Gan aon stad leis an iomáint ná leis an gconspóid

Is beag briseadh atá ag na himreoirí idirchontae leis an bhféilire atá á úsáid ag CLG

Gan aon stad leis an iomáint ná leis an gconspóid

Pictiúr: ©INPHO/James Crombie

De ghnáth, bíonn conspóid éigin i gCumann Lúthchleas Gael nuair a bhíonn cúrsaí sách ciúin ar pháirc na himeartha. Roimh an Nollaig, bhí an comhlacht GAAGO ag cur tinnis ar leantóirí na gcluichí Gaelacha agus iad ag fógairt go mbeadh cuid mhaith cluichí taobh thiar den bhalla íocaíochta i mbliana.

Ansin coicís ó shin, caitheadh sop ag na leantóirí agus iad ag rá go mbeadh roinnt mhaith de na cluichí sin saor in aisce. Is dócha go mbeidh níos mó ar na meáin faoi ach tuigimid go léir go bhfuil an ‘balla íocaíochta’ seo linn anois agus go mbeidh sé ag fanacht.

Anseo i gCorcaigh le seachtain nó dhó tá fadhb eile ár gcrá agus sin an díospóireacht faoi chearta ainmniúcháin Pháirc Uí Chaoimh. D’fhógair Príomhfheidhmeannach bhord an chontae, Caoimhín Ó Donnabháin, go raibh sé i gceist SuperValu Park a thabhairt ar an staid stairiúil ar feadh tréimhse trí bliana. Dúradh go mbeadh tuairim is milliúin euro i gceist leis an urraíocht, airgead atá ag teastáil go géar ón mbord.

Ach ní raibh cuid mhaith de mhuintir Chorcaí róshásta leis an bhfógra sin agus bhí an t-uafás faoi ar na meáin ar feadh roinnt laethanta. Léirigh an Tánaiste Micheál Ó Máirtín a mhíshásamh leis an bplean i ngiolc a scríobh sé. De réir scéil, bhí cuid mhaith míshástachta ag an gcéad chruinniú den bhliain ag bord an chontae i ndiaidh an fhógra agus formhór na dtoscairí i bhfabhar SuperValu Páirc Uí Chaoimh a bheith mar ainm ar an staid. De réir na dtuairiscí, beidh tuilleadh comhráite idir an bord agus SuperValu agus súil againn go dtiocfaidh réiteach sásúil as don dá dhream.

Ar an bpáirc imeartha, cad é mar chluiche ceannais a bhí againn i gCraobh Shinsir na gClubanna le gairid. Bhí sé lán d’eachtraí, bhí sé dian agus bhí sé idir dhá cheann na meá go dtí an scór míorúilteach a fuair Éanna Burke do Naomh Tomás ag fíordheireadh na himeartha.

Bhí cúis ghearáin faoin réiteoir ag an dá thaobh ach ag an deireadh thóg sé ruainne draíochta chun na foirne a scaradh óna chéile.

Chonaiceamar ardtaispeántais ó imreoirí ar an dá thaobh ach is fiú muintir Burke a lua. Bhí David ag teacht ar ais ó dhrochghortú ach d’imir an-chluiche agus trí chúilín aimsithe aige ó lár na páirce. Fuair a dheartháir Éanna cúilín an bhua agus bhí beirt eile, Darragh agus Cathal, ag imirt freisin agus deartháir eile leo, Kenneth, a bhí ina bhainisteoir ar an bhfoireann speisialta seo.

Bhí seansanna ag Gaeil Uí Lochlainn agus fear sa bhreis acu don chuid is mó den dara leath, bhíothas ag súil le níos mó uathu i ndáiríre.

Dar ndóigh, tá cuid mhaith iománaíochta ar siúl na laethanta seo. Tháinig deireadh leis na comórtais réamhshraithe agus an ceann is fearr faighte ag Loch Garman ar Ghaillimh i gcluiche ceannais Chorn an Bhreathnaigh, ach tá na comórtais tríú leibhéal faoi lán seoil i láthair na huaire chomh maith. Tá an t-uafás brú ar na himreoirí óga atá ag iarraidh an dá thrá sin a fhreastal, mar aon le cúpla trá eile freisin. Is beag briseadh atá ag na himreoirí idirchontae leis an bhféilire atá á úsáid ag CLG.

Tá cuid mhaith diantraenála déanta ag na leaids idirchontae agus na cluichí sraithe ar tí tosnú an deireadh seachtaine seo chugainn. Mar atá scríte agam go mion minic le tamall de bhlianta anois, níl san fheachtas sraithe ach ullmhúchán don chomórtas craoibhe. Ní dóigh liom go bhfuil aon mheas in aon chor ar bhonn sraithe na laethanta seo agus is fíor-annamh a fhaigheann aon imreoir gradam All Star bunaithe ar a thaispeántais i rith an earraigh.

Tá sé in am, b’fhéidir, duais shubstaintiúil a thabhairt do bhuaiteoirí na sraithe.

 

Fág freagra ar 'Gan aon stad leis an iomáint ná leis an gconspóid'

  • jpmorley0@gmail.com

    Cad faoi chaighdeán na hiomána, agus an níocháin intinne a dhéantar ar imreoirí an lae inniu sna druileanna agus sa traenáil ó láimh go láimh go láinh gan stad? An mbíonn éinne ag smaoineamh lasmuigh den mbosca, gan aon iománaí beo ábalta nó sásta tarraingt san aer nó feadh na talún ar an sliotar? An mó seans ar chúl a théann i bhfaighid ar iománaithe toisc nach bhfuil an scil sin acu .i. tarraingt ar an sliotar? An gcuimhníonn siad air fiú? An dtagann sé isteach ina gceann go sábhálfaidís an leath-shoicind urthábhachtach breise sin a thabharfadh seans ar chúl dóibh?
    Féach an scenario seo leanas;
    Tá imreoir tamall amach ón mbáire, tagann an sliotar isteach chuige, tugann sé faoina dh’ardach ina lapa, casadh i dtreo an chúil agus é bhualadh ach anois tá beirthe amuigh air mar tá beirt/triúr sa mhullach air á phlúchadh agus á stolladh agus leánn a sheans air. Cá minic a fheictear an scenario sin? I ngach cluiche?
    Cad faoin dá rogha eile…
    1. Tarraingt air i gcéaduair
    2. É dh’ardach agus é bhualadh d’urchar ón gcamán ach GAN é ghabháil ina láimh!
    Ní cuimhin liom ceachtar den dá scil sin a fheiceáil in aon chluiche iomána le fada an lá. Chífeá uaireanta fós sa chamógaíocht é ach beidh na gurus agus na saineolaithe ar a míle dícheall a d’iarraidh an scil sin a mhúchadh sna cailíní amach anseo chomh maith, táim deimhin ceart de.