Garda mór Bhaile an Róistigh agus aois nua na nGardaí

Arb aon ábhar iontais é go mbeadh daoine ag imeacht as na Gardaí, nó nach mbeadh na folúntais á líonadh?

Garda mór Bhaile an Róistigh agus aois nua na nGardaí

‘Bhí Garda mór i mBaile an Róistigh’ a deirtear san amhrán An Poc ar Buile.

Scafaire fir a leagadh síos bunrialacha an dlí go maith pras agus go pointeáilte. Is iomaí sin áit a raibh a leathcheann sna blianta a caitheadh. Bhí duine acu i gConamara. Ciarraíoch mór leathan, ligthe, a leagfadh a chloigeann ar an bhfardoras. Bhí bealaí aige leis an dlí a chur i bhfeidhm ag brath ar an ócáid.

Nuair a d’éiríodh leaids óga cineál gaisciúil, ábhailleach nó trodach, théadh Garda mór Chiarraí i muinín chóras dlí bharr na bróige. Cic sa tóin nach ndéanfadh aon dochar fisiciúil mar ní duine mar sin a bhí ann. Ach barr na bróige sa leath deiridh agus ordú, ‘téigh abhaile duit féinig anois agus bíodh béasa ort feasta’.

Ní raibh leaid ar bith ag iarraidh go bhfaigheadh sé cic sa tóin ach níorbh í an ceann fisiciúil ba mhó imní dó. Níorbh ea ach dá gcasfaí leis go bhfuair sé pionós bharr na bróige, bheadh sé ina cheap magaidh. Mar bhí barr na bróige agus an tsíceolaíocht i gceist. Ní raibh tú ag iarraidh, ar chraiceann do chluaise, a bheith i measc an dreama siúd a fuair barr na bróige ón nGarda mór.

Ar ndóigh bheadh Garda mór Bhaile an Róistigh agus Garda Chiarraí dá gceistiú ag Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána [GSOC] na laethanta seo – nó chuile sheans go mbeidís díbeartha as an bhfórsa. Ar ndóigh, ní fiú is gur fórsa é an Garda Síochána feasta. Shocraigh polaiteoirí nach teideal deas é sin in 2023.

Múnlaí eile oibre agus nósanna agus rialacha nua-aimseartha. Mairg a gheobadh locht ar go leor de na hathruithe seo mar tá ré an chic sa tóin thart. Ach an bhfuil an iomarca srianta agus ceannais ar an nGarda atá ar an tsráid anois? An bhfuil na ceangail agus na srianta seo ag cuidiú leis an gcaoi a bhfuil an oiread sin Gardaí ag imeacht as an bpost? Cén bhrí ach ní féidir na folúntais atá ann a líonadh. Sin athrú an-mhór in Éirinn.

Is díol suntais agus spéise iad na hathruithe ar chúrsaí teorainneacha aoise sna Gardaí atá fógartha ag an Aire Dlí agus Cirt, Helen McEntee. Tá athruithe eile fógartha le cúpla bliain nach mbeadh i gclár ná i bhfoirm scaitheamh den saol.

Mar shampla, socraíodh go gcaithfí in aer na seanriachtanais airde agus colainne; chaithfeadh Garda mór Bhaile an Róistigh a bheith cúig troithe agus naoi n-orlaí ar airde, ar a laghad, agus chaithfeadh sé, ar a laghad, a bheith 38 orlach timpeall bhéal a chléibh nuair a chuaigh seisean sna Gardaí. Níl tada mar sin ann anois agus déanta na fírinne sa saol nua seo, tá ciall leis an athrú sin.

Ar an gcéad iarraidh, tá méadú mór colainne ar mhuintir na hÉireann le cúpla glúin; is é cúig troithe agus naoi n-orlaí an mheán-airde ag fir in Éirinn anois agus go leor den ghlúin óg an-dea-dhéanta. Ach níos bunúsaí fós, níltear ag brath ar neart colainne sa bpost mar a bhíodh – agus caithfear a bheith an-airdeallach ag láimhsiú daoine go fisiciúil. Maidir leis na teorainneacha aoise, sin ceist eile.

Tá Helen McEntee ag caint ar earcaíocht le haghaidh na nGardaí a bheith oscailte do dhaoine go mbeidís leathchéad bliain d’aois agus go bhféadfaidís fanacht ar dualgas nó go mbeidís 65 nó b’fhéidir 70.

Breathnaíonn sé – cé go bhfuil cúiseanna eile tugtha síos leis – gur iarracht é seo le dóthain daoine a thabhairt isteach sna Gardaí. Tá an moladh seo á dhéanamh agus géarchéim earcaíochta ann.

Tá fuílleach cineálacha oibre sa tír faoi láthair agus an pá íseal do Ghardaí – go háirithe sna chéad bhlianta seirbhíse – á lua mar na príomhchúiseanna atá leis an lagan atá ar shuim i ngairm an Gharda mar phost. Ach an bhfuil easpa measa ar phost an Gharda agus easpa cosanta do na Gardaí féin sa gcomhaireamh freisin ag roinnt mhaith daoine? Is baolach go bhfuil agus tá neart fianaise acu.

Is minic anois go dtagann scéalta amach faoi Ghardaí a bheith á mbualadh nó á leagan ar an gcosán sna cathracha, go háirithe i mBaile Átha Cliath. Tá scéalta ann faoi dhaoine a bheith ag maslú Gardaí agus ag spochadh as Gardaí, gan fuacht ná faitíos.

Ar ndóigh, tá córas rialaithe ann anois a fhágann go bhfuil seans i bhfad níos láidre ann – ná a bhíodh aimsir Gharda mór Bhaile an Róistigh – go ndéanfaí fiosrúcháin faoi ghníomhaíocht na nGardaí má bhíonn orthu scliúchas a láimhsiú, mar shampla.

Inseofar duit faoi Ghardaí nach dtugann a mbaitíní leo ar dualgas ar chor ar bith anois, ar fhaitíos go mbeadh orthu iad a úsáid! Níl Garda ar bith ag iarraidh an baitín a bhualadh ar dhuine ach tagann an crú ar an tairne amanta. Agus má úsáidtear an baitín beidh an Garda ag freagairt ceisteanna ar feadh i bhfad.

Bheadh sé chomh dóigh céanna nach mbeadh ar an té a tharraing an trioblóid a leath-oiread ceisteanna a fhreagairt. Ar ndóigh, d’fhéadfadh sé freisin go mbeadh dearcadh eile ag an gCúirt ar chás inar chuir na Gardaí go leor dua orthu féin ag iarraidh ciontóir/ciontóirí a smachtú.

Arb aon ábhar iontais é go mbeadh daoine ag imeacht as na Gardaí, nó nach mbeadh na folúntais á líonadh? B’fhéidir go mbeadh Garda mór Bhaile an Róistigh in ann comhairle a chur ar dhaoine, bídís 20 nó 50, agus iad ag cuimhneamh ar a dhul sna Gardaí sa lá atá inniu ann.

Fág freagra ar 'Garda mór Bhaile an Róistigh agus aois nua na nGardaí'

  • jpmorley0@gmail.com

    Ceangal na gcúig gcaol orthu agus iad ag iarraidh smacht a choimeád ar chuile shaghas bast…t, ar mo chuma féin! Is béas liom bheith rí-bhéasach le gardaí i gcónaí go háirithe nuair a stoptar mé. ‘Oifigeach’ a thugaim orthu agus is breá leo é! Le linn na paindéime bhí mé ag tiomáint liom le teann neamhaistir nuair a stop Garda óg amhulcach mé agus dúrt leis;
    “Táim ag iarraidh fanacht laistigh den dlí, a oifigigh!”
    An freagra a thug sé orm:
    “Táimse mar an gcéanna!”
    Phléasc an bheirt againn amach ag gáire agus b’eo liom chun bóthair.