GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Contae Mhuineacháin, ceann de sheoda ceilte na hÉireann

Bain sult as réimse gníomhaíochtaí amuigh faoin aer i Muineachán. Idir railíocht a ardaíonn an t-aidréanailín, sheoltóireacht, chadhcáil agus seaschéaslóireacht, is cinnte go bhfuil gníomhaíocht éigin ann a fheileann don uile dhuine, pé spéis agus leibhéal aclaíochta atá acu

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Contae Mhuineacháin, ceann de sheoda ceilte na hÉireann

Tá Contae Mhuineacháin ar cheann de sheoda ceilte na hÉireann. Tar anseo chun tírdhreach beoga a aimsiú – cnoic réidhe, locha a bhíonn ag glioscarnach, coillearnacha úrghlasa agus tailte portaigh atá iontach saibhir ó thaobh an dúlra de, mar aon le seoda oidhreachta agus bailte beaga margaidh lena gcaitear solas ar shaol na tuaithe mar atá i ndáiríre. Is iontach an áit é Muineachán le haghaidh saoire ghairid – níl ann ach turas uair an chloig ó Bhaile Átha Cliath agus Béal Feirste araon.

Bain sult as réimse gníomhaíochtaí amuigh faoin aer i Muineachán. Idir railíocht a ardaíonn an t-aidréanailín, sheoltóireacht, chadhcáil agus seaschéaslóireacht, is cinnte go bhfuil gníomhaíocht éigin ann a fheileann don uile dhuine, pé spéis agus leibhéal aclaíochta atá acu. Téigh ag siúlóireacht i mbratphortaigh Shliabh Beatha i dtuaisceart an chontae nó lean Bealach Mhuineacháin, a uasghrádaíodh le déanaí, trí dhroimníní réchnocach Mhuineacháin Theas, déan cúpla uair an chloig a mheilt ag slatiascaireacht ar Loch Mucnú, téigh ag rothaíocht ar rothar leictreach chun sásamh a bhaint as an tuath a bhainfeadh an anáil díot, nó bain pléisiúr as babhta gailf ag ceann de na cúig chúrsa craobhchomórtais gailf i Muineachán atá álainn agus dúshlánach araon.

Ba i Muineachán a rugadh agus a tógadh an file mór le rá Patrick Kavanagh, agus tá Ionad Patrick Kavanagh i sráidbhaile álainn Inis Caoin, a bhfuil gradaim buaite aige, ar an áit is fearr chun tús a chur le do chuid eachtraí i gContae Mhuineacháin. Is féidir coiscéimeanna an fhile cháiliúil seo a leanúint feadh Chonair Patrick Kavanagh atá 6 ciliméadar ar fhad.

Breathnaigh thart i nGailearaí Lása Charraig Mhachaire Rois chun foghlaim faoin gceird fhíorálainn seo atá á cleachtadh le 200 bliain anuas, ar tarraingíodh aird uirthi i dtosach agus an lucht ríoga á déanamh agus ar choinnigh foireann dhíograiseach ceardaithe mná áitiúla beo í. Ní mór cuairt a thabhairt ar Theach na mBocht i gCarraig Mhachaire Rois freisin, atá ar cheann den líon fíorbheag de thithe na mbocht in Éirinn a athchóiríodh, áit a bhfuil eispéireas nua corraitheach do chuairteoirí ann.

Tá Baile Mhuineacháin an-láidir ó thaobh bia de. Eagraigh cuairt go Páirc Foraoise Ros Mór, an pháirc is mó tóir sa chontae, dar le figiúirí Coillte a eisíodh i mbliana, áit a bhfuil flúirse áiteanna picnice agus go leor conairí dúlra; bí ag faire amach do na fathaigh chónaitheacha, a tógadh le hábhair athshlánaithe.

Tá oidhreacht shaibhir cheoil tíre ag Baile na Lorgan atá i lár an chontae, a dtugtar ‘Nashville na hÉireann’ air. Tabhair cuairt ar dhealbh an laoich Big Tom, bain sult as balla na gceoltóirí clúiteacha, nó téigh ag spaisteoireacht cois cladaigh ag Loch Mucnú.

Is fiú go mór breathnú ar bhaile Chluain Eois, áit a mbeidh tú in ann láithreáin oidhreachta éagsúla a fheiceáil, lena n-áirítear iarsmaí de shaol na manach ón am a chuaigh thart; cuirtear gné eile leis le turas treoraithe fíorúil, lena gcuirtear beocht sna foirgnimh stairiúla. Ná caill amach ar Stórais Chanáil Uladh, áit a bhfuil Músaem Lása Chluain Eois.

Meallfaidh Glasloch thú, a dtugtar an sráidbhaile is áille in Éirinn air, de bharr na sárthaispeántas bláthanna agus na bhfoirgneamh atá mar a bheadh boscaí seacláide ann.

Chun do chuairt ar Mhuineachán a phleanáil agus chun féachaint ar mhargaí agus pacáistí le haghaidh lóistín, téigh chuig monaghantourism.com.

Aimsigh Turasóireacht Mhuineacháin ar na meáin shóisialta @MonaghanTourism.

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Contae Mhuineacháin, ceann de sheoda ceilte na hÉireann'