Gaeilgeoir duine de gach cúigear a bheidh sa 34ú Dáil… seo iad go léir

Tá Gaeilge ag 40 den 174 Teachta Dála a bheidh sa chéad Dáil eile, 13 Teachta Dála a toghadh den chéad uair ina measc

Gaeilgeoir duine de gach cúigear a bheidh sa 34ú Dáil… seo iad go léir

Tá Gaeilge ag duine as gach cúigear de na Teachtaí Dála a bheidh sa 34ú Dála.

Tá Gaeilge ag 40 den 174 Teachta Dála a bheidh sa chéad Dáil eile, 12 Teachta Dála a toghadh den chéad uair ina measc.

De réir thaighde Tuairisc, cainteoirí Gaeilge a bheidh in 22.9% de Theachtaí Dála na chéad Dála eile, ardú beag ó 2020 nuair ba Ghaeilgeoirí 21.9% de na daoine a toghadh, nó 35 den 160 Teachta Dála sa 33ú Dáil.

Ag Fianna Fáil atá an líon is mó cainteoirí Gaeilge a toghadh.

Tá Gaeilge ag 18 den 48 Teachta Dála a bheidh ag Fianna Fáil sa 24ú Dáil, ina measc Seán Ó Fearghaíl, ceann comhairle an 33ú Dáil, a bheidh ag filleadh gan toghchán. Fágann sin go bhfuil Gaeilge ag 38% de Theachtaí Dála nuathofa Fhianna Fáil.

Tá Gaeilge ag 12 den 39 Teachta Dála a toghadh do Shinn Féin, nó 31%.

As an dáréag cainteoirí Gaeilge a toghadh ina dTeachtaí Dála den chéad uair, baineann cúigear acu le Fianna Fáil agus cúigear acu le Sinn Féin.

An bheirt eile ná Marie Sherlock ó Pháirtí an Lucht Oibre agus an Teachta Dála neamhspleách Barry Heneghan.

Na cainteoirí Gaeilge a toghadh den chéad uair

Fianna Fáil

  • Catherine Ardagh (FF) – BÁC Theas-Lár
  • Tom Brabazon (FF) – Cuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh
  • John Connolly (FF) – Gaillimh Thiar
  • Shane Moynihan (FF) – Baile Átha Cliath Thiar Meán
  • Naoise Ó Cearúil (FF) – Cill Dara Thuaidh
  • Albert Dolan (FF) – Gaillimh Thoir

Sinn Féin

  • Fionntán Ó Súilleabháin (SF) – Cill Mhantáin-Loch Garman
  • Conor McGuinness (SF) – Port Láirge
  • Shónagh Ní Raghallaigh (SF) – Cill Dara Theas

Fine Gael

  • Barry Ward (FG) – Dún Laoghaire
  • Naoise Ó Muirí (FG)- Cuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh

Páirtí an Lucht Oibre

  • Marie Sherlock (LO) – Baile Átha Cliath Láir

Neamhspleách

  • Barry Heneghan (NS) — Cuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh

Is í an tslat tomhais atá againn do chainteoir líofa Gaeilge sa chás seo ná duine atá ábalta agallamh beo a dhéanamh leis na meáin chraolta Ghaeilge. Tá an liosta bunaithe ar thaighde réamhthoghcháin a rinne Tuairisc.ie i measc iarrthóirí na bpáirtithe agus ar thaighde eile.

Tá Gaeilge ag duine den bheirt a toghadh d’Aontú, a gceannaire Peadar Tóibín.

Níl Gaeilge ag aon duine den 11 Teachta Dála a toghadh do na Daonlathaithe Sóisialta agus d’fhág an slad a rinneadh ar an gComhaontas Glas nach mbeidh aon chainteoir Gaeilge sa Dáil acu.

Chaill triúr den 35 cainteoir Gaeilge a bhí sa Dáil dheireanach a suíocháin san olltoghchán agus ag seasamh don Chomhaontas Glas a bhí an triúr sin go léir, an t-aire Gaeltachta, Catherine Martin, Ossian Smyth agus Marc Ó Cathasaigh.

Tá Gaeilge ag triúr de na teachtaí neamhspleácha a toghadh, Catherine Connolly (NS), Carol Nolan (NS) agus Barry Heneghan.

Ní hionann go leor Gaeilgeoirí a bheith sa Dáil agus go leor Gaeilge a bheith le cloisteáil sa Dáil.

De réir taighde a rinne Tuairisc in 2023 labhraíodh níos mó Gaeilge sa Dáil i dtréimhse dhá uair an chloig le linn Seachtain na Gaeilge ná mar a labhraíodh sna chéad seacht seachtaine de théarma na bliana sin.

Léirigh an taighde sin gur i nGaeilge a bhíonn thart ar 0.7% den chaint uile a dhéantar i nDáil Éireann. Léiríodh freisin gur líon an-bheag Teachtaí a dhéanann formhór na cainte i nGaeilge.

Líon na gcainteoirí Gaeilge a toghadh in 2020
  • Fianna Fáil 11/38 (28.9%)
  • Sinn Féin 8/37 (21.6%)
  • Fine Gael 7/35 (20%)
  • An Comhaontas Glas 3/12 (25%)
  • Páirtí an Lucht Oibre 2/6 (33.3%)
  • Neart le Chéile/Pobal Roimh Bhrabús 1/6 (16.6%)
  • Daonlathaithe Sóisialta 0/5 (0%)
  • Aontú 1/1 (100%)
  • Neamhspleách 2/20 (15%)
  • Iomlán 35/160 (21.9%)

Gaeilgeoirí a chaill a suíocháin
  • Catherine Martin (CG) – Baile Átha Cliath- Ráth an Dúin
  • Ossian Smyth (CG) – Dún Laoghaire
  • Marc Ó Cathasaigh (CG) – Port Láirge

Gaeilgeoirí an 33ú Dáil a d’éirigh as
  • Éamon Ó Cuív (FF) – Gaillimh Thiar
  • Joe McHugh (FG) – Dún na nGall
  • Brendan Griffin (FG) – Ciarraí
  • Fergus O’Dowd (FG) – Lú
  • Michael Creed (FG) – Corcaigh Thiar Thuaidh
  • Leo Varadkar (FG) – Baile Átha Cliath Thiar
  • Brendan Howlin (LO) – Loch Garman
  • *Aodhán Ó Ríordáin (LO) – Cuan Bhaile Átha Cliath
  • Bríd Smith (PsB) – Baile Átha Cliath Theas-Lár
  • *Tofa chuig Parlaimint na hEorpa

Fág freagra ar 'Gaeilgeoir duine de gach cúigear a bheidh sa 34ú Dáil… seo iad go léir'

  • Colette

    Ní athroidh an 20% go bhfuil Gaeilge acu an scéal truamheileach agus scannalach i bPairlimint lán Bhéarl na hÉireann. O.5% den am a bhíonn an Ghaeilge sa Dáil. Is é an Béarla teanga oibre an Oireachtais.
    Is minic Catherine Connolly TD ag gearán faoi sin.
    Mar shampla seo sampla amháin.

    “Dúirt Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, Catherine Connolly gur trua gur gá leithéid Sheachtain na Gaeilge chun labhairt na Gaeilge a spreagadh i dTithe an Oireachtais.

    “…Is mór an trua é go bhfuil gá le seisiún mar seo chun aird a tharraingt ar ár dteanga dhúchais. Léiríonn an gá seo go bhfuil dúshlán mór os ár gcomhair chun labhairt na Gaeilge sa tír seo a normalú, in ainneoin gurb é normalú na teanga croílár na straitéise 20 Bliain.”

    Dúirt Catherine Connolly nár mhór an cheist a chur cén fáth nach labhraíonn leithéidí Brendan Howlin, a bhfuil “neart Gaeilge” aige, an teanga níos minice sa Dáil. Mar a dúirt mo chomhghleacaí, beatha teanga í a labhairt.”
    https://tuairisc.ie/easpa-suime-na-mean-is-cuis-le-heaspa-gaeilge-sa-dail-teachtai-dala/