An buntáiste do dhuine ar bith i dTuaisceart Éireann í an riail dhíreach ó Westminster? Níorbh fhéidir an cheist a sheachaint ar an Déardaoin nuair a sáraíodh spriocdháta eile d’athnuachan na n-institiúidí i Stormont. Lagaigh an teip an Státrúnaí James Brokenshire a thuilleadh nuair a thairg sé cúpla lá eile cainte do na páirtithe in ionad na n-impleachtaí tromchúiseacha a bhí fógartha aige roimh ré. Ach níorbh eisean amháin a bhí thíos leis.
Ba léir go raibh roinnt san DUP arbh fhearr leo an riail dhíreach faoi, réimeas ina bhfuil stádas speisialta acu ná roinnt na cumhachta sa bhaile. Go deimhin dúirt an t-idirbheartaí Edwin Poots go neamhbhalbh gurbh fhurasta glacadh le riail dhíreach ná an Stormont a bhí á éileamh ag Sinn Féin. Mar sin féin, léirigh imeachtaí i dTeach na dTeachtaí nach fiontar gan chontúirt don DUP é a dtacaíocht do rialtas Theresa May.
Ní foláir nó gur chuir an DUP an riosca san áireamh nuair a shocraigh siad go ndéanfaidís margadh leis na Tóraithe. Chuir siad olc ar oibrithe san earnáil phoiblí nuair a vótáil siad leis na Tóraithe in aghaidh moladh ón Lucht Oibre go gcuirfí deireadh le déine pá.
Drochsheans, áfach, go raibh aon choinne acu leis an gcinneadh faoi ghinmhilleadh. Is iad na hiarmhairtí neamhbheartaithe an baol is mó dóibh agus ceann ríthromchúiseach ab ea an socrú a rinne na Tóraithe faoi bhrú ón Lucht Oibre agus ó roinnt dá bhfeisirí féin.
I bhfianaise na faillí i Stormont san athbhreithniú ar an mbac ar ghinmhilleadh, bhí feachtas ar siúl le tamall chun cóir leighis a sholáthar, saor in aisce ar an NHS, an saorchóras sláinte, do mhná as Tuaisceart Éireann a théann go Sasana le haghaidh ginmhilleadh a fháil.
D’eascair an feachtas as cás inarbh éigean do bhean a bhí torrach dul go Sasana mar nach raibh an féatas inmharthana. Murab ionann agus mná i Sasana a gheobhadh cóir leighis faoin NHS, bhí ar Sarah Ewart dul go clinic seachas go hospidéal, chuig speisialtóirí nach raibh aithne aici orthu agus bhí uirthi féin íoc as an obráid, an taisteal agus an lóistín.
Déardaoin, chinn na Tóraithe go raibh seans maith go nglacfadh móramh sa Pharlaimint le leasú ar óráid na Banríona, an clár reachtaíochta, ag moladh go mbeadh an chóir chéanna ar fáil do mhná as Tuaisceart Éireann i Sasana agus a bhí ag mná thall. Tromluí a bhí anseo don DUP, blas an domlais ar an bpróca mór meala a thugadar abhaile leo níos luaithe sa tseachtain. De réir an mhargaidh a rinne siad leis na Tóraithe chaithfidís vótáil d’óráid na Banríona fiú agus an leasú sin ann; mura ndéanfadh, bheadh an margadh sáraithe agus thitfeadh an rialtas.
Mar chosaint dóibh féin [agus don DUP, seans] shocraigh na Tóraithe go gceadófaí an maoiniú láithreach. Dá bhrí sin tharraing an feisire Stella Creasy, Lucht Oibre siar a moladh. Géarchéim seachanta. Don lá sin.
Ach bhí boladh na fola faighte i Westminster. Mheabhródh sé an chaint i dTeach Laighean faoi nua-pholaitíocht duit. Bhí feisirí i Westminster ag caint ar ‘chumhacht na Parlaiminte’. Thuig an freasúra agus ionadaithe de chuid na dTóraithe atá ar buile faoin ‘margadh beag suarach’ leis an DUP go dtig leo iachall a chur ar Theresa May glacadh le moltaí agus leasuithe ar bhillí, go háirithe más faoi ábhair iad a chothóidh deacrachtaí don DUP. Pósadh comhghnéis, cuir i gcás. Nó Acht Gaeilge? Saol corrach atá i ndán dóibh.
Ach ar an láimh eile de, ní féidir a shéanadh go bhfuil an DUP neartaithe, méadú ar chaiteachas abhus bainte amach acu agus ról acu ar choiste rialtas. Níl an coiste sin baileach chomh húdarásach leis an gComhaireacht ach is beag eatarthu. Bheadh cumhacht ag an DUP cuma Stormont ann nó as. Ní hionann an scéal do Shinn Féin agus na páirtithe eile.
Siombail is ea Acht na Gaeilge. Ar ndóigh tá Acht tábhachtach ann féin mar go bhfuil cosaint reachtúil riachtanach ar aon nós ach tá gá sa bhreis leis i bhfianaise naimhdeas an DUP. Aitheantas ó Aontachtaithe a bheadh ann gur leagan amach bailí is ea an náisiúnachas Éireannach, go bhfuil daoine a dteastaíonn Éire aontaithe uathu comhionann le haontachtaithe mar a leagadh síos i gComhaontú Aoine an Chéasta. Níl brú ar bith ar Shinn Féin filleadh ar Stormont gan an t-aitheantas sin. Go deimhin is é a mhalairt an scéal, a lucht leanta meáite de nár cheart glacadh le rud ar bith ach comhionannas, rialacha imeachta daingne a chinnteodh an comh- mheas agus pionós dá sárófaí é.
Is é is dóichí go ndéanfar socrú ar an Luan, nó go luath ina dhiaidh, go dtabharfar síneadh ama eile do chainteanna, i ndiaidh shéasúr na máirseála. Más é a mhalairt de shocrú é, is í an cheist do Shinn Féin cén tairiscint is lú a ligfeadh dóibh filleadh ar Stormont agus a lucht leanúna a shásamh. Má fhanann siad glan ar Stormont an mbeidh siad ag ligean a maidí le sruth, ag fágáil na cumhachta ag an DUP faoi riail dhíreach nó leathriail dhíreach.
Tá práinn le cinneadh, dar le daoine atá ar liostaí feithimh na n-ospidéal, do lucht an oideachais a mhaíonn go mbeidh bunscoileanna bancbhriste gan mhoill agus dá lán eile. Má tá práinn leis do na polaiteoirí, is maith mar a cheileann an DUP agus Sinn Féin sin.
Fág freagra ar 'Ginmhilleadh? Pósadh comhghnéis? Acht Gaeilge? Saol corrach i ndán don DUP'