Foláireamh Ná hÓl i gConamara – go leor ceisteanna fós le freagairt

Tá go leor ceisteanna ag daoine i nGaeltacht Chonamara ó d’fhógair Uisce Éireann Dé hAoine seo caite nach raibh sé sábháilte uisce chóras an Spidéil a ól

Foláireamh Ná hÓl i gConamara – go leor ceisteanna fós le freagairt

“Níl sé le hól,” a dúirt an fear is é ar a bhealach chuig ceann de shiopaí an Spidéil ag thart ar 1.45 pm sa ló an Aoine seo caite. Ag tagairt don uisce a bhí sé. Ba é a bhí gonta, cruinn agus eolasach, ach má bhí, bhí go leor eile ar an mbaile agus sa gceantar máguaird nach raibh ar an eolas fós faoi céard a bhí ag tarlú maidir le huisce na háite.

Thart ar 20 nóiméad a bhí caite ó tugadh le fios ar Nuacht an Iarthair ar Raidió na Gaeltachta go raibh foláireamh eisithe gan an t-uisce ó sholáthar poiblí an Spidéil a ól, fiú is é fiuchta, toisc go raibh leibhéal ard den mhiotal mangainéis ann. Thart ar 45 nóiméad a bhí caite ó chuir Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Uisce Éireann an ‘Foláireamh Ná hÓl’ ar an gcóras Twitter tar éis dóibh dul i gcomhairle le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE). Tugadh rabhadh freisin gan an t-uisce a úsáid chun bia a ullmhú do leanaí, chun béilí a réiteach ná chun fiacla a níochán.

Ní bhfuair an fhoireann oibre i Scoil Éinne sa Spidéal – Scoil Náisiúnta ar a bhfuil 200 dalta ag freastal – amach faoin gcontúirt go dtí gur chuir duine den phobal iad ar an eolas faoi ag thart ar 1.45pm. Cén chaoi a bhféadfadh siad a bheith ar an eolas? Bhí ranganna faoi lán seoil, ní bheadh an deis ag múinteoirí a bheith ag éisteacht leis an raidió, nó a bheith ag coinneáil súl ar na meáin shóisialta.

Bhí ceithre cinn de ghnóthaí ar a laghad i sráidbhaile an Spidéil nach raibh a fhios acu faoin bhfadhb 45 nóiméad nó mar sin i ndiaidh an rabhaidh. Gnóthaí iad sin uilig a bhíonn ag soláthar bia agus dí ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Cén chaoi a mbeadh a fhios acu? Am lóin a bhí ann agus bhíodar cruógach ag freastal ar a gcuid custaiméirí.

Bhí teaghlaigh sa Spidéal nach raibh ar an eolas ach an oiread an t-am úd. I Leabharlann an Spidéil go gairid tar éis a dó a chlog, bhí bean óg lena beirt ghasúr agus gan aon cheo cloiste ag an mbean faoin leibhéal ard mangainéise san uisce. “Cén chaoi a bhfuil tú in ainm is na rudaí seo a fháil amach mura bhfuil tú ar na meáin shóisialta?” an cheist a bhí aici.

Bhí sé beagnach a trí a chlog sula raibh teaghlach amháin i gceantar Indreabháin, siar ón Spidéal, ar an eolas faoin mangainéis san uisce. Tá gasúir agus duine atá amach sna blianta sa teach sin. Faoi 3.30pm ní raibh aon rud cloiste ag bean sna Forbacha, soir ón Spidéal, faoin bhfadhb leis an uisce. Ní hé chuile dhuine a bhíonn ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta ná le Galway FM, a dúirt sí. Chuaigh sí i dteagmháil le ceathrar eile i gceantar na bhForbacha – deamhan blas a bhí cloiste acusan faoi ach an oiread.

Bhí athair óg i gceantar an Spidéil a bhfuil beirt ghasúir óga aige a bhí ag ól uisce ar feadh an lae agus gan eolas ar bith aige faoin gcontúirt a bhain leis go dtí i ndiaidh 3.30pm. Lá te a bhí ann; bhí gá le huisce.

Le roinnt laethanta roimh an Aoine bhí daoine ag clamhsán faoin dath a bhí ar an uisce sa Spidéal. Scaoileadh go leor uisce as an bpríomhphíopa sa sráidbhaile tráthnóna Dé Céadaoin.

Tuairiscíodh tráthnóna Dé hAoine freisin go raibh Foláireamh Ná hÓl eisithe d’Inis Oírr, foláireamh ar tháinig deireadh leis tráthnóna inné. Is as an soláthar ar an mórthír atá buailte a chuirtear uisce ar fáil don oileán, oileán a raibh ciondáil ar an uisce ann le tamall.

Dúradh freisin ar an nuacht ar an Aoine nach raibh sé cinnte fós cén t-am a mbeadh na tancaeir uisce á gcur ar fáil i gCois Fharraige, ó Bhearna siar. Ní raibh aon chinnteacht ann go mbeadh siad ar fáil an lá sin.

Ach ar Nuacht a Sé ar Raidió na Gaeltachta, tugadh le fios go mbeadh uisce á chur ar fáil sa Spidéal óna seacht ar aghaidh. Tugadh le fios freisin ar an nuacht go mbeadh dhá lá ann sula mbeadh an t-uisce glan arís.

5,676 tomhaltóir, ó Bhearna siar chomh fada le Casla agus Ros an Mhíl a bhí buailte, chomh maith le thart ar 300 eile ar Inis Oírr.

Bhí sé ag tarraingt ar a seacht tráthnóna Dé hAoine nuair a tháinig veain le Comhairle Chontae na Gaillimhe go dtí Seanchéibh an Spidéil le hualach de bhuidéil 2 lítear agus 5 lítear uisce. Go gairid ina dhiaidh sin, tháinig leoraí a bhain le Comhairle Chontae Mhaigh Eo agus tancaer mór uisce ar a chúl. Ba as Tír Oileáin i nGaillimh a tugadh an t-uisce a bhí sa tancaer, a dúradh.

Fágadh trí umar lán le huisce ar an láthair chomh maith. Bhí sé scríofa ar an tancaer mór agus ar na humair go raibh sé riachtanach an t-uisce a bhí iontu a fhiuchadh sula n-úsáidfí é.

Pictiúr: Laura Hutton/Photocall Ireland

Bhí sciob sceab ar na buidéil uisce nuair a scaip an scéal go raibh siad ann agus ní raibh ceann ar bith fágtha faoina hocht a chlog. Ag an am sin, agus an ghrian ag dul faoi, bhí scuaine bheag daoine ag fanacht le soithígh éagsúla le huisce a fháil ón tancaer. Bhí uisce fós sa tancaer níos deireanaí an oíche sin. Cé nach raibh ach ar dhuine sconna a chasadh chun an t-uisce a scaoileadh as an tancaer, ní raibh sé chomh héasca sin é a fháil ó na humair, cnap a bhí le brú orthusan.

Maidin Dé Sathairn ag a 10 a chlog, tháinig veain eile le Comhairle Chontae na Gaillimhe agus í lán le buidéil cúíg lítear d’uisce. Bhí an leoraí agus an tancaer fós ar an láthair. San iarnóin ar na Satharn a socraíodh tancaeir uisce ar an Tulaigh agus i Ros an Mhíl.

Tá ceisteanna á gcur ag daoine ó tháinig scéal an uisce chun solais. Cén chaoi a ndeachaigh an mhangainéis san uisce? Cé chomh fada is a bhí an leibhéal ard mangainéise as soláthar uisce poiblí sa gceantar? Cé chomh hard is a bhí an leibhéal sin? An mbeadh an t-uisce á ghlanadh ag an deireadh seachtaine?

Níl chuile dhuine ar Twitter, a dúradh. Ní bhíonn chuile dhuine ar líne ná ag éisteacht leis an raidió.

Nach mbeadh sé ar chumas Uisce Éireann agus Comhairle Chontae na Gaillimhe scoileanna agus gnóthaí agus tomhaltóirí a chur ar an eolas faoin phráinn le téacs, mar shampla? Nó daoine a fhostú le cur ó dhoras go doras leis an scéal a scaipeadh?

Faoin a dó a’ chlog tráthnóna Dé Sathairn, bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch agus bhí slua mór sa Spidéal. Bhí cuairteoirí ag siúl thart le buidéil mhóra uisce a cheannaigh siad sna siopaí. Chuaigh leoraí tríd an mbaile agus tancaer uisce ar a chúl.

Ag 2.10pm ar an Satharn, scríobh bean a bhfuil cónaí uirthi sna Forbacha tagairt ar Tuairisc.ie ag iarraidh go gcuirfí í ar an eolas nuair a bheadh an t-uisce sábháilte le hól arís. Breis is 24 uair an chloig ó eisíodh an foláireamh Ná hÓl, bhí go leor ceisteanna fós ann agus gan mórán freagraí orthu.

Faightear an miotal mangainéis (Mn) go nádúrtha i gcarraigeacha is san ithir agus bíonn leibhéal íseal de i láthair in
aibhneacha, i lochanna is i srutháin.

Is riandúil é, rud a chiallaíonn go mbíonn méid an-bheag de ag teastáil ón duine. Bíonn ról tábhachtach
ag na mangainéis i gníomhú einsímí áirithe sa gcorp, i bhforbairt na gcnámh is i dtéachtadh fola.

De ghnáth, bíonn a dhóthain den mhiotal seo ar fáil sa mbia a itheann an duine.

Má bhíonn leibhéal ard mangainéise in uisce ón soláthar poiblí, bíonn dath donndearg ar na uisce, bíonn blas neamhghnách air agus fágtar marcanna dorcha ar fholcadáin agus soithí.

Is féidir leis an iomarca maingainéise dochar a dhéanamh don néarchóras agus is iad na leanaí sa mbroinn, gasúir óga is daoine aosta, chomh maith le daoine a bhfuil fadhbanna acu leis an ae, is mó a bhíonn i mbaol.

Agus seo á scríobh ní raibh urlabhraí ar bith ó Uisce Éireann cloiste ar na meáin agam chun iarracht a dhéanamh na ceisteanna sin a fhreagairt. Ar Iris Aniar maidin Dé Luain dúirt beirt chomhairleoirí contae ón gceantar nach raibh aon mhíniú ná eolas faighte acusan go fóill ó Uisce Éireann, d’ainneoin a gcuid iarrachtaí eolas a fháil. Fógraíodh tráthnóna Dé Luain go raibh tancaeir uisce feistithe ag cúig ionad idir na Forbacha agus Ros an Mhíl.

Fág freagra ar 'Foláireamh Ná hÓl i gConamara – go leor ceisteanna fós le freagairt'

  • Bríd

    Nach bhfuil Urlabhraí ó Chonamara ag Uisce Éireann? An ndearna sibh teagmháil leis?? Cén fáth nach ndearna??