Gradaim nua cheoil curtha ar bun ag Nós

Bronnfaidh an iris stíl mhaireachtála gradaim cheoil ar na ceoltóirí is fearr i saol na Gaeilge ag tús na bliana seo chugainn

gradaim-ar-line-727x1024.jpgBeidh gradaim cheoil á mbronnadh ar an iris stíl mhaireachtála NÓS ar cheoltóirí a bhíonn ag saothrú trí mheán na Gaeilge. D’fhógair foireann na hirise ar a suíomh ar maidin go mbeidh seacht ngradam le bronnadh ag tús na bliana seo chugainn sa Sugar Club i mBaile Átha Cliath.

Bronnfar gradam ar: Amhrán na Bliana; Albam na Bliana; Físeán Ceoil na Bliana; Núíosach na Bliana; Ceoltóir na Bliana (lena n-áireofar bannaí ceoil freisin); Gig Bheo na Bliana agus gradam eile d’amhráin thraidisiúnta athchóirithe.

Glacfar le hainmniúcháin do na rannóga ar fad as seo go dtí an 22 Samhain agus bronnfar na gradaim ag ceolchoirm a bheidh ar siúl sa Sugar Club an 8 Eanáir 2016, áit a mbeidh Rónán Mac Aodha Bhuí, RTÉ Raidió na Gaeltachta, ina aoi speisialta.

Roghnóidh painéal de cúigear moltóirí buaiteoirí na rannóg ar fad ach amháin Gig Bheo na Bliana. Beidh deis ag an bpobal vóta a chaitheamh don Ghig Bheo ab fhearr leo i rith na bliana 2015.

Is iad Fiachna Ó Braonáin, giotáraí agus amhránaí de chuid na Hothouse Flowers; Ben Ó Faoláin, léirmheastóir ceoil NÓS; Lynette Fay, láithreoir raidió agus teilifíse le BBC, TG4 agus eile, Ciarán Ó Meachair, fear cumtha ceoil; agus Barbara Nic Dhonnacha, DJ ó 4FM a bheidh i mbun na moltóireachta do na gradaim.

Cuireadh na gradaim ar bun, a deirtear ar shuíomh NÓS, chun aitheantas a thabhairt don “tábhacht as cuimse [atá] ag baint le ceol úrnua Gaeilge” do thodhchaí na teanga.

Ag scríobh dó san iris, dúirt Tomaí Ó Conghaile, eagarthóir NÓS, go bhfuil an ceol comhaimseartha ina “uirlis riachtanach” ag pobal teanga atá ag iarraidh “todhchaí níos gile a chruthú dó féin”.

Dúirt sé freisin go raibh sé ag súil go spreagfadh na gradaim ceoltóirí eile dul i mbun an cheoil Gaeilge.

Is féidir ainmniúcháin a chur isteach do Ghradaim Cheoil NÓS ar shuíomh na hirise anseo.

Fág freagra ar 'Gradaim nua cheoil curtha ar bun ag Nós'