Hello? Ní inniu ná inné a tosaíodh ag cíoradh bheannachtaí traidisiúnta na teanga…

Ní cosúil go bhfuil aon fhuascailt bhog ar na ceisteanna a eascraíonn as beannachtaí na teanga

Hello? Ní inniu ná inné a tosaíodh ag cíoradh bheannachtaí traidisiúnta na teanga…

Foilsíodh alt an-spéisiúil le gairid le Seosaimhín Ní Bheaglaoich ar bheannachtaí na Gaeilge. A thanaí atá ‘Dia dhuit’ sa leithinis laistiar den Daingean a bhí faoi chaibidil aici.

Ní inniu ná inné a tosaíodh ag cíoradh bheannachtaí traidisiúnta na teanga, idir dhéantús agus aois, agus ní cosúil go bhfuil aon fhuascailt bhog ar na ceisteanna a eascraíonn astu.

Ba leasc liom féin deimhin a dhéanamh dem’ bharúil, ach ó thaobh Chorca Dhuibhne de, dhealródh gur ar an mBlascaod is mó a deirtí ‘Dia dhuit’, agus gur bhain sé Dún Chaoin amach ina dhiaidh sin, le tréigean an oileáin.

Sa pharóiste sin a chuala an canúineolaí Heinrich Wagner samplaí de. Ní gá gur scaip an focal go dtí na ceantracha níos faide soir, áfach, agus fearacht Sheosaimhín Ní Bheaglaoich, ní leagan é a bhí go nádúrtha ag bean Leagan Cainte, Eibhlín Ní Mhurchú, cuir i gcás, nuair a tarraingíodh anuas ar cheann de chláracha na sraithe sin é.

Cé is moite de ‘Dé do bheathasa’ agus ‘Bail ó Dhia ort’, ‘Uh [= ó] ansan duit’ is mó a bhí ag bean an Bhaile Loiscthe, de réir dealraimh. Leagan inchurtha leis – ‘Ní féidir gurb é seo [ainm agus sloinne]’ – atá ag Tomás Ó Máille in An Béal Beo agus, dála mar a dúirt Nell Phurge Ní Mhurchú agus Seosaimhín Ní Bheaglaoich, deir Ó Máille gur ar an aimsir a thosaítear ag caint ina dhiaidh sin nuair a chastar beirt ar a chéile.

Díol suntais, measaim, an méid atá ag Tomás Ó Criomhthain in An tOileánach agus é lá ‘i dtigh mná muinteartha’ dó a raibh ‘siopa éadaigh’ aici. Ar theacht isteach sa siopa dó, ‘Dhera, dé do bheathasa aniar!’ a deir sise leis. ‘Go mairirse céad, a bhean mhaith’, ar seisean léise. Ina dhiaidh sin féin, ‘Dia dhíbh’ a deir ‘Peaid Shéamais’ ag teacht anuas an staighre dó lá eile. ‘Dia is Muire dhuit’ a deir fear an tí leis, á fhreagairt.

Más ar an mBlascaod agus i nDún Chaoin is mó a chloistí a leithéid, is é an chéad chóras thuas atá ag Máire Mhac an tSaoi in ‘Codladh an Ghaiscígh’: ‘Dé do bheathasa is neadaigh im chroí / Dé do bheathasa fé fhrathacha an tí’.

Eascraíonn ceist as an leagan deireanach sin faoi mhalartú na dtuiseal sa teanga, agus mhair scoláirí inár measc a cheap gur chun an ginideach a sheachaint i bhfearann an ainmnigh a tháinig ann do ‘Is é (“Sé”) do bheatha’. Tá fhios againn, mar shampla, gurbh ann do ‘Dia [i] do bheatha’ tráth, agus gur uaidh a tháinig ‘[i] do bheatha’.

Manaigh nó daoine a fuair oiliúint ó mhanaigh is mó a bhreac na lámhscríbhinní is na cuntais mhiotais sa tír seo agus thar sáile. Ba mhinic scéalta Págánacha á gcur in oiriúint do thuiscintí Críostaí dá bharr, tar éis aimsir Phádraig. Má ba mhinic, bhíothas an-dílis do na seantéacsanna i gcásanna áirithe, agus castar nathanna orainn nach luaitear ‘Dia’ iontu beag ná mór.

Labhraíonn Tomás Ó Máille, cuir i gcás, ar an sampla ‘go mbeannaíthear dhuit, a Ghuill’, a bhaineann leis an téacs Suirí Fhinn go Crích Lochlann, agus a bhí i measc chora cainte Eibhlín Ní Mhurchú chomh maith céanna.

Maidir linn féin, más túisce linn ‘Hello’ a rá lenár gcomhdhuine ar na saolta seo, tá de bhuntáiste ag ‘Dia dhaoibh’ gur féidir beannú do scata in éineacht agus iad os ár gcomhair.

Níor mhiste críochnú le gné eile den bheannacht sin ar labhair bean an Bhaile Loiscthe uirthi, is é sin, ‘Dia dhaoibh’ a bheith ar a bhéal ag an Seabhac agus gan roimhe ach duine amháin. Tá trácht déanta ar fheiniméan sin na foirmeáltachta ag Aidan Doyle ina leabhar ar stair na Gaeilge, agus tá tuilleadh samplaí de le fáil sa saothar Nua-Dhuanaire 1, gan ach cuid an bheagáin a lua.

Maireann an nós i gcónaí, ar ndóigh, sa bhFraincis agus i dteangacha eile, ach tá a mhacalla le fáil sa teanga s’againn féin, sa leagan ‘Conas taoi?’ (= Conas ’tánn tú?), áit arbh ionann ‘taoi’ tráth agus focal eile ar ‘sibh’.

Cé gur fíor nach dtarraingítear ‘Dia’ anuas chomh minic céanna sa lá inniu, ní díbheo ar fad na beannachtaí traidisiúnta. Maidir leis an ‘traidisiún’ lena mbaineann siad, is deacra i bhfad an méid sin a fhuascailt.

Mar sin a bhí ó lá Mhóire go haimsir Mhuire. Mar sin atá i gcónaí.

Fág freagra ar 'Hello? Ní inniu ná inné a tosaíodh ag cíoradh bheannachtaí traidisiúnta na teanga…'

  • Larry Phelan

    Dia leat, a Khevin. Is deas samplaí as an Béal Beo a bheith luaite anseo agat, an-leabhar go deo é sin. Feictear dom gur ‘tú’ agus ní ‘sibh’ a bhí i gceist riamh le ‘taoi’, áfach. Nár laga Dia thú.

  • Seosaimhin Ní Bheaglaoich

    Más buan mo chuimhne ní rabhasa ach a caint ar an mbeannú a thugadh daoine dà chèile, ar an mbóthar fadó.
    Bhíodh Dia i gceist nuair a thiocfadh duine isteach an tig chugat.
    ‘Dè bheathasa isteach’ an beannú.
    ‘Go mairirse i bhfad’ an freagra.
    Uaireannta dèarfadh duine ‘Dia anso isteach’
    Ach farior ní cuimhin liom an freagra ar sin…