Gradam All-Star agus an tux sa mhála ag Will O’Donoghue roimh dhul chun catha i gcoinne Bhaile Gunnair

Imreofar babhtaí leathcheannais Chraobh Shinsir Iomána na Mumhan amárach agus cluiche mór againn idir na Piarsaigh agus Baile Gunnair, dhá fhoireann a bhfuil sean-aithne acu ar a chéile

Gradam All-Star agus an tux sa mhála ag Will O’Donoghue roimh dhul chun catha i gcoinne Bhaile Gunnair

Tá spraoi na hoíche aréir thart (nó an bhfuil sé?) do na himreoirí a bhí san RDS do na gradaim All-Star 2023. Comhghairdeas leis na himreoirí iontacha go léir a chuireann an t-uafás ama isteach ina spórt.

Mar a bhí le tamall de bhlianta anois, is iad fir Luimnigh a fuair an méid is mó gradam agus seachtar díobh ar an bhfoireann réaltaí. Seo an dara bliain as a chéile gur tugadh na gradaim go léir d’imreoirí as an gceithre fhoireann a bhain babhtaí leathcheannais na hÉireann amach agus bronnadh a seachtú gradam ar TJ Reid.

Fear amháin nach raibh in ann ceiliúradh mór a dhéanamh oíche Dé hAoine ná Will O’Donoghue, a bhuaigh an gradam den dara huair i mbliana, ach a bheidh ag dul chun páirce i gcluiche mór amárach nuair a thabharfaidh a chumann, Na Piarsaigh, aghaidh ar Bhaile Gunnair i bPáirc na nGael. Tá na fir as na Déise mar rogha na coitiantachta chun Craobh na hÉireann a bhuachan den dara huair, rud a chiallaíonn ar ndóigh go gceaptar go mbuafaidh siad an cluiche seo amárach.

Ní bhíonn Baile Gunnair iontach i gcónaí i gCraobh na Mumhan, áfach.

Smaoinigh, tá craobh an chontae buaite acu i bPort Láirge gach bliain le deich mbliana anuas ach, go dtí seo, níl ach trí cinn de Chraobhacha na Mumhan buaite acu. É sin ráite, tá an chraobh buaite acu le dhá bhliain anuas agus sé huaire ar fad a d’éirigh leo cluiche ceannais an chúige a bhaint amach.

Sa tréimhse deich mbliana céanna, tá craobh an chúige buaite ag na Piarsaigh trí huaire freisin agus an gaisce sin déanta den uair dheireanach acu in 2017 nuair a bhuaigh siad ar Bhaile Gunnair i Staid Semple.

Sin an stair ach céard faoi amárach?

Bhuel, tá Baile Gunnair mar rogha na coitiantachta agus é sin tuillte acu. Bhíodar thar barr sa chluiche deireanach i gcoinne na Sáirséalach as Corcaigh.

Anois, d’fhéadfá a rá freisin nach raibh na Sáirséalaigh thar mholadh beirte an lá céanna agus b’fhéidir go bhfuil plé níos doimhne le déanamh faoi chaighdeán na hiomána i gCorcaigh. Ach sa chluiche sin coicís ó shin, bhí Baile Gunnair ina máistrí agus Philip Mahony ag stiúradh ó lár na cosanta agus Patrick Fitzgerald agus Dessie Hutchinson in ard-form, rud a d’fhág rith an ráis leo. Ní raibh mórán comharthaí ann gur chuir an briseadh ocht seachtaine ó dheireadh na craoibhe i bPort Láirge isteach orthu.

Ina gcluiche deireanach, sin é cluiche ceannais Luimnigh in aghaidh Thobar Phádraig ag deireadh na míosa seo caite, bhí na Piarsaigh go maith gan a bheith iontach ach tá mianach iontu agus meascán maith acu d’imreoirí óga agus fir le taithí mhór.

Seo an cúigiú huair a bheidh an dá fhoireann seo ag imirt a chéile in achar ocht mbliana, rud a chiallaíonn go bhfuil sean-aithne acu ar a chéile. Tá cnámh droma láidir ag na Piarsaigh – Shane Dowling sa chúl, Mike Casey mar lánchúlaí agus William O Donoghue ag uimhir a sé. Ansin tá leithéidí Peter Casey, Conor Boylan, Ronan Lynch agus Adrian Breen i measc na dtosaithe acu. Ach tá a macasamhail de shárimreoirí ag Baile Gunnair, agus mar aon le Philip Mahony Hutchinson agus Fitzgerald, tá leithéidí Stephen O’Keefe sa chúl acu chomh maith le fir eile le taithí idirchontae, Barry Coughlan, Pauric Mahony agus Peter Hogan.

Sa chluiche leathcheannais eile i gcúige Mumhan, tá dhá fhoireann againn atá ag iarraidh an cluiche ceannais a bhaint amach den chéad uair riamh, Coill an Daingin as Tiobraid Árann agus Cluain Lára as contae an Chláir. Éireoidh le ceann acu sin a dhéanamh faoi luí na gréine amárach.

Bhí ar Choill an Daingin dhá chluiche dian a imirt i dTiobraid Árann chun craobh an chontae a bhaint ach san athimirt, seachas tréimhse deich nóiméad ina rabhadar leamh go leor, bhíodar thar barr.

Bhí feachtas craoibhe iontach ag Cluain Lára chomh maith agus iad ag dul ó neart go neart. Le John Conlon agus deartháireacha Galvin ag dul go maith, tabharfaidh siad lán an mhála do leaids Thiobraid Árann.

Is deacair léamh a dhéanamh ar an gcluiche seo. Níl aon taithí ag an dá fhoireann seo a bheith ag imirt sa chomórtas agus tá sé deacair comparáid a dhéanamh idir an caighdeán sa dá chontae. Chonaic mé na cluichí ceannais sa dá chontae agus bunaithe ar an fhianaise bheag sin, bheinn ag ceapadh go bhfuil Coill an Daingin ábhairín níos fearr.

Fág freagra ar 'Gradam All-Star agus an tux sa mhála ag Will O’Donoghue roimh dhul chun catha i gcoinne Bhaile Gunnair'