‘Gliondar an fhómhair inár gcroí’ – sean-nós an bhuailte curtha ina bheathaigh arís

Ba é buaic na hoibre sa bhfómhar ná lá na traiseála agus is boichte sinn mar threibh má scaoilimid i léig sean-nósanna mar é

‘Gliondar an fhómhair inár gcroí’ – sean-nós an bhuailte curtha ina bheathaigh arís

‘An té ná cuireann san earrach, ní bhaineann sa bhfómhar.’

Nuair a bhíodh an gort treafa agus fuirsithe san earrach, ansan a leathadh m’athair an síol lena láimh amach as urlach [urtlach] a bhíodh crochta trasna óna ghuaillibh chun tosaigh, sin mála beag fuaite aige’m mháthair as seana-phaca d’aon ghnó don gcúram agus a d’úsáidí leis chun sciolltáin na bprátaí  a chur an mhí roimhe sin.

Nuair a chímíst an síol ag geamhar go glas aníos as an ithir bhí’s againn go raibh an samhradh chughainn.

Ansan nuair a bhíodh sé ina choill bheag ghlas á luascadh aige’n ngaoth, bhí corplár an tsamhraidh againn agus nuair a chímíst ag aibiú é, ní raibh comhartha níosa fearr nach ag dul uainn a bhí an fómhar.

Nuair a bhí sé go hiomlán aibí ansan agat agus é le clos nuair a bhíodh an ghaoth ag gabháil tríd, bhí gliondar an fhómhair inár gcroíthe agus saghas uaigneas chomh maith mar bhí an samhradh imithe agus le baint an choirce agus an fhéir bhí na laethanta gránna scoile chughainn.

Mar sin fhéin bhí an mhíorúilt tarlaithe, an síol a cuireadh san earrach, bhí sé anois réidh le baint leis an speal nó leis an meaisín tarraicthe ag ár dhá phónaí Neill agus Moll, ceann acu dubh agus ceann acu bán cé’s gurbh iad an t-athair is an mháthair chéanna a bhí acu. Ní hamháin san ach bhí dhá phearsantacht dhifriúla acu chomh maith.

Neill an pónaí dubh séimh cneasta dílis, agus Moll an pónaí dearg, bhí drochmhianach inti siúd mar bhí sí rúnach [oiriúnach] ar ghreim a bhaint asat dá bhfaigheadh sí an deis san ort.

“Dá bhfaighinnse speal ó Shasana, is crann ó Locha Léinn/ Cloch is clár is gainimh air ó dhúichí Néill/Do chuirfinn faobhar ar maidin suas/sheasódh ar feadh na seachtaine/’S bearrtha a bheadh an t-acra le fáinne an lae,” mar a chanadh Muiris Ó Cuínn an t-amhrán ‘An Spealadóir’!

An coirce leagtha a bhailiú leis an láimh ansan chun punainneacha a dhéanamh is a cheangal, á chur ina sheasamh ina stiúcaí [stuca] agus ina dhiaidh san é a bhailiú agus stácaí a dhéanamh as i gcúinne an ghoirt. Dá mbeadh an aimsir id choinnibh agus é ana-fhliuch, ní cheanglaítí in aon chor é ach é a bhailiú agus é a chur ina sheasamh ina stiúcaí ar a dtugtaí ‘seana-mhná’ agus d’fhágtaí mar sin é ag feitheamh le haimsir, pé uair a thiocfadh sí.

B’é buaic na hoibre seo ar fad ná lá na traiseála agus ach a gcímíst ag teacht chughainn an bóthar aniar é [inneall buailte] – trealamh mór diamhaireach ar cheithre roth tarraicthe aige tarracóir – bhíomar oirúnach ar léimeadh amach as ár gcraicne le gliondar croí. Seo leo ag dul chomh fada leis na stácaí, crios mór fada ag dul ón dtarracóir go dtí an dtrasher, duine ar an stáca ag píceáil na bpunann go dtí beirt ar bharra an traisir agus iad ag gearradh an cheangail dos na punainneacha le scian is á gcaitheamh isteach i mbarra mar a ndeineadh an trasher a chúram.

Ar an dtalamh chun tosaigh thagadh an gráinne amach agus isteach i gceithre phaca a bhí crochta ansin chun é a bhailiú agus ar an dtaobh eile thagadh an tuí agus an gráinne bainte dhe, áit a mbeadh beirt eile á bhailiú amach le dhá phíce ag déanamh slí don gcuid eile a bhí le teacht. Thíos fén dtrasher fhéin ansan a thagadh an cátha [an cháith] amach agus ní raibh ansan ach an clúdach a bhí ar an ngráinne fhéin, a caití isteach fés na cearca nó ainmhithe eile chun leaba thirim a thabhairt dóibh.

Dob fhearr an tuí go mór chuige seo áfach mar d’itheadh an stoc chomh maith é agus bhíodh sé breá cluthair thíos fúthu i laethanta is oícheanta fuara an gheimhridh.

Nuair a bhíodh an gráinne ar fad bailithe, tugtaí an mhuileann sa Daingean é agus dheintí min choirce as le tabhairt dos na ba sa gheimhreadh. Go deimhin is minic a deintí arán as agus bhí sláinte san arán san, geallaimse dhuit.

Siad seo na smaointe ar fad a rith liom agus mé thoir sa Mhín Áir in aice le Lios Póil ar thalamh Mhaitiú Ó Grífín ar an ceathrú lá fichead de Lúnasa na bliana seo mar a raibh dhá acra coirce ceangailte i stáca aige le traiseáil. Le Denis Tagney ó Chaisleán na Mainge i gCo. Chiarraí is ea an thrasher céanna. Cheannaigh a athair an meaisín i 1953 ar £850 (punt), airgead trom an uair sin mar is dócha go dtógfá tigh ar an airgead céanna an tráth sin.

Bhíos óg aríst ag féachaint air. Bail ó Dhia is ó Mhuire ar Mhaitiú agus an seana-nós seo a thabhairt thar n-ais mar gur boichte sinn mar dhaoine is mar threibh má scaoilimid i léig ár nósanna luachmhara, saibhre seo a shín ár sinsear chughainn ó ghlúin go glúin, agus in aisce ‘na theannta san mar nár fhoghlaimíodar san é in aon ollscoil.

B’é ollscoil an tsaoil dúinn é an uair sin.

Fág freagra ar '‘Gliondar an fhómhair inár gcroí’ – sean-nós an bhuailte curtha ina bheathaigh arís'

  • Gabriel Rosenstock

    Mo sheasamh ort!
    Gabriel

  • jpmorley0@gmail.com

    Obair dhainséarach leis í don bhfear a bhí in airde ná beadh fios a chúirim aige. Nó mura mbeadh a mheabhair dírithe go hiomlán aige ar an obair a bhí ‘deir lá’ aige. Baineadh leathchois dem úncail in óspairt lá, is cuimhin liom go maith é. Chonaic an fear bocht Murchadh. Bhí ‘sochraid’ againn don leathchois…
    Deireadh sé agus sinn ag gabháil thairis an reilig;
    “Tá leathchois liom curtha ansan thall (san uaigh) agus í ag feitheamh leis an gcuid eile dhíom.” Nár dhiail an ceann é!

  • Carraig53@protonmail.com

    Filíocht ó thús deireadh.