Gavin Ralston – ceoltóir agus léiritheoir ar shlí na fírinne

Is beag ceoltóir ná grúpa ceoil sa tír seo nach raibh baint ag Gavin Ralston leo, mar ghiotáraí agus mar léiritheoir. Thug Gavin ceol na muintire i mBaile na bPoc i gCorca Dhuibhne ón mbroinn leis…

Gavin Ralston – ceoltóir agus léiritheoir ar shlí na fírinne

Maidin inné bhásaigh an ceoltóir agus an léiritheoir Gavin Pádraig Ralston in aois a 49 bliain. Bhí Gavin faoi chúram lucht leighis le cúig bliana in iarracht leigheas a fháil ar an ailse phutóige a bhí ag cur as dó. Baile Átha Cliathach ab ea Gavin a bhí ag plé leis an gceol ar feadh a shaoil, agus is maith an seans go raibh an ceol leis sa mbroinn chomh maith. Duine de theaghlach ceolmhar Bheaglaoich as Baile na bPoc i nGaeltacht Chorca Dhuibhne a mháthair agus is dordghiotáraí é a dheartháir Aongus leis na Waterboys. Léiritheoir ceoil ab ea Gavin a raibh a stiúideo féin aige i gcontae Chill Mhantáin.

Oíche Dé Sathairn seo caite bhí oíche cheoil sa Taibhdhearc ‘Gig for Gav’ ag tacú le Gavin agus a theaghlach agus léirigh na ceoltóirí iontacha a bhí ansin a ngean agus a n-ómós dó le scoth an cheoil. Eagraíodh imeachtaí ceoil eile i gCiarraí agus i mBaile Átha Cliath le bliain anuas agus cóir leighis á cur ar Gavin.

Is beag ceoltóir ná grúpa ceoil sa tír seo nach raibh baint ag Gavin leo, mar ghiotáraí ag ceolchoirmeacha ar fud an domhain nó mar léiritheoir; bhí Gavin luaite le breis is 70 albam ar fad. I measc na ngrúpaí a raibh baint aige leo bhí na Waterboys, PictureHouse, Clannad, The Coronas, Bagatelle, The Receipts, Arcady, Beginish, Mary Black, Sharon Shannon, Frankie Gavin & De Dannan, Donal Lunny, Cormac Breathnach, Begley agus Cooney, Máire Bhreathnach agus an Cheolfhoireann Ceol Tíre. D’oibrigh Gavin mar léiritheoir ar ‘A Fond Farewell’, an ceirnín deiridh a rinne Ronnie Drew.

Chuir Gavin ceol ar fáil ag seónna damhsa le Anúna (Riverdance), Celtic Tiger (Michael Flatley), seó flamenco Rubato agus léiriú de ‘Mother Courage’ le Bertolt Brecht.

D’fhoilsigh Gavin leabhar teagaisc, CD agus DVD do Waltons&Melbey i Meiriceá ar sheinm an cheoil thraidisiúnta ar an ngiotár agus bhí sé ina theagascóir le Music Generation agus ar chlár cumadóireachta amhrán IMRO.

Gaeilgeoir ab ea Gavin a fuair a chuid oideachais dara leibhéal i gColáiste Mhuire, a bhíodh i gCearnóg Pharnell an tráth sin. Fágann Gavin a bhean chéile Sinéad agus a mbeirt pháistí ina dhiaidh, chomh maith lena mháthair Seosaimhín Ní Bheaglaoich, a dheartháir Aongus, a athair Gavin agus a ghaolta agus a chairde ar fud an domhain. Tá deora a titeam ón spéir i mBaile na bPoc inniu.

Bíodh an ceol a chothaigh agus a mhúnlaigh é ina fheartlaoi ag Gavin uasal an cheoil agus na suáilce “ceol nár chualathas riamh ag píobaire sí, ceol a chuirfeadh na réaltaí ag rince i spéartha na hoíche”.

Fág freagra ar 'Gavin Ralston – ceoltóir agus léiritheoir ar shlí na fírinne'

  • Antaine Ó hÉimhín

    Aireoidh muid uainn é. Suaimhneas síoraí dá anam.

  • Lillis Ó Laoire

    Suaimhneas síoraí do Ghavin.

  • Seán Míchaél ó Donnchadha

    An-chaillteanas, sár fhear ó sár chlann agus cailliúint mhór don cheol Gaelaigh.

  • Sean O Ciobhain

    Comhbhron.
    Carmel agus Sean O Ciobhain