Tá cinneadh déanta ag Comhairle Chontae na Gaillimhe go dtabharfar tús áite do chainteoirí Gaeilge agus tithe sóisialta á ndáileadh sa Ghaeltacht.
Beidh impleachtaí ag an gcinneadh seo d’fhorbairtí tithíochta sóisialta i gConamara. Bhí conspóid le déanaí, mar shampla, maidir le forbairt eastát tithíochta sóisialta de chuid Clúid i mBaile an tSagairt ar an Spidéal, mar a raibh roinnt achrainn faoi cheist na teanga a bheadh ag na daoine a bheadh ag maireachtáil sna tithe nua.
Vótáil comhairleoirí Chomhairle Chontae na Gaillimhe aréir glacadh le Clár Dáilte Tithíochta ina bhfuil coinníoll ann go mbeadh Gaeilge ag daoine a bheadh ag maireachtáil i dtithíocht shóisialta nua sa Ghaeltacht.
Ba é an comhairleoir contae de chuid Fhianna Fáil, Seán Ó Tuairisg, a mhol go mbeadh líofacht áirithe sa Ghaeilge ag daoine sa Ghaeltacht a mbeadh tithe á ndáileadh orthu faoi pholasaí tithíochta sóisialta na Comhairle.
Dúirt Ó Tuairisg gur ar leas na Gaeilge sa Ghaeltacht a bheadh an coinníoll teanga, ar thacaigh gach comhairleoir leis aréir.
Dúirt stiúrthóir seirbhísí na Comhairle Michael Owens, áfach, gurbh fhearr le feidhmeannas na Comhairle go mbeadh ‘solúbthacht’ ann maidir leis an gcoinníoll Gaeltachta sa chlár nua.
Mhaígh an comhairleoir Séamus Walsh nach gcuirfí an coinníoll i bhfeidhm i gcás Bhaile Chláir na Gaillimhe toisc nach í an Ghaeilge príomhtheanga an bhaile sin.
Niall na Naoi bPiontaí
Ní féidir liom a chreidiúint “nach í an Ghaeilge príomhtheanga an bhaile sin”! Ba cheart gurbh í!