Glactha ag an Rialtas le Plean Gníomhaíochta Cúig Bliana na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge

Seolfar an plean gníomhaíochta don Straitéis 20 Bliain in Amharclann Ghaoth Dobhair Dé hAoine seo chugainn

Glactha ag an Rialtas le Plean Gníomhaíochta Cúig Bliana na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge

Glacadh ag cruinniú Rialtais maidin inniu le Plean Gníomhaíochta Cúig Bliana na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Seolfar an plean in Amharclann Ghaoth Dobhair Dé hAoine seo chugainn.

Cuireadh an plean faoi bhráid an Rialtais inniu agus cuirfear faoi bhráid Choiste Comhairleach na Straitéise 20 Bliain é sula seolfar Dé hAoine é.

Mí Iúil na bliana seo caite an chéad sprioc a luadh leis an bPlean Gníomhaíochta Cúig Bliana 2018-2023.

Ba leis an Roinn Oideachais agus an Roinn Leanaí is mó a bhí Roinn na Gaeltachta i mbun plé faoin bplean trasrannach nua agus meastar gurb iad an dá roinn sin is tábhachtaí sa phlean.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo le déanaí beidh straitéis nua i dtaobh earnáil luathoideachas Gaeilge na tíre i measc na mbeartas a fhógrófar sa phlean nua.

Ní mó ná sásta atáthar le tamall leis an easpa dul chun cinn atá á dhéanamh i dtaobh na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus beifear ag súil dá réir go mbeidh spriocanna cinnte sa phlean nua agus spriocdhátaí luaite leo.

Tá amhras mór léirithe ag idir shaineolaithe agus pholaiteoirí an fhreasúra faoi chur chuige an Rialtais i leith na Straitéise 20 Bliain go dtí seo.

Is in Amharclann Ghaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall maidin dé hAoine seo chugainn, an 29 Meitheamh, a sheolfaidh Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh Plean Gníomhaíochta 2018-2023 na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.

Fág freagra ar 'Glactha ag an Rialtas le Plean Gníomhaíochta Cúig Bliana na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge'