Ná bac an ‘Dia dhuit school’, abair ‘Nach tú!’…

Nó gur tháinig an Lá Breá, ní tharraingíodh muintir Chorca Dhuibhne Dia ná Muire anuas olc ná maith agus iad ag beannú dá chéile

Ná bac an ‘Dia dhuit school’, abair ‘Nach tú!’…

Baineann sé siar as daoine a thagann ag foghlaim Gaolainne sa Ghaeltacht a chloisint ó mo leithéidse, a chaith a hóige sa cheantar, ná beannaíodh éinne lem’ linn dá chéile le ‘Dia dhuit’, gan trácht ar ‘Dia is Muire dhuit’. Caith uaim Naomh Pádraig is Naomh Bríde a chur mar eireaball leis!

Siad na ‘laethanta breátha’ a thug an nós suaithinseach san an dúthaigh, a deirim leo.

Agus sara dtéim ródhomhain sa scéal leo, caithim an lipéad ‘Lá Breá’ a mhíniú dóibh anuas air sin, nath cainte a chruthaíonn ná tarraicíodh muintir Chorca Dhuibhne Dia ná Muire anuas olc ná maith agus iad ag beannú dá chéile ná a’ cur fáilte an dúthaigh roimh stróinséirí.

Ag trácht ar an aimsir a bhíodh na daoine fásta ar fad nuair a bhuailidís le héinne ar an mbóthar fadó, a deirim leo.

‘Lá breá! Tá sé bog! Tá sé cruaigh! Báisteach chugainn. Déanfaidh sé scrabh. Triomóidh sé. Gealfaidh sé…’

Caithim a mhíniú dhóibh chomh maith go dtagadh ‘laethanta breátha’ chugainn ó Chorcaigh is ó Bhleá Cliath, gan trácht ar laethanta breátha ón nGearmáin nó ó Shasana.

Míním dóibh nach aon mhasla é ‘Lá Breá’ a thabhairt ar dhuine. Bhíodh agus bíonn na fáiltí geala roimh a leithéid sa dúthaigh aon uair in aon chor. Chualamar trácht ar dhuine nó beirt sa cheantar a phós ‘Lá breá’….

Agus daoine fásta ag beannú do dhuine óg ar an mbóthar sé a deirtí linn ‘Nách tú!’ [nach tú atá ann?]. Má bhí níos mó ná duine amháin againn le chéile… ‘Nách sibh!’ a deirtí linn.

‘Is mé’ an freagra ar ‘Nách tú’ agus ‘Is sinn’ an freagra ar ‘Nách sibh’.

Nuair a thagadh cab orainn, agus sinn ag fáil ‘smartálta’ b’fhéidir go ndéarfaimis ‘Ní mé! nó ‘Ní sinn!’…le daoine ná raibh eagla orainn rompu!

Ní déarfá le máistreás ná le sagart é, táimse á rá leat. Ní bheifeá chomh coráistiúil san.

Scéal ná cuireann aon iontas mór orm agus an aithne atá agam ar ár gcomharsana Albanacha, ná tarraicíonn lucht na Gàidhlig’ ‘Dia’ anuas olc ná maith agus iad a’ beannú dá chéile.

Go deimhin is ‘diamhasla’ a leithéid a rá sa chomhthéacs san, a mhínigh tidsear (múinteoir) Gàidhlig. agus mé i rang aige le déanaí.

Sin thú fhéin….an beannú nádúrtha acusan. Ar aon dul le ‘Nách tú’ againn fhéin!

Agus an méid sin go léir ráite, tá cailín beag óg ar m’aithne a thugadh an ‘Dia dhuit school’ ar an naíscoil ar a raibh sí a’ freastal go fonnmhar!

Ní nach ionadh, níor cheartaíos í…..

Fág freagra ar 'Ná bac an ‘Dia dhuit school’, abair ‘Nach tú!’…'

  • Eilís Ní Anluain

    Is it yourself (that’s in it)?
    ‘Tis.

  • jpmorley0@gmail.com

    ‘An tú san?’
    ‘Is me (gan síneadh fada) cheana.

  • Fearn

    Ambaiste! Ach muna gcreidim i nDia na haimsire, ná aithne agam ar mo theangmhálaí, cén dóigh a bheannóinn é?

  • Go mbeannuighe Dia duit

    A ghlan-mhalairt de thuiscint a bhí agamsa, tugtar ‘lá breá’s’ ar na foghlaimeoirí cion is gur bheannaigh siad muintir na háite le ‘Lá breá’ gan a bheith in ann mórán eile a rá. Dar ndóigh ní gá go mbeannófaí ‘Dia duit’ go foirmeálta ar dhaoine a raibh an-aithne ag duine orthu agus iad ar chomhchéim sa tsochaí, ball teaghlaigh, comharsa srl go háirithe agus cúis ann bualadh leo roinnt uaireanta sa lá, mar sin ró-úsáid na bhfrásaí sin atá i gceist agat ní foláir. Is cinnte nach mbeannófá stráinséar le ‘Nách tú’ ná le ‘Lá breá’. Is ó na Gaeltachtaí idir bheo agus ghalldaithe a tháinig na frásaí sin agus iliomad tagairtí eile do Dhia, Muire agus na naoimh, gan trácht ar an deabhal, i bhfrásaí beaga a bhfuil an teanga breac leo, frásaí agus beannachtaí a úsáideadh go fiú san Oileánach, Peig, Fiche Bliain ag Fás agus Dialann Phríosúin Sheáin a’ Chóta. Más ea nach maith le Gael-phreisbitéirigh na hAlban ná le haindiachaithe na linne seo, go fiú, a leithéid, ní hionann sin is nach raibh, nach bhfuil is nach mbeidh na frásaí sin in úsáid go forleathan, ní rud ‘school’ é sin ach b’fhéidir ró-úsáid na bhfrásaí.

  • Padraic Harvey

    Cad é an forainm is ansa leat?