Harris chun an gá le tuilleadh cúrsaí Gaeilge a phlé le hinstitiúidí oideachais

Dúirt an tAire Ardoideachais roimhe seo gur leis na hinstitiúidí oideachas féin amháin a bhain ceist na gcúrsaí Gaeilge

Harris chun an gá le tuilleadh cúrsaí Gaeilge a phlé le hinstitiúidí oideachais

Deir an tAire Ardoideachais Simon Harris go bpléifidh sé leis an Údarás um Ard-Oideachas conas is fearr freastal ar an éileamh breise a bheidh sa tseirbhís phoiblí ar chainteoirí líofa Gaeilge amach anseo.

Gealltar sna leasuithe a rinneadh ar an Acht Teanga anuraidh gur Gaeilgeoirí líofa a bheidh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi 2030, ach seo an chéad uair ag Harris glacadh leis go bhfuil dualgas air i leith na sprice sin.

Cuireadh ina leith anuraidh go raibh sé “ag tabhairt an dá mhéar” d’Aire Stáit na Gaeltachta maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn ag an tríú leibhéal.

Dúirt Harris an uair sin gur faoi na hinstitiúidí ardoideachais amháin a bhí sé cinneadh a dhéanamh maidir le cúrsaí nua trí Ghaeilge a chur ar fáil agus go raibh dóthain cúrsaí ann cheana féin chun freastal ar an éileamh a bheadh ar Ghaeilgeoirí faoin reachtaíocht nua.

Ach dúirt an tAire Harris sa Dáil le déanaí go labhródh sé leis an Údarás um Ard-Oideachas agus institiúidí ardoideachais eile faoin reachtaíocht nua.

“Tá meas agam ar neamhspleáchas na n-institiúidí ach bíonn comhráite againn ó am go chéile féachaint cad atá i ndán dúinn ag bun na spéire agus cén obair atá le déanamh againn chun freastal ar riachtanais ár dtíre.

“Caithfidh mé mo mhachnamh a dhéanamh ar conas tabhairt faoi seo ach bheinn sásta labhairt faoi conas obair leis an earnáil seo féachaint cad tá amach romhainn [“ag bun na spéire”] maidir le soláthar cúrsaí Gaeilge i gcomhthéacs na reachtaíochta agus i dtaobh cá bhfuil ár dtriall mar thír ó thaobh ár dteanga oifigiúil agus dúchais.”

D’aontaigh Simon Harris chomh maith gur fiú scagadh a dhéanamh ar mholadh a rinne t-iarchoimisinéir teanga Rónán Ó Domhnaill faoi cheist na hearcaíochta agus an oideachais.

Mhol Ó Domhnaill go ndéanfadh an HEA agus institiúidí ardoideachais siollabas comónta a dhearadh chun dian-oiliúint sa teanga a cheangal leis an bpolaitíocht, an eacnamaíocht, an dlí agus an riarachán poiblí.

Bhí Harris, atá ag déanamh ranganna Gaeilge faoi láthair, ag freagairt ceisteanna a chuir Marc Ó Cathasaigh ón gComhaontas Glas agus Máiréad Farrell ó Shinn Féin air.

Tá ceisteanna á gcur le tamall ag an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív ar cad atá ar siúl ag Simon Harris agus airí eile lena chinntiú go mbainfear sprioc earcaíochta an Rialtais amach. Mhaígh Ó Cuív cheana go raibh neamhaird á déanamh ag Harris ar gheallúintí an Rialtais maidir leis an nGaeilge agus ar an reachtaíocht thug an t-iar-aire stáit Gaeltachta, Jack Chambers, isteach.

“Breathnaíonn sé domsa go bhfuil sé ag tabhairt an dá mhéar dhuit agus go bhfuil sé ag rá leat ‘Bíodh an diabhal ag an Acht, mar Aire, níl mise in ann iachall a chur ar na forais ardoideachais’, rud nach gcreidim, dála an scéil, ar chor ar bith,” a dúirt Ó Cuív leis an iar-aire stáit Jack Chambers anuraidh.

Mhol an t-iar-choimisinéir teanga Rónán Ó Domhnaill anuraidh go mbunófaí clár náisiúnta dianoiliúna nua chun a chinntiú go mbeidh dóthain daoine sa tseirbhís phoiblí amach anseo a bheidh ábalta seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil.

Tá ráite cheana féin chomh maith ag baill Choiste Oireachtais na Gaeilge gur gá cúrsaí nua tríú leibhéal a bhunú láithreach bonn chun go mbeifear in ann sprioc nua an Stáit cur le líon na nGaeilgeoirí sa tseirbhís phoiblí a bhaint amach.

Fág freagra ar 'Harris chun an gá le tuilleadh cúrsaí Gaeilge a phlé le hinstitiúidí oideachais'

  • An Sléibhteoir

    Tá cúrsa Dlí agus Gaeilge i gCorcaigh. Bíonn an dlí bunreachtúil as Gaeilge, ach gach aon ábhar dlí eile as Béarla (rogha Fraincise ann don dlí Eorpach). Bhailigh cúpla scór abhchóidí agus dlíodóirí le Gaeilge líofa ag comhdháil dlí as Gaeilge thall sa Bheilg le déanaí, táim cinnte go bhféadfadh an ollscoil duine acu a fhostú chun modúil dlí eile a mhúineadh do na mic léinn trí Ghaeilge.