‘Gradam Oscar a bhuachan an sprioc atá againn’ – Ardstiúrthóir TG4

Deir Alan Esslemont gurb é mian an stáisiúin gradam Oscar a bhuachan lena bhfadscannáin Ghaeilge nua

‘Gradam Oscar a bhuachan an sprioc atá againn’ – Ardstiúrthóir TG4

Tá ráite ag Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont gurb é mian an stáisiúin gradam Oscar a bhuachan agus nach bhfuil aon chúis nach bhféadfaí déanamh amhlaidh.

Bhí ceannasaí TG4 ag tagairt don scéim ‘Cine 4’, an comhfhiontar idir TG4, Bord Scannán na hÉireann agus an BAI a bhfuil faoi dhá fhadscannán Gaeilge a sholáthar in aghaidh na bliana.

Seoladh Finky, an chéad scannán ó ‘Cine 4’a cuireadh i láthair an phobail, ag Fleadh Scannán na Gaillimhe le déanaí agus tá roinnt scannán eile taifeadta nó le taifeadadh faoin scéim.

Fógraíodh an ceathrú babhta maoinithe de ‘Cine 4’. €1.2 milliún a chuirtear ar fáil do scannán a n-éiríonn leis faoin scéim.

Dar le léirmheastóir Tuairisc.ie gur tús maith le ‘Cine 4’ a bhí i Finky, scéinséir síceolaíoch a thuill moladh as an tsamhlaíocht a bhain leis agus go háirithe as taispeántas an phríomhaisteora, Dara Devaney.

Agus tuilleadh scannán le teacht ó ‘Cine 4’ sa tréimhse amach romhainn, thug Alan Esslemont le fios go bhfuil leathshúil ag stáisiún an ‘Súil Eile’ ar Hollywood agus na gradaim Oscar.

“Beidh na chéad scannáin ónár ‘Cine 4’ sna pictiúrlanna i mbliana agus tá sé ráite againn gurb é an sprioc insroichte againn ná gradam Oscar don scannán is fearr i dteanga iasachta a bhuachan ar son na hÉireann,” arsa Alan Esslemont agus é faoi agallamh ag Irish Tech News.

Dúirt Ardstiúrthóir TG4 go bhfuil an craoltóir ina chuid d’fhís don “dátheangachas folláin” in Éirinn. 

“Cruthaíonn muid stádas don teanga agus cuidíonn muid í a chur os comhair an ghnáthshaoil náisiúnta. Agus rud an-tábhachtach, táimid inár gcuid de thionscal idirnáisiúnta nach gá dó a bheith lonnaithe i mBaile Átha Cliath chun saothrú a chur ar fáil agus chun ábhar closamhairc a chruthú atá chomh maith le rud ar bith ar domhan,” arsa Alan Esslemont.

Fág freagra ar '‘Gradam Oscar a bhuachan an sprioc atá againn’ – Ardstiúrthóir TG4'