Go hifreann nó go Connachta nó go haireacht stáit

Tá Fianna Fáil agus Fine Gael in aon bhun amháin sa deireadh ach tá an freasúra ceart le cur le chéile fós

Go hifreann nó go Connachta nó go haireacht stáit

Daichead a cúig bliain ó shin scríobh mé píosa san Irish Times faoi chúrsaí polaitíochta na tíre. Luaigh mé fear tábhairne as Conamara a bhí ag plé an ábhair cúpla oíche roimhe sin.

Fear a bhí anseo a bhí an-dílis d’Fhine Gael.

“Sa deireadh thiar thall,” a dúirt sé, “níl sa tír ach dhá pháirtí polaitíochta le fírinne, Fine Gael agus Sinn Féin. Níl sna páirtithe eile ach scáilí.”

An Sinn Féin ar a dtugtaí na Stickies a bhí i gceist ag an tábhairneoir sin. Síleadh tamall gurbh iadsan a chuirfeadh athrú mór ar pholaitíocht na hÉireann.

Bhí Fianna Fáil láidir ag an am a ndearna sé an chaint ach cé a déarfadh nach raibh bua na fáistine aige?

Scáile go cinnte is ea Fianna Fáil anois. Is maith a thuigeann Éamon Ó Cuív go bhfuil páirtí a sheanathar i gcontúirt mhór.

Branda cumhachtach is ea Sinn Féin an lae inniu agus sin é a fhágfas Fianna Fáil ar an bhfaraor géar.

Níor éirigh le Mairéad Farrell a suíochán a choinneáil ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ach toghadh ina Teachta Dála í gan stró. Fuair sí tacaíocht láidir i gConamara.

Ní raibh aon aithne uirthi anseo ach thug súnámaí an pháirtí go hard ar an talamh tirim í.

Bean chumasach í a bhfuil aird faoi leith tugtha aici ar an nGaeltacht cheana féin. Tá sí ag déanamh dul chun cinn go sciobtha i Sinn Féin. Féach gurbh í a chuidigh leis an rún go dtoghfaí Mary Lou McDonald ina Taoiseach.

Leanfaidh Mairéad Farrell uirthi ag goid vótaí ó Fhianna Fáil.

Dá n-imeodh Éamon Ó Cuív as an bpolaitíocht ar maidin amárach bheadh Fianna Fáil ina dtrua Mhuire ar fad i gConamara.

Maidir leis an gComhrialtas atá caite le chéile anois ní mórán údar dóchais é do Chonamara ná do na ceantair thuaithe fré chéile.

B’iontach an léiriú a rinne an Teachta Dála Michael Fitzmaurice air sin nuair a thaispeáin sé an léarscáil a léirigh an réimse ollmhór tuaithe atá fágtha gan aire rialtais ar bith.

Rialtas cathrach é seo – Baile Átha Cliath agus Corcaigh. Ní bheidh Aire amháin féin taobh thiar den tSionainn.

“Go hifreann nó go Connachta.” Caint í sin a cuireadh i leith Oilibhéir Cromail. Ní hé a rinne an chaint ach an dream a bhunaigh an tOrd Oráisteach ach murarbh é Cromail a dúirt é sin é a rinne sé.

Tá mo theanga bheag caite agam ag rá gur cheart do na ceantair thuaithe seasamh polaitiúil a dhéanamh. Gluaiseacht nua atá ag teastáil—Conradh na Tuaithe.

Is maith an ceannaire a dhéanfadh Michael Fitzmaurice ar a leithéid de ghluaiseacht. Ba bhreá a labhair sé sa Dáil an lá faoi dheireadh ar son na tuaithe.

Faraor an uair dheireanach a raibh deis aige an beart a dhéanamh tháinig sé faoi anáil Shane Ross. Tá Shane Ross imithe anois agus ní chaoinfidh mórán de mhuintir na tuaithe é.

Níl amhras ar bith nach mbeidh Sinn Féin sa rialtas tar éis an chéad olltoghcháin eile.

Ach ní dhéanfaidh siad astu féin é.

Teastóidh dream nó dhó eile uathu le comhrialtas a chur le chéile.

Sin é an áit a bhféadfadh tábhacht mhór a bheith le Michael Fitzmaurice agus le Conradh na Tuaithe.

D’fhéadfadh an comhrialtas atá againn anois titim as a chéile luath go maith. Má thiteann gheobhaidh Fianna Fáil tuirne Mháire.

Tabhair faoi deara go bhfuil na haireachtaí trioblóideacha acu – tithíocht, sláinte agus oideachas.

Má fhágtar réiteach fhadhb na tithíochta faoi na tiarnaí talún, na forbróirí agus na creach-chistí beidh saol corrach i ndán don Aire Tithíochta Darragh O’Brien.

Má bhíonn othair sínte ar na tralaithe i gcónaí beidh sé chomh maith do Stephen Donnelly an tír a fhágáil.

Má thiteann an Comhrialtas as a chéile tiocfaidh lá Éamoin Uí Chuív aríst.

Tabharfar bata agus bóthar do Mhicheál Martin agus beidh Aireacht ag Ó Cuív.

Dá mbeadh Conradh na Tuaithe istigh sa gcomhrialtas sin bheadh seans eicínt ag pobal tuaithe na hÉireann, ag an té atá sínte ar an tralaí agus ag an lánúin óg atá ag súil le teach.

Fianna Fáil agus Fine Gael a chur le chéile agus freasúra ceart a bhunú, sin í an aidhm a bhí le blianta fada ag an gcuid againn atá ar an eite chlé.

Tá Fianna Fáil agus Fine Gael in aon bhun amháin sa deireadh ach tá an freasúra ceart le cur le chéile fós.

Fág freagra ar 'Go hifreann nó go Connachta nó go haireacht stáit'

  • Eoin O Murchu

    Léargas fíor-chruinn.