LÉAMHTHUISCINT: Treoir do thoghcháin na hEorpa…

Thíos tá ábhar ón gcnuasach Láithreach Bonn mar aon le gníomhaíochtaí don seomra ranga

LÉAMHTHUISCINT: Treoir do thoghcháin na hEorpa…

Gach cúig bliana iarrtar ar shaoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh iarrthóirí a thoghadh chuig Parlaimint na hEorpa.

Beidh Toghchán na hEorpa á reáchtáil in 27 ballstát an Aontais idir an 6-9 Meitheamh i mbliana.

Beidh muintir na hÍsiltíre ar an chéad dream le vóta a chaitheamh sa toghchán a bheas á reáchtáil ansin ar an 6 Meitheamh. In Éirinn, beidh toghchán na hEorpa á reáchtáil ar an 7 Meitheamh, an lá céanna leis na toghcháin áitiúla agus, seans, toghchán Bhord Údarás na Gaeltachta.

720 suíochán a bheas sa pharlaimint i ndiaidh thoghchán mhí an Mheithimh, 15 suíochán sa bhreis ná mar a bhí ar fáil sa toghchán deireanach in 2019.

Beidh an 15 suíochán breise á roinnt idir 12 tír. Déanfar beirt iarrthóirí breise a thoghadh sa Fhrainc, sa Spáinn agus san Ísiltír agus beidh iarrthóir breise amháin á thoghadh san Ostair, sa Danmhairg, sa Bheilg, sa Pholainn, san Fhionlainn, sa tSlóvaic, sa tSlóivéin, i Laitvia agus in Éirinn, rud a fhágann go mbeidh 14 feisire as Éirinn i bParlaimint na hEorpa i ndiaidh an toghcháin.

Déantar suíocháin na Parlaiminte a roinnt ar thíortha an Aontais roimh gach toghchán bunaithe ar na staidrimh is déanaí faoin daonra chomh maith le rialacha eile. 750 an t-uasmhéid suíochán sa pharlaimint agus bíonn seisear feisirí ar a laghad ag gach aon tír san Aontas agus ar a mhéad 96 suíochán.

Tá seisear feisirí, an líon is lú, le toghadh sa Chipir, i Lucsamburg agus i Málta sna toghcháin i mbliana agus tá an t-uasmhéid, 96 feisire, le toghadh sa Ghearmáin i dtoghchán an Mheithimh.

Tá córais vótála éagsúla i bhfeidhm i dtíortha an aontais. In Éirinn, úsáidtear córas an aon vóta inaistrithe, nó PR-STV. Iarrtar ar vótálaithe uimhir a chur le gach iarrthóir in ord a rogha agus toghfar iarrthóirí nuair a bhaineann siad cuóta áirithe amach. Aistrítear na vótaí ó na hiarrthóirí a bhfuil an líon is lú vótaí acu chuig dara rogha na vótálaithe. Leantar d’aistriú na vótaí de réir mar a chuirtear iarrthóirí as an áireamh go dtí go líontar na suíocháin ar fad.

Is féidir le saoránaigh na mballstát a bhfuil cónaí orthu i dtíortha eile san Aontas Eorpach vóta a chaitheamh sa toghchán. Caithfear clárú le vóta a chaitheamh le d’údarás áitiúil ar a laghad 15 lá sula ndéantar an toghchán a reáchtáil.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna tuisceana agus léirthuisceana

  • Cén fáth ar deineadh an ghrafaic eolais seo?
  • Cé chomh minic is a bhíonn toghchán ann do Pharlaimint na hEorpa?
  • Cén fáth a luaitear an figiúr 27?
  • Cén fáth a luaitear Údarás na Gaeltachta?
  • Cén t-athrú atá tagtha ar an líon suíochán?
  • Cén chaoi a ndéantar na suíochán a dháileadh ar thíortha?
  • Cén fáth a luaitear an Chipir, Lucsamburg agus Málta?
  • Mínigh an córas PR-STV i d’fhocail féin.
  • Cén fáth a luaitear 15 lá?

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh Léitheoireachta

  • Léigh an chéad alt os ard don duine atá in aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Leanaigí oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Úsáid an uirlis fuaime in teanglann.ie nó abair.ie le cabhrú libh leis an bhfoghraíocht.

Gníomhaíocht 3 – Nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs.
  • Déan iarracht na cinn seo a chur in abairt ó bhéal leis an duine atá in aice leat.
    • Toghchán
    • Saoránach
    • Áitiúil
    • Sa bhreis
    • Clárú
  • Déan iarracht na cinn seo a chur in abairt scríofa.
    • Reáchtáil
    • Uasmhéid
    • Córas
    • I bhfeidhm
    • An líon is lú
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 4 – Bí ag scríobh agus ag caint

    • Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach do shaoránaigh vóta a chaitheamh i dtoghchán ar bith?
    • Déan 5-7 bpointe a scríobh.
    • Breathnaigh ar an bhfíseán seo ó shuíomh idirlín de chuid an AE le smaointe a thabhairt duit. https://elections.europa.eu/video/ga/
    • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar teanglann.ie agus www.focloir.ie.
    • Ansin, léigh na pointí atá scríofa ag do pháirtí agus déan iad a phlé leo. An aontaíonn tú leis/léi?

Gníomhaíocht  5 – Nasc ábhartha eile

  • Seo naisc chuig suíomh idirlín AE ina bhfuil cur síos ar na toghcháin Eorpacha.

Nasc 1
Nasc 2
Nasc 3

  • Éist agus léigh an t-ábhar agus déan iad a phlé le do pháirtí.

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Treoir do thoghcháin na hEorpa…'