Gan aon chinneadh déanta ag an Rialtas go fóill faoi chuan domhainfharraige a fhorbairt i gConamara

Ardaíodh scéal Chalafort Ros an Mhí sa Dáil inné agus dúirt an tAire Mara go raibh €100,000 eile ceadaithe do chuan domhainfharraige ansin a fhiosrú tuilleadh

Gan aon chinneadh déanta ag an Rialtas go fóill faoi chuan domhainfharraige a fhorbairt i gConamara

Tá ráite ag Teachta Dála do Ghaillimh Thiar go bhfuil sé “práinneach” go ndéanfadh an Rialtas soiléiriú ar a bhfuil i ndán do Chalafort Ros an Mhíl.

Tá trí bliana ann ó tugadh cead pleanála le cuan domhainfharraige a fhorbairt i Ros an Mhíl ach níl aon chinneadh déanta ag an Rialtas go fóill maidir le dul ar aghaidh leis an togra.

Agus í ag labhairt sa Dáil inné, dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly go raibh sé in am ag an Rialtas gealltanas a thabhairt i dtaobh na hoibre agus spriocdháta a leagan síos maidir le cén uair a bheadh sí curtha i gcrích.

Dúirt sí go raibh sé leagtha amach in anailís costais is tairbhe a rinne Roinn na Mara a fhiúntaí is a bheadh an cuan domhainfharraige don cheantar. 

Fuair Roinn na Mara an tuarascáil sin i Meitheamh 2017 ach níor cuireadh os comhair an phobail í go dtí Meitheamh 2020 tar éis do Kevin O’Hara ó Pháirtí Shinn Féin achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir Faisnéise.

Cháin Catherine Connolly an mhoill a bhí leis an togra go dtí seo agus dúirt sí go raibh “gá práinneach le soiléireacht ó thaobh buiséid de”.

Tá sé ráite ag Coiste Tacaíochta Chalafort Ros an Mhíl go mbeadh €19.5m ag teastáil chun an obair a dhéanamh, ach dúirt an tAire Mara Charlie McConalogue sa Dáil inniu go bhféadfadh go gcosnódh an togra €29 milliún.

Dúirt sé nach raibh aon chinneadh déanta go fóill maidir le dul ar aghaidh leis an obair le cuan domhainfharraige a fhorbairt agus go mbeadh aon chinneadh ag brath ar an maoiniú a bheadh ar fáil.

Thug an tAire McConalogue le fios, áfach, go raibh €100,000 ceadaithe aige chun an tairbhe “ a bhainfeadh leis an togra a fhiosrú tuilleadh. Fógraíodh an mhí seo maoiniú €1m chun oibreacha caipitiúla a chur i gcrích i gCalafort Ros an Mhíl in 2021.

Rachaidh an cead pleanála atá faighte chun cé 200 méadar a fhorbairt ansin in éag in 2023. Dúirt Teachta Dála eile ó Ghaillimh Thiar an tseachtain seo go raibh imní uirthi nach dtarlódh an fhorbairt ar chor ar bith mura gcuirfí tús léi go “ríluath”.

“Bheadh mé buartha go rachaidh an cead pleanála in éag mura dtosóidh an obair an bhliain seo chugainn,” a dúirt Teachta Mairéad Farrell ó Shinn Féin ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Chuaigh cead pleanála a bhí faighte roimhe seo don togra in éag in 2016.

Tá breis is 20 bliain ann ó beartaíodh den chéad uair cuan domhainfharraige a thógáil i Ros an Mhíl. Níl aon chuan domhainfharraige ar chósta thiar na hÉireann ó fhágfar na Cealla Beaga i nDún na nGall go sroichfear Baile Chaisleáin Bhéarra i gCorcaigh.

Fág freagra ar 'Gan aon chinneadh déanta ag an Rialtas go fóill faoi chuan domhainfharraige a fhorbairt i gConamara'