Gaeilge amháin d’Aire na Gaeltachta agus 20,000 dalta amárach

Aire Stáit na Gaeltachta i measc na ndaoine a ghlac le dúshlán Chonradh na Gaeilge gan ach Gaeilge a labhairt amárach

Gaeilge24 Launch with Joe McHugh2

Gaeilge amháin a labharfaidh Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh amárach agus é i measc na ndaoine atá ag glacadh páirte i ‘Gaeilge 24’ le Conradh na Gaeilge.

Tá 20,000 dalta scoile ó cheann ceann na tíre ag glacadh le dúshlán an Chonartha gan ach Gaeilge a labhairt ar feadh an lae amárach.

Dúirt an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh, gur bealach iontach a bhí ann chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

“Tá mé breá sásta glacadh leis an dúshlán spreagúil seo ó Chonradh na Gaeilge.  Creidim go láidir nach bhfuil bealach níos fearr leis an teanga a fhoghlaim ná í a labhairt,” a dúirt an tAire Stáit.

Dúirt Aodhán Ó Deá, Stiúrthóir Forbartha Chonradh na Gaeilge, gur chun leas ‘Gaeilge 24’ a bhí sé go mbeadh an tAire Stáit ag glacadh páirte ann.

“Tá muid an-sásta gur ghlac an tAire Stáit McHugh leis an dúshlán freisin – táim cinnte go mbainfidh Joe agus an 20,000 duine eile atá ag glacadh páirte i nGaeilge24 i mbliana an-taitneamh agus tairbhe as an nGaeilge a labhairt ar feadh 24 uair a chloig,” a dúirt Aodhán Ó Deá.

Thug Stiúrthóir Forbartha Chonradh na Gaeilge le fios chomh maith go raibh “na mílte t-léine seolta amach go daltaí ar fud an oileáin” le go gcaithfidis amárach iad le haird a tharraingt ar ‘Gaeilge 24’.

Molann Conradh na Gaeilge d’éinne ar spéis leo ‘Gaeilge 24’ súil a choiméad ar Twitter amárach.

“Is fiú #Gaeilge24 a leanúint ar twitter le blaiseadh a fháil ar na daoine éagsúla a bhéas ag glacadh páirte, an tAire Stáit Joe McHugh ina measc.”

 

 

Fág freagra ar 'Gaeilge amháin d’Aire na Gaeltachta agus 20,000 dalta amárach'

  • Ciarán Ó B

    ‘Dúirt an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh, gur bealach iontach a bhí ann chun an Ghaeilge a chur chun cinn.’

    An teangeolaí anois é?

    Céard é seo? An preasráiteas an Aire nó Chonradh na Gaeilge atá ann? Cén fáth nach bhfuil ainm luaite leis?

    • Críostóir Ó Faoláin

      Nach bhfuil ainm Joe McHugh luaite díreach i lár an abairt?

  • Teresa Cassin

    Ceapaim gur smaoineamh iontach í seo. Aontaím leis an Aire Staít go bhfuil an Ghaeilge labhartha an-tábhachtach. Is maith an rud é go bhfuil dalta scoile ag glacadh leis an ndúshlán mar is cleachtadh iontach é ar a gcuid Gaeilge.