta scéal ó lucht na Gaeilge faoi chuid de na claontachtaí, na míthuiscintí agus an t-aineolas a chaitheann siad cur suas leo ó lá go lá agus iad ag Gaeilgeoireacht leo in Éirinn an 21ú haois.

A mhalairt de scéalta atá á roinnt faoi #tásécgl agus léargas á thabhairt ag lucht na teanga ar líne ar na suáilcí seachas na duáilcí a bhaineann le labhairt na teanga agus ar an meas a léirítear uaireanta di.

Fág freagra ar 'I ndiaidh gála Twitter #nílsécgl – seo chugainn sámhnas #tásécgl!'