Foirne Chorca Dhuibhne i lár an aonaigh agus deireadh seachtaine tábhachtach ag cumainn Ghaeltachta

Beidh mná Chorca Dhuibhne i gcluiche ceannais idirmheánach Chiarraí amárach, beidh fir na Gaeltachta i gcluiche ceathrú ceannais agus beidh fir an Daingin i gcluiche leathcheannais

Foirne Chorca Dhuibhne i lár an aonaigh agus deireadh seachtaine tábhachtach ag cumainn Ghaeltachta

Deireadh seachtaine tábhachtach é seo do chumainn Chorca Dhuibhne agus iad ag imirt i mbabhtaí díbeartha na gcraobhacha.

Beidh mná Chorca Dhuibhne i gcluiche ceannais idirmheánach Chiarraí amárach agus iad ag tabhairt aghaidh ar Oileán Ciarraí sa chluiche ceannais i Staid an Ghearaltaigh (12pm).

Is i gcoinne Oileán Ciarraí freisin a bheidh An Ghaeltacht ag imirt i mbabhtaí ceathrú ceannais na craoibhe idirmheánaí. In Oileán Ciarraí a imreofar an cluiche sin amárach ag 2.30pm.

Tá fir an Daingin ag imirt amárach freisin i gcluiche leathcheannais Chraobh Shinsir na gClubanna. Sa Neidín a thabharfaidh an Daingean aghaidh ar Neidín ag 2.30pm.

I bPort Láirge, caithfidh fir na Rinne teacht chucu féin ó bhriseadh croí chluiche ceannais Chraobh Idirmheánach Iomána an chontae an deireadh seachtaine seo caite. Beidh an chuid is mó den fhoireann ag imirt arís an deireadh seachtaine seo agus tús á chur le Craobh Shinsir Peile na nDéise. Imreoidh an Rinn in aghaidh an tSráidbhaile amárach i bPáirc Uí Fhearchair ag 4.30pm.

Tá babhta cinniúnach cluichí sa Chraobh Shinsir Peile i nDún na nGall ar siúl an deireadh seachtaine seo. Tá áit bainte amach ag Gaoth Dobhair, Cill Charthaigh agus Naomh Conaill sna babhtaí ceathrú ceannais cheana féin, rud a fhágann gur beag tábhacht lena gcluichí an deireadh seachtaine seo.

D’fhéadfadh nach mór gach uile cheann den 13 foireann eile sa chraobh áit a bhaint amach taobh leo sna cluichí ceathrú ceannais, áfach, agus suim mhór sa Ghaeltacht sna cluichí a imreofar inniu (3pm) idir Aodh Ruadh agus Ard an Rátha, Gleann Fhinne in aghaidh na gCeithre Máistrí agus Baile na nGallóglach in aghaidh Naomh Náille.

I gcontae na Mí, imreoidh Bhulf Tón i mbabhtaí ceathrú ceannais Chraobh Shinsir Peile an chontae anocht. Tabharfaidh fir Bhaile Ghib aghaidh ar Na Fianna i mBaile Átha Troim ag 4.30pm.

An iomáint a bheidh i lár an aonaigh i nGaillimh agus dhá fhoireann Ghaeltachta ag dul chun páirce sa Chraobh Idirmheánach amárach. Tá Maigh Cuilinn slán sna babhtaí ceathrú ceannais cheana féin ach beidh siad fós ag súil leis an gceann is fearr a fháil ar Shaighleán i Staid an Phiarsaigh (11am). Caithfidh An Spidéal an ceann is fearr a fháil ar Mhainistir Chnoc Muaidhe más leo na babhtaí díbeartha a sheachaint ach fiú má éiríonn leo i dTuaim (12pm), beidh siad fós i dtrioblóid má bhuann an Carn Mór ar an Turlach Mór sa ghrúpa céanna.

Fág freagra ar 'Foirne Chorca Dhuibhne i lár an aonaigh agus deireadh seachtaine tábhachtach ag cumainn Ghaeltachta'