Easpa suime na meán is cúis le heaspa Gaeilge sa Dáil – Teachtaí Dála

Deir Teachtaí Dála ó na páirtithe go léir nach labhraítear Gaeilge sa Dáil mar nach gcuireann na meáin suim sa mhéad a deirtear i nGaeilge

Easpa suime na meán is cúis le heaspa Gaeilge sa Dáil – Teachtaí Dála

Ní labhraítear móran  Gaeilge i nDáil Éireann toisc nach mbíonn aird ag na meáin ach ar an gcaint a dhéantar i mBéarla.

B’in an tuairim a nocht roinnt mhaith Teachtaí Dála faoin easpa Gaeilge sa Dáil agus cás na teanga á phlé do Sheachtain na Gaeilge.

Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh nach mbíonn focal ar bith dá mbíonn le rá i nGaeilge aige sa Dáil “fiú sna meáin Ghaeilge” agus gur “seanfhadhb í sin”.

“Cuirim mé féin san áireamh nuair a deirim nach bhfuilimid ag úsáid na Gaeilge chomh minic agus is cóir dúinn. B’fhéidir go mbeimid in ann díriú isteach ar cén fáth nach bhfuil níos mó Teachtaí agus Seanadóirí ag úsáid na Gaeilge. Is fíor nach mbíonn na meáin chumarsáide ag éisteacht linn nuair atá an Ghaeilge á labhairt againn.

“Is seanfhadhb í sin. Aon uair a labhraím i nGaeilge, ní fheicim focal ar bith faoi sna meáin, fiú sna meáin Ghaeilge. Nílimid ag úsáid na Gaeilge díreach chun a bheith sna meáin, ach is tubaiste é i gcomhthéacs na srianta ama a bhíonn orainn go mbíonn orainn an Béarla a labhairt chun aird na meán a tharraingt nó a mhealladh inár dtreo.”

Tháinig ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Brendan Howlin leis an méid a bhí le rá ag urlabhraí Gaeilge Shinn Féin.

“Dúirt sé [Aengus Ó Snodaigh] nach mbaineann Teachtaí Dála sa Teach seo deis go minic an Ghaeilge a úsáid, agus dúirt sé chomh maith gurbh é an phríomhchúis atá ann an scéal a bheith amhlaidh ná nach bhfuil mórán suim ag na meáin chumarsáide, go háirithe na nuachtáin, óráidí as Gaeilge a chlúdach.

“Is dóigh liom go bhfuil an ceart aige. [Is féidir linn] a bheith cinnte nach mbeidh mórán scríofa ar an méid a bheidh le rá againn inniu,” a dúirt Howlin.

Dúirt urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Fhianna Fáil Dara Calleary gur léiriú na ráitis faoin teanga Seachtain na Gaeilge féin ar an easpa airde a thugtar de ghnáth ar an teanga.

“Gach bliain, ceapaim go bhfuil an tseachtain seo cosúil leis na fógraí a fheictear gach Nollag faoi cheannach madra. Ní don Nollaig madra ach do gach lá. Níl an Ghaeilge do Sheachtain na Gaeilge amháin, ach do gach seachtain agus gach lá,” arsa Calleary. 

Dúirt Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, Catherine Connolly gur trua gur gá leithéid Sheachtain na Gaeilge chun labhairt na Gaeilge a spreagadh i dTithe an Oireachtais.

“…Is mór an trua é go bhfuil gá le seisiún mar seo chun aird a tharraingt ar ár dteanga dhúchais. Léiríonn an gá seo go bhfuil dúshlán mór os ár gcomhair chun labhairt na Gaeilge sa tír seo a normalú, in ainneoin gurb é normalú na teanga croílár na straitéise 20 Bliain.”

Dúirt Catherine Connolly nár mhór an cheist a chur cén fáth nach labhraíonn leithéidí Brendan Howlin, a bhfuil “neart Gaeilge” aige, an teanga níos minice sa Dáil. Mar a dúirt mo chomhghleacaí, beatha teanga í a labhairt.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách go bhfuil “ardú meanman” ag baint leis an nGaeilge a chloisteáil sa Dáil.

“Tá an fhoireann an-bháúil, go háirithe na maortha, ach ní leor bá ón bhfoireann chun an teanga a chur chun cinn agus í a shábháil. Tá tábhacht ar leith ag baint le húsáid na Gaeilge san fhoirgneamh seo don chuid eile den tír. Tá freagracht orainn dea-shampla a léiriú do mhuintir na hÉireann. Sa chomhthéacs sin feictear dom go bhfuil géarghá tógáil ar an dea-thoil atá sa Teach agus, mar shampla, ranganna Gaeilge a chur ar fáil don fhoireann uilig, ag amanna atá feiliúnach dóibh agus ar leibhéil éagsúla chuí, mar chuid den lá oibre. Tá sin ag teastáil.”

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne gur cheart go mbainfí úsáid níos mó as an nGaeilge i dTithe an Oireachtais “ó cheann ceann na bliana”.

Dúirt Seán Kyne go bhfeictear dó nach mbaineann iriseoirí úsáid córas aistriúcháin na Dála. “Níl a fhios agam. Bhí mé ag breathnú orthu agus ní raibh siad ag baint úsáide as nuair a bhí an Teachta Connolly nó an Teachta Micheál Martin ag caint ar maidin… B’fhéidir go bhfuil an ceart ag gach uile dhuine go gcaithfimid níos mó a dhéanamh ar son na Gaeilge,” arsa Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne.

Ó aimsir bhunú an Stáit i leith is minic ráite ag Teachtaí Dála go labharfaí níos mó Gaeilge sa Dáil dá gcuirfeadh na meáin suim sa mhéid a deirtear i nGaeilge.

Léirigh taighde a rinne Tuairisc.ie anuraidh gur ar éigean go bhfuil aon Ghaeilge á labhairt anois i nDáil Éireann.

De réir an taighde, as an os cionn 2.76 milliún focal a labhraíodh sa Dáil le linn an 38 lá a raibh sí ina suí sa dara leath de 2017, níor labhraíodh ach 14,723 focal i nGaeilge.

D’fhág sin nach raibh i nGaeilge ach leath d’aon faoin gcéad, nó 0.5%, den chaint ar fad a rinneadh i nDáil Éireann le linn an téarma sin, idir an 11 Meán Fómhair agus an 15 Nollaig 2017.

Chomh maith leis sin, léirigh an scagadh a rinne Tuairisc.ie ar gach díospóireacht a bhí sa Dáil le linn an 38 lá seo a raibh an Dáil ina suí gur ar éigean go raibh aon chaint as Gaeilge ann ach amháin an uair fhánach sin go raibh cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta á bplé.

Seachas sin baineann formhór na Gaeilge a labhraítear anois i nDáil Éireann le mionchaint, beannachtaí, focail bhuíochais agus focail chomhbhróin.

Fág freagra ar 'Easpa suime na meán is cúis le heaspa Gaeilge sa Dáil – Teachtaí Dála'

  • Eoin Ó Murchú

    Tá ceart ag údar an ailt seo. Is cuimhin liom roinnt blanta ó shoin nuair nár labhair Trevor Sargeant ach Gaeilge sa Dail ar feadh seisiún iomlán. Cé gur chuir sé coimriú i mBéarla amach dá ndúíirt sé ní bhfuair sé clúdach ar bith, agus thiontaigh se ar ais sa mBéarla ina dhiaidh.
    Bíonn – nó bhíodh – dha sheisiún sa tseachtain de cheisteanna na gceannaire. Nuair a bhí Brian Cowen ina thaoiseach, Mary Coghlan ina thánaiste, Enda Kenny ina cheannaire ar Fhine Gael agus Éamon Gilmore ina cheannaire ar an Lucht Oibre scríobh mé chucu go léir ag moladh go ndeanfaí ceann den dá sheisiún sin as Gaeilge. Thug Coghlan freagra dearfach ar an moladh ach ní socraíodh a leithéid.
    Ar ndoigh, níl Gaeilge ar bith – a bhuíochas sin don choras oideachais – ag formhor na gcómhfhreagraí polaitiúla sa Dáil.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Caithfidh mé a rá gur cuma liom faoin méid Ghaeilge a usáidtear i dTeach Laighin, ach meas agam ag an am céanna ar duine ar bith a úsáideann Gaeilge. Nuair nach bhfuil ach 0.5% den chaint ar fad i nDáil Éireann i nGaeilge, nach bhfuil an locht ar leithéidí Aengus Ó Snodaigh agus Éamon Ó Cuív a roghnaíonn Béarla a usáid go rialta sa Dáil, nuair a fhéadfaidís Gaeilge a usáid. Ní féidir an locht a chur ar na daoine nach Gaeilgeoirí iad go bhfuil a laghad Gaeilge á usáid sa Dáil. Tá an locht ar na daoine le Gaeilge líofa, a roghnaíonn gan í a usáid, cé go bhfuil córas aistriúcháin curtha ar fáil dóibh!

    Gan ach 0.5% den chaint sa Dáil i nGaeilge, sé mo thuairim go mba ceart deireadh a chur leis an gcóras costasach aistriúcháin comhfhuaimeach, ach amháin le linn Seachtain na Gaeilge agus díospóireachtaí faoin nGaeilge/Gaeltacht. Ní fiú a choinneál ann an t-am ar fad ar mhaithe le 0.5% a aistriú! D’fhéadfaí talann na n-aistritheoirí a chur ar fáil i rannóga eile stáit, a mbíonn deacrachtaí móra acu deileál le daoine ar mian leo Gaeilge a usáid leis an státchóras.

  • Béarla teanga an Stáit

    Caite i ngeiteó cúng ag polaiteoirí atá an Ghaeilge agus í á úsáid chun ceisteanna Gaeltachta/Ghaeilge amháin a phlé.

  • alan titley

    Réiteach, nó ar a laghad, múscailt spéise amháin, ná go gcuirfeadh teachta Dála éigin, uair éigin, ceist éigin faoi rud éigin (nach mbaineann le Gaeilge ná le cultúr), nó go ndéanfadh teachta Dála éigin óráid (fhada) éigin faoi rud éigin (nach mbaineann le Gaeilge ná le cultúr), agus go ndéanfaí é sin go paiseanta is go láidir is go borbghlórach (ionas nach ndéanfaí neamhaird air) agus go gcuirfí isteach cúpla nath Béarla nach bhféadfaí neamhaird a dhéanamh orthu I lár na Gaeilge líofa, mar shampla, ‘totally fathead crap’, ‘old windbag basket’, ‘pretty potty pot’, ‘not so much cock-up as cock down’, ‘snivelling little gutbug’ agus is féidir liom a thuilleadh a sholáthar más gá. Dá labhrófaí mar sin, thabharfaí ard-aird ar a mbeadh á rá sa Ghaeilge sa Dáil.

  • Eoghan Ó Néill

    An ceart ag alan titley thuas – sin an dóigh chun suim na n-iriseoirí Anglo a mhuscailt!

  • Eoin Ó Murchú

    Tá Donncha mí-cheart – ní nach íonadh! Bíonn polaiteóirí ag brath, cuid mhaith, ar chlúdach sna meáin le go n-athtoghfaí iad. Cén mhaith labhairt mura mbeidh a fhios ag vótóir ar bith gur labhair tú? Sea, tá coras aistriúcháin ann ach níl sé ar fáil dona hiriseóirí. Toisc nach bhfuil Gaeilge ag na hiriseóirí – seachas an corr dhuine – má labhrann polaiteóir i nGaeilge tá sé nó sí ag cinntiú nach mbeidh aon chlúdach ann insna mór-mheáin.
    Ar an taobh eile, is cóir do dhaoine a bhfuil Gaeilge líofa acu a gcuid óraideacha a dhéanamh i nGaeilge go háirithe más airí rialtais iad. Smaoinigh dá dtabharfadh Piaras Ó Dochartaigh cáinfhaisnéis isteach gan focal Bhéarla uaidh! Bheadh ar na meáin aird a thabhairt air sin, le go mbeidh a fhios acu cé mhéad cánach a bheadh le n-íoc acu!