‘I can’t breathe!’ – súil siar ar bhliain achrannach 2020

Bliain a bhí sa bhliain atá ag teacht chun críche a bhain an anáil dínn ar níos mó ná bealach amháin

‘I can’t breathe!’ – súil siar ar bhliain achrannach 2020

I can’t breathe!

Cogar céasta a d’éalaigh ó bhéal George Floyd, Meiriceánach dubh, díreach sular dhúnmharaigh póilín bán é i gcathair Minneapolis ar an 25 Bealtaine.

Choinnigh an póilín (a briseadh as a phost agus a bhfuil dúnmharú agus dúnorgain neamhbheartaithe curtha ina leith) a ghlúin ar mhuineál Floyd ar feadh nach mór 9 nóiméad.

Faraor géar, níorbh é Floyd an chéad Mheiriceánach dubh arbh iad na trí fhocal chéanna na focail dheireanacha a d’éalaigh óna bhéal le blianta beaga anuas. Tá an mana ‘I can’t breathe’ in úsáid ag an ngluaiseacht Black Lives Matter ón uair ar thacht póilín Eric Garner i Nua-Eabhrac thiar sa bhliain 2014.

Ach i mbliana, scaip an mana ar fud an domhain ag agóidí ar son chearta an phobail dhuibh. Sna Stáit Aontaithe amháin, meastar gur ghlac idir 15 agus 26 milliún duine san iomlán páirt in oll-léirsithe a lean ar feadh míosa, ar a laghad, tar éis dhúnmharú George Floyd. In Bristol, Sasana, leagadh dealbh Edward Colston, trádálaí sclábhaithe, dá sheastán. In Éirinn, b’éigean do Ghaeil a bhfuil dath dorcha ar a gcraiceann a mhíniú dá gcomhthírigh bhána gurb ann don chiníochas in Éirinn freisin.

An rud a bhí eisceachtúil faoi na holl-léirsithe a lean dúnmharú George Floyd – rud a thug cumhacht agus tábhacht stairiúil bhreise dóibh, dar liom – ná gur tharla siad le linn paindéime nach bhfacthas a leithéid le céad bliain anuas.

Níl sé i gceist agam beag is fiú a dhéanamh d’fhulaingt an phobail dhuibh sna Stáit Aontaithe agus in iliomad tíortha eile nuair a deirim go raibh muid ar fad – chuile dhuine ar domhan – ár dtachtadh ar bhealach amháin nó eile i mbliana, go fisiciúil nó go meafarach, ag an gcoróinvíreas.

Gan puth anála ina scamhóga a fágadh tuairim is 1.6 milliún duine a fuair bás ón Covid-19 go dtí seo.

Gearranálach a bhí chuid mhór de na scórtha milliún duine ar tháinig an galar orthu agus a tháinig slán.

Fágtha gan unsa fuinnimh a bhí na hoibrithe sláinte a thug aire dóibh.

Tachta ag an mbrón a bhíodar siúd a chaill gaolta agus cairde.

Ach bhí slán agus easlán araon tachta ag srianta dianghlasála freisin:

Masc ar ár n-aghaidh.

Sáinnithe istigh sa teach leis na daoine céanna lá i ndiaidh lae.

Gan cead againn bualadh le cairde.

Cosc ar thaisteal.

Scoileanna, siopaí, bialanna agus pubanna dúnta.

An tóin tite as tionscail iomlána.

A bpostanna caillte ag na milliúin daoine.

Plúchta a bhí muid ag síorshruth nuachta faoin víreas, ag nuacht bhréige agus ag teoiricí comhcheilge, ag ráitis áiféiseacha ar nós ‘níl ann ach slaghdán beag!’ agus ‘ól tuarthóir!’ agus ag argóintí fíochmhara ar na meáin shóisialta a lean chuile chasadh sa scéal.

Plúchta freisin, ach ag deatach, a bhí muintir agus fiadhúlra na hAstráile, na Sibéire, California, iarthar na Brasaíle agus ceantair eile ar fud an domhain a ndeachaigh foraoiseacha trí thine iontu. Bhí ardú mór millteach – 13 faoin gcéad – ar líon na bhfalscaithe le hais na bliana 2019 agus ní dea-thuar do thodhchaí an phláinéid é.

Ar éigean a d’éirigh le mórán daoine anáil a tharraingt i gceart sna laethanta a lean toghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe. Ábhar iontais agus díomá, tar éis chuile rud a tharla sa tír sin le ceithre bliana anuas, ná chomh beag agus a bhí an bua a bhí ag Joe Biden ar Donald Trump sa deireadh. Mar sin féin, lig mórchuid daoine ar fud an domhain osna faoisimh astu.

Chaith géarchéim an choróinvíris scáil dhorcha ar an mbliain 2020 ar iliomad bealaí, ach ceann de na rudaí is measa faoin bpaindéim ná gur phlúch sí go leor scéalta nuachta eile.

An cuimhin le héinne gur bheag nár thosaigh Donald Trump cogadh i gcoinne na hIaráine i mí Eanáir?

Gur theip ar iarracht an fear céanna a tháinseamh i dtús mhí Feabhra?

Gur maraíodh 220 duine, gur leonadh na mílte, agus gur fágadh 300,000 gan dídean nuair a phléasc stóras níotráit amóiniam i gcathair Beirut i mí Lúnasa?

Agus gur phléasc an comhlacht mianadóireachta Rio Tinto uaimh Juukan in iarthar na hAstráile, láthair naofa de chuid phobal bundúchasach na tíre sin?

An cuimhin le héinne gur fhan Alexander Lukashenko i gcumhacht sa Bhealarúis in ainneoin gur lean léirsithe móra millteacha an toghchán uachtaránachta ina bhfuair sé bua bréige ar an ngníomhaí cearta daonna Sviatlana Tsikhanouskaya?

Gur bhris cogadh amach idir an Asarbaiseán agus an Airméin agus gur síníodh sos comhraic a ligfidh don Asarbaiseán na ceantair a ghabh an tír sin a choinneáil?

Gur bhain sceimhlitheoirí Ioslamaíocha an cloigeann de mhúinteoir sa Fhrainc tar éis dó sin na cartúin chonspóideacha den fháidh Mahamad a d’fhoilsigh an iris Charlie Hebdo sa bhliain 2012 a thaispeáint dá dhaltaí i rang faoi shaoirse cainte?

Gur éirigh le Jacinda Ahern, a léirigh an-cheannaireacht sa troid i gcoinne an choróinvíris, bua ollmhór a bhaint amach do Pháirtí an Lucht Oibre sa Nua-Shéalainn agus an dara téarma mar phríomh-aire a ghnóthú di féin?

Agus an cuimhin le héinne cá mhéad cruinniú a bhí ag taidhleoirí an Aontais Eorpaigh agus na Ríochta Aontaithe lena chéile ag iarraidh ceist an Bhreatimeachta a réiteach?

Scéalta móra a bhí iontu sin, ach céard faoi na scéalta beaga nach bhfuair a ndóthain clúdaigh, nó clúdach ar bith, toisc go raibh frídín biorach áirithe sa spotsolas an t-am ar fad?

Coinnle sna fuinneoga do John Hume, círéib ar shráideanna Buenos Aires agus féinín le taobh chónra Diego Maradona: bhí tionchar ag an gcoróinvíreas ar shochraidí na bliana seo chomh maith. I measc na ndaoine eile ar thréig an anáil iad i mbliana bhí na laochra spóirt Kobe Bryant agus Jack Charlton, na haisteoirí Kirk Douglas, Diana Rigg agus Chadwick Boseman, na ceoltóirí Little Richard, Mory Kanté, Vera Lynn agus Eddie Van Halen, agus na scríbhneoirí Shere Hite, Robert Fisk agus, ar ndóigh, Joe Steve Ó Neachtain.

Fág freagra ar '‘I can’t breathe!’ – súil siar ar bhliain achrannach 2020'