Tá Gaeltacht na Rinne áirithe i measc na ndeich n-áit ‘rúnda’ is áille in Éirinn ag an suíomh Gael-Mheiriceánach IrishCentral. Cuirtear síos in alt a foilsíodh le déanaí ar an mbaile beag Gaeltachta i ndeisceart na tíre mar “áit álainn agus iargúlta”.
“Chuile sheans gur chuala tú trácht ar Chorca Dhuibhne, Gaoth Dobhair agus Conamara, mar áiteanna ina labhraítear an Ghaeilge, ach is í an Rinn, nach bhfuil ach sé mhíle ó Dhún Garbhán i bPort Láirge, an ceantar Gaeltachta is lú in Éirinn, agus is áit álainn agus iargúlta í.
“Is anseo a chloisfidh tú teanga do shinsear ach cuairt a thabhairt ar an mbaile beag agus na sráidbhailte beaga ina thimpeall – tabharfar siar san am thú,” a scríobhadh san alt.
Ar na háiteanna eile a luaitear san alt tá Sléibhte Chuaille i gContae Lú; deisceart Ard Mhacha; Baile an Lígh in Áth Cliath; Sliabh Bladhma i gContae Laoise; lochanna an Chabháin; Gleann Eatharlaí i dTiobraid Árann, Caisleán Bhiorra i gContae Uíbh Fhailí; Ros Mhic Thriúin, i Loch Garman; agus Gleann na Bóinne i gContae na Mí.
Is iris ar líne é IrishCentral a fhoilsíonn ábhar a gcuirfeadh Gael-Mheiriceánaigh spéis ann. Is minic a bhíonn ailt turasóireachta ar an suíomh a chuireann síos ar áiteanna éagsúla ar fud na hÉireann.
Cuireadh síos ar an liosta áirithe seo mar liosta de na háiteanna ‘rúnda’ is fearr sa tír, áiteanna a deirtear nach mbíonn mórán tráchta orthu i ngnáthábhar turasóireachta, agus nach mbíonn mórán tóir, de ghnáth, ag turasóirí orthu.
“Tá a fhios ag gach mac máthar gurb í Éire Tír na Naomh agus nOllamh agus [tá a fhios ag daoine] faoi Leabhar Cheanannais Mhóir, Guinness, Caisleán Bhaile Átha Cliath, gan trácht ar Mhórchuaird Chiarraí agus Aillte an Mhothair, ach céard faoi thuras a thabhairt ar Éirinn na Rún, na háiteanna nach mbíonn mórán turasóirí?” a scríobhadh.
Fág freagra ar 'Gaeltacht na Rinne áirithe i measc na 10 n-áit ‘rúnda’ is áille in Éirinn'