Go raibh a thuilleadh seónna iontacha Gaeilge mar seo againn…

B’iontach an rud léiriú Gaeilge cumhachtach mothúchánach mar Idir Mise agus Craiceann do Chluaise, a fheiceáil i mBaile Átha Cliath

Go raibh a thuilleadh seónna iontacha Gaeilge mar seo againn…

Tá aistear fada curtha di ag Éirinn, agus a caidreamh le daoine aeracha i gceist. Tugann Idir Mise agus Craiceann do Chluaise muid ar aistear shaol Alan Walpoole. Ó Éirinn dhúnta chúngaigeanta go Londain na saoirse agus ansin ar ais arís go hÉirinn agus muid ag ceiliúradh reifreann ar son comhionannas pósta. Fíorscéal bunaithe ar thaithí Alan a roinn sé le hEoin Mc Evoy agus Ciara Ní É, ón gComharghrúpa Aerach.Aiteach.Gaelach (AAG).

Thaitin an ghné fhírinneach fhaisnéiseach den dráma go mór liom. Braithimid go bhfuil aithne againn ar Alan. Rúin a shaoil á roinnt aige linn, rudaí nach raibh sé in ann a roinnt lena mháthair.

Cé gur fhág srianta Covid gur aistear aonair le cluasáin a bhí i gceist, d’éirigh thar cionn leis an scéalaíocht seo idir eisean is craiceann ár gcluaise. Tá tábhacht ar leith leis an gcomhrá aonair rud a fhágann gur buntáiste seachas a mhalairt an t-eispéireas aonair seo.

Cé gur i gClub Chonradh na Gaeilge a bhí an seó, b’éasca a shamhlú go raibh tú i do shuí i mBleá Cliath na 1980idí, nó i seomra beag uaigneach i Londain. Eagla, fearg, meidhréis, agus cuisle na drúise i mo chluasa.

Bhí na suíomhanna éagsúla mar a bheadh seomraí músaeim ann, stair shóisialta agus stair an duine le léamh trí na nithe a thimpeallaíonn muid. Bhíomar in ann imeacht an ama a mheas de réir mar a d’athraigh an teicneolaíocht agus an faisean.

Tugaimid cluas d’Alan agus é ag caint ar a chaidreamh le hÉirinn agus an tslí gur fhill sé uirthi ar deireadh agus go raibh ríméad air go raibh áit inti don duine aerach Gaelach.

Tá faighte amach ag an Ollamh John Walsh i dtaighde dá chuid go raibh daoine aeracha áirithe ag smaoineamh ar éirí as labhairt na Gaeilge agus gur bhraith cuid acu nach raibh áit ann dóibh i bpobal na teanga. Is léir go bhfuil obair le déanamh fós. Cuid den obair sin iarracht seo AAG agus an réimse imeachtaí a eagraíonn siad.

Is iontach go mbíonn Club Chonradh na Gaeilge ar fáil do chruthaitheoirí na hardchathrach. Mar sin féin bhí uaireanta ann nuair a bhraithfeá go ndéanfadh sé leas an léiriú a bheith i suíomh speisialaithe amharclannaíochta. Bhí srianta diana Covid fós i bhfeidhm ag lucht an Fringe, rud a d’fhág nár oibrigh eilimintí áirithe den léiriú. Ní féidir mórán de bholadh a bhrath (a bhí mar chuid den léiriú) agus púicín ort. Mar sin féin, d’éirigh leis an léiriú bua a dhéanamh de na srianta céanna den chuid ba mhó.

Bhraitheas go raibh comhrá rúnda ag Alan liom. Thuigeas é, na dúshláin agus na deacrachtaí a bhí roimhe, an gliondar agus an chraic a bhraith sé agus é ag bualadh amach sa saol.

Ar deireadh bhí níos mó ar eolas againn faoina shaol ná mar atá ag a mháthair féin. Baineann sé seo casadh eile as teideal agus coincheap an dráma agus chuir sé mé ag smaoineamh arís ar na caidrimh pharashóisialta atá forbartha againn. Go háirithe le scaitheamh anuas. Bheadh suim agam a fheiscint conas mar a d’éireodh le dráma a bhunófaí ar thaifeadtaí focal ar fhocal, seachas ar script. Bheadh sé deacair an smacht céanna a choinneáil ar an scéal ach thiocfadh rudaí spéisiúla as léiriú drámaíochta verbatim.

Chuirfeadh gnéithe áirithe den scéal i gcuimhne duit It’s a Sin, an clár mór-ráchairte ó Channel 4 a tháinig amach ag tús na bliana. An duine ón áit sheanfhaiseanta ag tabhairt aghaidh ar Londain an spraoi, go háirithe.

Baintear úsáid chliste as cruth faoi leith sa seó – an triantán bándearg. Tá sé le feiceáil san ábhar margaíochta, triantán is ea na pointí gur gá seasamh orthu agus tú ag bogadh ó áit go háit, agus triantán bándearg, leis, is ea solas mealltach neoin an chlub oíche. Is láidre arís é nuair a thuigtear bunús an triantáin. Siombail ó Ghearmáin na Naitsithe. Cruth a brúdh ar fhir aeracha. Siombail a ndearnadh athghabháil air níos déanaí, amhail an focal ‘queer’ féin.

Tugtar taobh dorcha na hÉireann chun cuimhne sa seó freisin nuair a luaitear Declan Flynn, fear aerach a dúnmharaíodh i bPáirc Fionnradhairc. Pianbhreith ar fionraí a gearradh ar lucht a mharaithe agus dúirt David Norris faoin gcinneadh sin go bhféadfaí é a thuiscint mar ‘licence to kill’.

Murab ionann agus roinnt de na léirithe atá feicthe againn sa Fringe le tamall de bhlianta anuas, a áiríodh mar léirithe Gaeilge, is ar an gcainteoir líofa Gaeilge a bhí Idir Mise dírithe. Teastaíonn seónna dá leithéid uainn, léirithe a mhíníonn scéal gach cuid de phobal na Gaeilge dúinn, inár dteanga féin.

Tá moladh ag dul don amhránaí Aoife Ní Mhórdha a mheasc leagan de FiIl, Fill a Rún le ceol shintéiseoirí na 1980idí agus don fhoireann a chinntigh go ndeachaigh an slua tríd an léiriú gan tranglam.

Is iontach léiriú cumhachtach mothúchánach mar Idir Mise, a bhfuil úire ann ó thaobh ábhair agus cur i láthair de, a fheiceáil i mBaile Átha Cliath. Tá Gaillimh go mór chun tosaigh ó thaobh dhrámaíocht na Gaeilge le tamall maith anois. Bhí léiriú Cogadh na Saoirse ar fheabhas an tsaoil agus cé go raibh Fiach srianta go maith de bharr cúrsaí Covid is minice léirithe cumasacha Gaeilge i gCathair na dTreabh ná san ardchathair.

Léiríonn an tóir a bhí ar Idir Mise – breis agus 230 ticéad a díoladh – go bhfuil éileamh ann do ghrúpaí eile léirithe úra cruthaitheacha Gaeilge a chur inár láthair. Cé gur éirigh go han-mhaith leis an léiriú seo don duine aonair, táim ag súil go mór le beocht agus bús na drámaíochta nuair a bheidh aisteoirí sa seomra céanna liom arís.

  • Bhí Idir Mise agus Craiceann do Chluaise á léiriú ag Aerach.Aiteach.Gaelach mar chuid d’Fhéile Fringe BHÁC 24–26 Meán Fómhair 2021

Fág freagra ar 'Go raibh a thuilleadh seónna iontacha Gaeilge mar seo againn…'