I don’t think the Irish language was made to please upper middle class Englishmen’ –freagraí go leor ar ráiteas John Cleese faoin nGaeilge

Bhain conspóid mhór ar líne le tvuít inar mhol an fear grinn John Cleese go gcuirfí córas foghraíochta an Bhéarla i bhfeidhm ar ainmneacha Gaeilge

I don’t think the Irish language was made to please upper middle class Englishmen’ –freagraí go leor ar ráiteas John Cleese faoin nGaeilge

Bhain conspóid mhór ar líne le tvuít inar mhol an fear grinn John Cleese go gcuirfí córas foghraíochta an Bhéarla i bhfeidhm ar ainmneacha Gaeilge

Tá fearg lucht Twitter tarraingthe air féin ag an bhfear grinn agus aisteoir cáiliúil John Cleese mar gheall ar ráiteas a rinne sé faoin nGaeilge.

Tvuít inar mhol sé go gcuirfí córas foghraíochta an Bhéarla i bhfeidhm ar ainmneacha Gaeilge ba chúis leis an achrann.

Bhí na ceoltóirí agus fir ghrinn na Rubberbandits agus fear an Pop-Up Gaeltacht Osgur Ó Ciardha ina measc siúd a mheabhraigh an coilíneachas do Cleese.

Mhínigh go leor daoine do Cleese, atá sa Táin i saol an ghrinn mar gheall ar a shaothar le Monty Python agus a ról i leithéidí Fawlty Towers, go raibh fabht mór amháin ar a mholadh – ní ann don litir ‘v’ in aibítir na Gaeilge.

Bhí an t-aisteoir cáiliúil as Game Of Thrones Liam Cunningham ar dhuine eile acu siúd a rinne beag is fiú de dhearcadh an fhir ghrinn.

Ba léir nach raibh aon fhonn ar Cleese leithscéal a dhéanamh faoina ráiteas.

Ghlac daoine eile cur chuige teangeolaíochta chucu féin agus áiteamh Cleese á ionramháil acu.

Bhí corrdhuine sásta sochar an amhrais a thabhairt don fhear grinn, go pointe pé scéal é.

Fág freagra ar 'I don’t think the Irish language was made to please upper middle class Englishmen’ –freagraí go leor ar ráiteas John Cleese faoin nGaeilge'

  • Pádraig Mac Ardáil

    Ar an ábhar seo. Nach bhfuil duine ar bith in RTÉ a dtiocfadh leo a rá le Marty Morrissey an dóigh a fhuaimnitear “Odhrán”.

  • An Fiach Liath

    Bíonn an fhírine searbh.

  • Ruairí Ó Bléine

    Tá an Ghaeilge chaighdeanach ar cheann de na teangacha is airde céime maidir le comhaontú idir foghraíocht agus litriú. Níl de dhith ach tuiscint ar na rialacha. Is trua go bhfuil Béarlóirí ann nach dtuigeann go bhfuil easpa mhór rialacha foghraíochta in a dteanga féin.

  • Lonán Ó Lorgnáin

    Ardfhear thú a Ġav Beattie – breá liom do ghiolcsa (mar fhreagra ar an gCleeseach)?✌