Garbhshíon na gCuach – ní chuirfeadh rabhadh aimsire Met Éireann lá iontais ar ár sinsir

Ag póirseáil dom sa seanchas is beag contae nach bhfuil drochaimsir an Aibreáin luaite ann i mBéarla agus i nGaeilge

Garbhshíon na gCuach – ní chuirfeadh rabhadh aimsire Met Éireann lá iontais ar ár sinsir

Tá Met Éireann ar a mbionda le cúpla lá ag fógairt stolladh gaoithe agus duartan báistí ó cheann ceann an oileáin agus fainic bhuí á cur orainn faoi ghaoth láidir aniar aduaidh agus neart díobhálach 110 ciliméadar san uair le cuid de na siotaí.

Bhí an rabhadh buí i bhfeidhm go dtí a 8.00 pm aréir sa gcuid is mó den oileán, ar muir agus ar tír.

Ar ndóigh ní chuirfeadh an deardan earraigh seo lá iontais ar na sinsir mar gur chuid dá saol garbhshíon [scairbhín] na gcuach, an drochshíon atá againn le cúpla lá.

Ag póirseáil dom i mBailiúchán na Scol is beag contae nach bhfuil drochaimsir an Aibreáin luaite ann i mBéarla agus i nGaeilge. Luann cuid de na gasúir an gharbhshíon leis an Márta, a bhformhór leis an Aibreán agus cuid eile leis an mBealtaine tar éis theacht na cuaiche.

‘Scairbhín na gcuach, is garbh í agus fuar.

Tagann coicís fuar garbh trí seachtaine tar éis lá Bealtaine agus Scairbhín na gCuach a tugtar air,’ a deir Neil Ní Shúilleabháin.

‘Tugtar An Scairbhín ar an am ó lár an Aibreáin go dtí lár na Bealtaine, fuar,’ dar le Criostíona Ní Chobhthaigh.

Bíonn garbhshíon na gcuach ann ón 15 Aibreán go dtí an 15 Bealtaine. Bíonn an aimsir an-gharbh an uair sin. Bíonn gach aoinne i bhfeighil na mbó an dá lá thosaigh d’Aibreán agus an lá deireanach de mhí Márta. Mar sin iad laethanta an rí. Cheap na daoine fadó gur thóg an rí ceann des na ba na trí lá sin,’ a bhí ag Micheál Ua Conchubhair.

Dúirt Kate Hasting as Maigh Eo go mbeadh moill trí lá ar ál de bharr na cuaiche agus an drochaimsir nó an gharbhshíon a thugadh sí léi.

Sgairbhín na gCuach ‘fliuch agus fuar’ a deir Cáit Ní Dhrisceoil. ‘Bíonn na laethanta seo ann timpeall leis an aonú lá déag de mhí na Bealtaine.’

An choicís deiridh den Mhárta agus an chéad choicís den Aibreán a thagann an gharbhshíon, dar le Breda McCarthy. Am trioblóideach é ag feirmeoirí, a deir sí, mar ‘at that time the cows go in the bogs’.

‘Bíonn Garbhshíon na gCuach againn gach bliain. An t-am a thagas an chuach is ea é agus bíonn sé an-fhuar.’

‘Tá trí lá i ndeireadh an Aibreáin agus tugtar trí lá ghairbhín na gcuach orthu mar tagann ceathanna sneachta thart ar an am a dtagann an chuach,’ a bhí ag Bríghid Ní Chonghaola.

Fág freagra ar 'Garbhshíon na gCuach – ní chuirfeadh rabhadh aimsire Met Éireann lá iontais ar ár sinsir'

  • Máire B

    Gabhaim bui0chas leat a Mháire, alt deas.

  • Pat Butler

    An mar an gcéanna iad Garbhshíon na gCuach agus Laethanta na Bó Riabhaigh?