Gaisce déanta ag O’Donovan agus McCarthy agus bonn óir buaite acu d’Éirinn sa rámhaíocht

Ba iad na hÉireannaigh rogha láidir na coitiantachta tar éis dóibh Craobhacha na hEorpa agus an Domhain a bhuachan le blianta beaga anuas agus bhí siad dosháraithe arís i dTóiceo

Gaisce déanta ag O’Donovan agus McCarthy agus bonn óir buaite acu d’Éirinn sa rámhaíocht

Tá an beart déanta ag Paul O’Donovan agus Fintan McCarthy agus bonn óir tugtha leo acu sa chomórtas rámhaíochta Bád Beirte Éadrom ar maidin.

Ba iad na hÉireannaigh rogha láidir na coitiantachta tar éis dóibh Craobhacha na hEorpa agus an Domhain a bhuachan le blianta beaga anuas agus bhí siad dosháraithe arís ag an leibhéal is airde.

Is é seo an chéad uair d’Éirinn bonn óir a bhuachan sa rámhaíocht sna Cluichí Oilimpeacha agus an deichiú bonn óir riamh atá buaite ag Éirinn ag na Cluichí. Is é an bonn óir an dara bonn atá buaite ag O’Donovan a bhuaigh bonn airgid lena dheartháir Gary sa bhád leis cúig bliana ó shin i Rio.

Cúpla lá iontach a bhí ann do rámhaithe na hÉireann agus bonn cré-umha buaite ag Aifric Keogh, Eimear Lambe, Fiona Murtagh agus Emily Hegarty inné.

Thug foireann na Gearmáine dúshlán na nÉireannach sa rás ceannais ar maidin ach léirigh O’Donovan agus McCarthy a gcumas sa dara cuid den rás chun críochnú 0.86 soicind chun tosaigh ar bheirt na Gearmáine. An Iodáil a thug leo an bonn cré-umha agus iad beagnach ocht soicind chun deiridh ar O’Donovan agus McCarthy.

Fintan McCarthy agus Paul O’Donovan ag ceiliúradh.  ©INPHO/Morgan Treacy

Cé gur chuir na Gearmánaigh an-tús leis an rás, dúirt Paul O’Donovan i ndiaidh na rása nach raibh sé féin ná McCarthy róbhuartha faoin teacht aniar a bhí le déanamh acu.

“Déanann muid an t-am go léir é agus oibríonn sé amach dúinn go hiondúil,” a dúirt O’Donovan le RTÉ.

“Nuair a bhí muid ag breith suas leo, bhí a fhios againn go mbeadh muid in ann coinneáil orainn ag an leibhéal sin.”

D’fhág taispeántais O’Donovan agus McCarthy le cúpla bliain anuas gurbh iad rogha láidir na coitiantachta chun an bonn óir a bhaint ag na Cluichí Oilimpeacha ach dúirt McCarthy nár chuir an brú isteach orthu.

“Bhí mé ag smaoineamh air sin i rith an lae. Bhí mé ar mo shuaimhneas. Bhí sé ait. Go hiondúil, bíonn mé i bhfad níos neirbhísí roimh rásaí.”

Bhí ábhar díomá ann d’Éirinn freisin, áfach, nuair a theip ar Sanita Puspure áit a bhaint amach i rás na mbonn sa chomórtas Bád Aonair. Cé gur bhuaigh Puspure Craobh an Domhain faoi dhó le cúpla bliain anuas, chríochnaigh sí sa chúigiú háit ina rás leathcheannais ar maidin. Bhí uirthi críochnú sa chéad trí háit chun an rás ceannais ‘A’ a bhaint amach. Is sa rás ceannais ‘B’ a bheidh Puspure amárach.

Paul O’Donovan agus Fintan McCarthy  ©INPHO/Morgan Treacy

Fág freagra ar 'Gaisce déanta ag O’Donovan agus McCarthy agus bonn óir buaite acu d’Éirinn sa rámhaíocht'

  • Tash

    Maith thú as an dtuarascáil seo a chuir amach chomh tapaidh.
    Bhiodh náire are RTÉ agus RnaG as a gcuid tuairisciú ar maidin.
    Bhíos ag iarraidh éisteacht leis an rás anso i Manila, ach ní raibh ach ceol ar Radio 1, 2FM agus RnaG freisin.
    Ni raibh sé ar an TV Player ach an oiread, mar gheall are fadhbanna cóipcheart.
    Bhí orm éísteacht leis ar BBC Radio ag an deiridh 🤮