Tús maith le Cine 4 a bhuí le ‘Finky’ spleodrach agus taispeántas dochreidte Devaney

Is iomaí éacht atá déanta ag lucht an scannáin Ghaeilge nua Finky, ach is fiú duit a ghabháil chuige mura ndéanfá ach Dara Devaney a fheiceáil

Tús maith le Cine 4 a bhuí le ‘Finky’ spleodrach agus taispeántas dochreidte Devaney

Dara Devaney, an príomhcharachtar i 'Finky'

Finky
Fleadh Scannán na Gaillimhe
Stiúrthóir: Dathaí Keane
Script: Dathaí Keane agus Diarmuid de Faoite
Léiritheoirí: Pierce Boyce, Bríd Seoighe, Eileen Seoighe (Abú Media)
Cliar: Dara Devaney, Ned Dennehy, Diarmuid De Faoite, Fionnuala Gygax, Eoin Geoghegan

Scríofa ag Dathaí Keane agus Diarmuid de Faoite, Léirithe ag Bríd agus Eileen Seoighe agus Pierce Boyce do Abú Media is é Finky an chéad scannán atá feicthe againn ón scéim Cine4 ag TG4, Fís Éireann agus Bord Scannán na hÉireann agus tús maith atá ann.

Scannán spleodrach lán samhlaíochta é seo faoi Mhicí Phincí Ó Foghlú, ceoltóir atá craplaithe ina chorp agus ina intinn, agus é ar a bhionda ag iarraidh éalú ón uafás, ón tromluí, ón gciontacht, ón mbuairt, ón gcinniúint agus thar aon rud eile, uaidh féin.

Ná bac leis an bpopcorn ná na maltesers ar do bhealach isteach murar mian leat do chomharsa sa bpictiúrlann a chaochadh le múisc.

Tuairteanna, timpistí, lascadh, léasadh, fuil, fual, faltanas – is fearr bolg folamh.

Sea, níl aon chártaí poist gleoite as Éirinn – ná as Albain – sa scannán seo.

Bás anabaí, ól, drugaí, círéib, aighneas, uaigneas, aiféala, díth céille, ainnise agus mí-ádh – an scuab a thabhairt don ainnise seo inár dtimpeall is iondúla a dhéantar sa ngnáthshaol, ach crochann Dathaí Keane an brat san aer sa scannán.

Ach tá misneach le fáil i bpurgadóir Mhicí Phincí – an bráithreachas, an cairdeas, an taise agus an greann a léiríonn a chomrádaithe nuair is mó atá an saol ina chiseach.

Chuaigh Eoin Geoghegan as Camas go mór i bhfeidhm orm féin agus é ina dhea-mhéit ag Micí Phincí, Dara Devaney as Muiceannach idir Dhá Sháile. Déanfaidh tú dearmad gur ag scannán atá tú agus nach cuileog sa seanveain thú agus an bheirt seo ag iarraidh ceart a bhaint dá chéile. Tá an script, an t-iompar agus na gothaí chomh compordach nádúrtha sin, agus chuile easpa cúraim agus stuaim dár roinn mé le fir na seanlaethanta riamh á léiriú acu ina n-óige.

Ar chúis éigin nach féidir liom mo mhéar a leagan air inniu, Trainspotting a bhí i mo chloigeann aréir agus an macnas fiáin i nGlaschú ar an scáileán. Ná bac comhtharlúintí ach leaindeálann an bheirt deoraithe-teifeach in áras thall a dtugann a gcuid Gaeilge a bheith istigh dóibh agus fáilte Ghaelach rompu ag an Draoi, Diarmuid de Faoite.

Deirimse leat nach dtitfidh aon néal ort, mar a leithéid de scléip, de dheatach, de chraiceáil agus de cheol ní fheicfidh mórán againn arís.

Is éachtach an obair cheamara agus an soilsiú sa scannán seo, cuirfidh sé meadhrán i do cheann nó tosóidh tú ag léimneach ar an mbord.

Éacht eile a rinneadh sa scannán seo an Ghaeilge a chur i lár an aicsin go nádúrtha gan cás ná leithscéal agus tá ceacht iontach le foghlaim uaidh sin ag dreamanna eile san earnáil. Agus na deoraithe i gcomhluadar leathbhádóirí an draoi, tagann Gàidhlig na hAlban agus Gaeilge na tíre seo le chéile chomh nádúrtha gur ar éigean a thabharfá suntas dó.  Tá radharc iontach i dteach ósta in Albain agus an dá chanúint Ghaeilge á labhairt agus Béarlú á dhéanamh ar an gcomhrá ag gealtcheannaire an tsorcais dá dhrong raibiléirí – máistir-rang ateangaireachta.

Goirt go maith atá an saol ag aon bhean nach draoi í sa scannán seo – baintreach chaochta, iníon chloíte chineálta, cúntóir lách ospidéil gan údarás agus iad ag cur an tsaoil díobh ag ól, ag ithe agus ag cniotáil.

Is mór an cháil a tharraing Daniel Day-Lewis as a Christy Brown, ach is fiú duit a ghabháil go dtí Finky mura ndéanfá ach Dara Devaney a fheiceáil. A éadan tnáite lom, a pheiríocha greanta ina shúile, an ceol á phlúchadh ag tuairt an chairr in aghaidh an ghasúirín, an fhuil, na deora agus an t-allas agus gan aon éalú aige ó thaibhse an ghasúirín chéanna.

Ní fhaca mé a leithéid de léiriú ó aisteoir riamh agus ní ghabhfainn ina bhróga ar ór an tsaoil.

Thiocfainn féin le níos lú fola agus tuairteanna cloigne faoin talamh, ach cé a dúirt liom gur féidir éalú ón tubaiste, fiú i ndomhan na scannán?

Scannán glé mhaith – is fiú ann Cine 4 más linn an scannánaíocht a chur chun cinn sa nGaeilge. Níl aon easpa scileanna léirithe, soilsithe, ceoil, eagarthóireachta ná aisteoireachta orainn is léir.

Fág freagra ar 'Tús maith le Cine 4 a bhuí le ‘Finky’ spleodrach agus taispeántas dochreidte Devaney'