Fógraíodh ar maidin go bhfuil laoch Chiarraí Colm 'Gooch' Cooper ag éirí as an imirt i ndiaidh dó seacht mbliana déag a chaitheamh ag imirt d'fhoirne na Ríochta
D’imir Colm Cooper a chéad chluiche craoibhe do Chiarraí in aghaidh Luimnigh in 2002. INPHO/Lorraine O’Sullivan
Shroich Ciarraí cluiche ceannais na bliana sin agus thug ‘Gooch’ leis a chéad gradam All-Star. Ocht gcinn de ghradaim All-Star ar fad a bhuaigh sé. INPHO/Morgan Treacy
Bhuaigh sé a chéad bhonn uile-Éirinn in 2004 in aghaidh Mhaigh Eo. Bhí sé mar laoch na h-imeartha sa chluiche ceannais. INPHO/Billy Stickland
Bhuaigh Ciarraí agus Cooper Corn Mhic Uidhir arís in 2006 agus 2007. INPHO/Morgan Treacy
Fuair siad an ceann is fearr ar Mhaigh Eo in 2006 agus ar Chorcaigh an bhliain ina dhiaidh sin. INPHO/Morgan Treacy
Cooper agus a chomhghleacaithe ag dul chun páirce i gCraobh na Mumhan in 2007. INPHO/Cathal Noonan
Cooper ag tabhairt faoi chúl i gcluiche ceannais 2007. INPHO/Cathal Noonan
Kevin McGuckin agus Cooper in adharca a chéile. INPHO/Donall Farmer
Fear Chill Áirne ag fáil réidh do chluiche ceannais na sraithe in 2009. INPHO/James Crombie
Cooper ag tabhairt faoi scór i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann in aghaidh Bhaile Átha Cliath in 2009. INPHO/James Crombie
An cic deireanach de chluiche ceannais Chraobh na Mumhan in 2010. D’aimsigh Cooper pointe le go mbeadh comhscór ann. INPHO/Morgan Treacy
Cooper ag fáil réidh do chluiche in 2011. INPHO/James Crombie
Pointe á scóráil aige in aghaidh na Gaillimhe sa tsraith, d’aimsigh Cooper 35-448 do Chiarraí, rud a fhágann ar bharr ord fiúntais na scórála ina chontae é INPHO/James Crombie
Bhí sé ina chaptaen ar Chiarraí nuair a chaill siad cluiche ceannais na hÉireann in aghaidh Bhaile Átha Cliath in 2011. INPHO/James Crombie
Gortaíodh Cooper ag tús 2014 ach bhí sé mar chuid den scuad a bhuaigh Craobh na hÉireann an bhliain chéanna. INPHO/James Crombie
Fuair Baile Átha Cliath an ceann is fearr ar Chiarraí in 2015, an naoú cluiche ceannais inar imir Cooper ann. D’imir sé 85 cluiche craoibhe ar fad. INPHO/Cathal Noonan
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo: