‘Scéimh na duibhe’ i mbailiúchán Mhic Fhearghusa, ach is treise solas an ghrá sa saothar

Léirítear in ‘Iarmhairt’ éagsúlacht agus solamar na filíochta atá cumtha ag Pádraig Mac Fhearghusa

‘Scéimh na duibhe’ i mbailiúchán Mhic Fhearghusa, ach is treise solas an ghrá sa saothar

Iarmhairt
Pádraig Mac Fhearghusa
Foilsithe ag LeabharComhar
Clúdach bog, €14

Cloch mhíle ar leith is ea foilsiú Rogha Dánta i saol an fhile, agus le tamall de bhlianta tá sraith tharraingteach dá leithéid á foilsiú ag LeabhairCOMHAR dar teideal Téad na Filíochta. Le blianta beaga anuas foilsíodh saothar le Celia de Fréine, Louis de Paor agus Tadhg Ó Dúshláine – agus a thuilleadh nach iad – mar chuid den tsraith, agus gach aon cheann díobh maisithe agus deartha go slachtmhar, maille le réamhrá ó pheann scoláire. Ní haon eisceacht é Iarmhairt, an leabhar is déanaí sa tsraith seo mar a bhfuil rogha dánta le Pádraig Mac Fhearghusa, ealaín le hiníon an fhile, Aoife, agus réamhrá breá leis an Ollamh Máire Ní Annracháin. Roghnaíonn an file téamaí nó snátha nó téada atá le sonrú san oeuvre agus cuirtear na dánta faoinár mbráid de réir téama. Cur chuige é seo a thugann súil eile dúinn ar shaothar an fhile seachas na dánta a léamh in ord a bhfoilsithe.

Ocht gcinn de bhunchnuasaigh atá foilsithe aige go dtí seo, agus léirítear éagsúlacht agus solamar na filíochta sin in Iarmhairt chomh maith le dánta nua. Dála an Ríordánaigh, tá an fhealsúnacht, an féincheistiú agus ‘scéimh na duibhe’, fiú, sa treis ar uairibh, ach maolaítear na gnéithe sin i ndánta eile sa tslí is gur treise solas an ghrá sa saothar trí chéile. Is iad na téamaí nó na codanna ina mbailítear na dánta ná ‘baois’, ‘gaois’, ‘óige agus muintir’, ‘fá shliabh Mis’, ‘cleachtaí’, agus ‘dánta nua.’ B’ait le duine ‘cleachtaí’ a fheiscint ach ní haon phromhadh pinn atá anseo ach aistriúcháin nó leaganacha de leithéidí Kavafis, Pessoa agus Heine. Is deacair gan cogarnaíl Ríordánúil a chlos in ‘Slua a mhaireann ionainn’ a cumadh i ndiaidh Passoa: ‘Tá níos mó ná anam aonair/ Im’ líon. Is mó mé ionam / Ná mise féin amháin.’ Níl ag cur aithris i leith éinne anseo, ach sílim go bhfaightear léiriú ar an an lé a bhí ag an Ríordánach le filíocht na mór-roinne, chomh maith le léiriú ar an dúil atá ag Mac Fhearghusa féin i litríocht agus i smaointeachas na hEorpa.

An file Pádraig Mac Fhearghusa ag léamh a chuid filíochta. Pic: Sean Ó Mainnin

Más fíor, de réir an idirlín, go mbíonn fir ag machnamh ar Impireacht na Róimhe go minic, d’fhéadfaí a mhaíomh gurb í an tSean-Ghréig a thagann idir Mac Fhearghusa agus codladh na hoíche óir tá tagairtí anseo do Actaeon, Ariadne, Néamasainé, agus eile. Ní dhéanann sé neamairt ar thraidisiún na nGael ach an oiread, agus cloistear guth Chaoilte, goltraí Dhiarmada agus Ghráinne, agus tugtar cuairt ar Chathair Chon Roí.

Don té ar mhian leis dánta aonair a chíoradh, b’fhéidir go gcloisfí macalla de Liam S. Gógan i bhfoirm an dáin ‘Ceimic’ chomh maith le ‘Goltraí Dhiarmada agus Ghráinne’ a luadh thuas. Is léir meas an fhile féin ar an gcnuasach Fá Shliabh Mis (1993) agus tá áit ar leith tuillte ag an leabhar áirithe sin sa Rogha Dánta seo. In ‘Ar an Sliabh’ tá ‘an daonnaí ag gearradh roimis/ Tríd an bhfraoch is aiteann Gaelach’. Tá machnamh anseo sna dánta seo ar an bhfearúlacht, ar an mbanúlacht, ar (éa)dóchas, ar la condition humaine.

Is fiú murar gcreidir féin, cár cás duit

Tamall ag ainliú i measc na mbréithre

A gineadh sa neamhní, is a cheiliúrann

Chun neamhní de dhroim anála.

(‘Filleadh’)

Tá allagar le Dia mar a bheadh monabhar trí shaothar Mhic Fhearghusa agus tá a leithéid le clos fiú sna dánta nua. San am céanna, tá an ‘neamhní’ á iniúchadh trína oeuvre go léir, agus arís eile i ndán fíormhaith a scríobhadh i ndiaidh Heidegger a léamh, ‘Caint san aer’. Tugann Máire Ní Annracháin léargas dúinn ar idirthéacsúlacht na ndánta agus míniú á thabhairt aici ar bhua suaithinseach an fhile seo íomhánna a mhúscailt.

Léargas nach bhfaightear san fhilíocht seo, ach go dtagraíonn Ní Annracháin dó, ná an chomaoin atá curtha ag an bhfile seo ar éiceachóras na litríochta, trína chuid oibre mar eagarthóir ar an iris Feasta a ghríosaigh go leor chun dul i mbun pinn, trí na ceardlanna scríbhneoireachta a reáchtálann sé, agus trína ghníomhaíochas ar son na teanga feadh a shaoil. Sampla den ngné dheireanach ná an bhaint lárnach a bhí aige i mbunú Ghaelscoil Mhic Easmainn, scoil ar fhreastail mé féin uirthi. I ngeall air sin, agus go leor eile, táim faoi chomaoin aige.  Tréaslaím an cnuasach is déanaí seo le Pádraig Mac Fhearghusa agus gura fada buan é.

Fág freagra ar '‘Scéimh na duibhe’ i mbailiúchán Mhic Fhearghusa, ach is treise solas an ghrá sa saothar'