Go maire an Béarla slán!

FRIOTAL: Mar seo a mheileann muilte an aistriúcháin: raiméis isteach, raiméis amach. Ar son na cúise atá ár gcolúnaí an tseachtain seo - cúis an Bhéarla.

Cartún Machine
LÉARÁID: Tuairisc.ie/CÓS

Dhá ghearán a chluinim thall is abhus faoi Tuairisc.ie (1) go mbíonn barraíocht plé ar chúis na Gaeilge ann agus (2) go mbíonn uaireanta ráitis Bhéarla sna hailt seachas iad a bheith aistrithe nó athfhriotal a bheith curtha orthu.

Ná bíodh sé le rá gur thug mise cluas bhodhar don méid sin: inniu, is mian liom trácht ar chúis an Bhéarla.

Is é is cás liom an droch-Bhéarla a bhíonn, go rómhinic ar fad, i bhfoilseacháin de chuid na seirbhíse poiblí. Ní téarmaí teicniúla ná béarlagair lucht dlí atá mé a rá – má chliseann ar mo leithéidse talamh a dhéanamh de thuarascáil taighde eolaíochta, ní dócha gurb é an t-údar is ciontach leis. Téacsanna atá folamh ó chiall atá mise a mhaíomh, fuis fais den chineál seo: Departments must blend their focus to ensure real outcomes are delivered on the ground.

Bíodh dúil againn ann nó ná bíodh, is faoi scáth an Bhéarla, cuid mhór, a bhíonn an Ghaeilge á saothrú inniu. Ba thrua leat na haistritheoirí a mbítear ag iarraidh orthu brí an bhriollamais seo a thabhairt slán i nGaeilge, agus gan brí ar bith ann an chéad lá riamh. Cén chiall atá le blend their focus? Cén difear atá idir real outcome agus outcome gan aidiacht sna sála air? An bhfuil a leithéid de rud ann agus unreal outcome? Thuigfeá don sclábhaí méarchláir a d’fhógródh in ainm an diabhail é agus a scríobhfadh, ‘Ní mór do Ranna a bhfócas a chumasc agus a chinntiú go soláthrófar fíorthorthaí ar an talamh.’ Mar sin a mheileann muilte an aistriúcháin: raiméis isteach, raiméis amach.

Thiar sna 1940í, thug Státchiste na Breataine cuireadh don scoláire Ernest Gowers treoir agus teagasc a chur ar oifigigh le go seachnóidís feasta an chuid ba mheasa den ‘oifigiúilis’. As an obair sin a tháinig The Plain Words, leabhar a bhí tugtha suas do ‘the choice and arrangement of words in such a way as to get an idea as exactly as possible out of one mind into another.’ Ní fearr rud a dhéanfadh státchóras na tíre seo ná Gowers Éireannach a choimisiúnú a dhéanfadh ár gcuid feidhmeannach a thionlacan amach as caschoill an fhoclachais fholaimh.

Caolseans go ndéanfar beart nuair nach léir do dhaoine fadhb a bheith ann. Ar shuíomh na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, is féidir tabhairt faoi shamplaí de na scrúduithe a úsáidtear le hiarrthóirí a earcú i gcomórtais fostaíochta. Tá páipéar amháin tugtha suas do réasúnaíocht agus loighic agus páipéar eile a bhfuil fadhbanna uimhríochta le fuascailt ann. Stíl scríbhneoireachta? Soiléireacht agus sothuigtheacht? Dhera, fágfaimid na mionrudaí sin faoi na heagarthóirí.

Ag seo thíos freagraí ar an cheist a cuireadh in alt na seachtaine seo caite. Is deacair an ceann is fearr a fháil ar léitheoirí an cholúin seo.

1. An rud is eagal liom a rá liom, bíodh a thús agam féin.

An rud a bhfuil faitíos orm go ndéarfaí liom é, is mise is túisce ba chóir é a rá, i.e. ba cheart do dhuine an fhírinne lom a insint dó féin. 

2. Deineann breacloirgneach earraigh formadach fómhair.

Má chaitheann duine an t-earrach cois tine seachas barr a chur, beidh sé i bhformad/in éad le daoine eile aimsir an fhómhair. 

3. Ní iarrfadh an t-athair an mac sa mbácús, mura mbeadh sé féin roimhe ann.

An míniú a thug Ó Raithile air sin ná gurb ionann do dhuine cuimhneamh ar rud agus a thaispeáint go mbeadh sé in ann a dhéanamh: ‘sás a dhéanta a chuimhnigh air.’  

4. Más le bheith ceirteach duit, bí cruinncheirteach.

Má tá sé i ndán duit giobail a bheith ort, bíodh siad néata. 

– Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.

Fág freagra ar 'Go maire an Béarla slán!'

  • Larry Phelan

    Maith thú a Antain.

    B’fhéidir go bhféadfadh lucht eagarthóireachta Tuairisc aghaidh a thabhairt ar an gcéad ghearán .i. oiread cúiseachais agus a bhíonn ann.

    Cad mar gheall ar aithris a dhéanamh ar ghnás/dhlí na hAoine seo chugainn agus moratorium bheith ar scéalta ‘na cúise’ arú amárach?