Bonn cré-umha buaite ag beirt bhan Ghaeltachta agus gaisce déanta ag Éirinn sa rámhaíocht

Bhí Aifric Keogh agus Fiona Murtagh ó Ghaeltacht Chonamara mar chuid d’fhoireann ceathrair na hÉireann a chríochnaigh sa tríú háit sa bhabhta ceannais ar maidin

Bonn cré-umha buaite ag beirt bhan Ghaeltachta agus gaisce déanta ag Éirinn sa rámhaíocht

Tá gaisce stairiúil déanta ag beirt bhan Gaeltachta agus iad mar chuid d’fhoireann rámhaíochta na hÉireann a bhuaigh bonn Oilimpeach i dToiceó go moch ar maidin.

Bhí Aifric Keogh agus Fiona Murtagh ó Ghaeltacht Chonamara mar chuid d’fhoireann ceathrair na hÉireann a chríochnaigh sa tríú háit sa bhabhta ceannais. Eimear Lambe ó Bhaile Átha Cliath agus Emily Hegarty ó Chorcaigh a bhí sa bhád le Keogh agus Murtagh.

Bhuaigh bád na hAstráile an bonn óir sa rás agus thug na hÍsiltírigh an bonn airgid leo. Bhí an dá bhád sin chun tosaigh ar an gceithre fhoireann eile ar feadh an ama agus is idir Éirinn, an Bhreatain Mhór agus an tSín a bhí sé don tríú háit.

Bhí na hÉireannaigh sa chúigiú háit tráth sa rás ceannais agus droch-thús déanta ach chríochnaigh siad an-láidir sa 1,000m deireanach chun an bonn cré-umha a thabhairt leo.

©INPHO/Morgan Treacy

Is iad an ceathrar na chéad mhná ón tír seo a bhuaigh bonn Oilimpeacha sa rámhaíocht riamh. Ba é an seo an chéad bonn a bhuaigh foireann na hÉireann ag Cluichí Oilimpeacha 2020 freisin.

“Bhí a fhios againn go raibh muid sách maith chun bonn a bhuachan, an t-aon cheist a bhí ann ná an mbeadh muid in ann é a dhéanamh,” a dúirt Aifric Keogh i ndiaidh an rása agus an ceathrar ag labhairt le RTÉ.

“Bhí sé idir dhá cheann na meá ar feadh tamaillín. Cheap mé ar feadh tamaill go raibh muid chun críochnú sa cheathrú háit, ansin sa chúigú háit,” arsa Keogh, arb as Aill an Phréacháin sna Forbacha di.

“Bhí mé ag breathnú timpeall orm agus cheap mé, ‘ó, a Dhia!’ Bhí a fhios agam go raibh muid ag titim siar ach tá a fhios ag gach duine go bhfuil muid níos láidre sa chiliméadar deireanach.”

“Ní dhearna muid rudaí éasca dúinn féin cinnte ach chreid muid go raibh an mianach ionainn,” a dúirt Fiona Murtagh, arb as Tulaigh Mhic Aodháin i Maigh Cuilinn di.

Níor roghnaíodh Keogh, Murtagh, Lambe agus Hegarty sa bhád le chéile den chéad uair go dtí mí Mhárta na bliana seo agus bhain siad áit amach sna Cluichí Oilimpeacha mí Bealtaine, an seans deireanach a bhí acu áit a fháil i dTóiceo.

Léirigh siad a gcumas níos luaithe i mbliana áfach nuair a bhuaigh siad bonn airgid ag Craobh na hEorpa mí Aibreáin.

Emily Hegarty, Fiona Murtagh, Eimear Lambe agus Aifric Keogh  ©INPHO/Morgan Treacy

 

Fág freagra ar 'Bonn cré-umha buaite ag beirt bhan Ghaeltachta agus gaisce déanta ag Éirinn sa rámhaíocht'