‘Foghlaimígí uainne, agus ná deánaigí an botún céanna’ – Coimisinéir Teanga na Breataine Bige

Deir Meri Huws go ráineodh gur rud maith a bheadh sa mhoill fhada ar fhoisliú an Bhille Teanga dá dtapófaí an deis cinnteidil an Bhille leasaithe Teanga a láidriú

Meri Hews 4
Coimisinéir Teanga na Breataine Bige i mbun agallaimh agus í ar cuairt ar Chonamara inné. Pictiúr: Tuairisc.ie

‘Foghlaimígí uainne, agus ná déanaigí na botúin chéanna a rinneamarna.’

B’shin an teachtaireacht neamhbhalbh a bhí inné ag Coimisinéir Teanga na Breataine Bige, Meri Huws, do reachtóirí na hÉireann.

In agallamh le Tuairisc.ie, dúirt Huws go raibh córas scéimeanna teanga lochtach i bhfeidhm sa tír sin ar feadh nach mór 30 bliain sular géilleadh sa deireadh go raibh gá le hathrú cúrsa.

“Tagaigí chun cainte linne. Ná caithigí fiche nó tríocha bliain ag plé le córas lochtach mar a rinneamarna. Féachaigí ar a bhfuil foghlamtha againne agus ar an bhfianaise agus an taithí atá againne,” a dúirt Meri Huws.

Dar le Huws go ráineodh gur rud maith a bheadh sa mhoill fhada ar fhoisliú na reachtaíochta atá le leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla – sin má thapaítear an deis cinnteidil an Bhille a láidriú.

“D’fhéadfaí féachaint air seo mar dheis, mar shampla, chun labhairt linne faoin taithí atá againne ar scéimeanna teanga agus filleadh ansin ar an reachtaíocht. An bhfuil bealach níos fearr ann chun tabhairt faoin obair seo? Creidimse go bhfuil agus go bhfuil fianaise againne a thacódh leis an tuairim sin. Is fearrde dúinn ar fad fianaise mar sin a roinnt lena chéile.”

Faoi chóras scéimeanna teanga na tíre seo aontaítear na dualgais teanga atá ar eagraíochtaí poiblí ina gceann is ina gceann agus bíonn gealltanais dhifriúla i gceist i ngach scéim.

Cé go bhfuil sé molta go minic ag an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill go ndéanfaí “athrú ó bhonn” ar an gcóras, de réir chinnteidil an Bhille leasaithe ar an Acht Teanga níl sé i gceist aon athrú a dhéanamh seachas fad ceithre bliana a chur leis an dtréimhse a mhaireann na scéimeanna.

Meri Hews 3

Le linn a thréimhse siúd mar Choimisinéir Teanga, dúirt Seán Ó Cuirreáin gur chosúil ón méid ama a bhí caite le haontú scéimeanna teanga áirithe “go raibh siad níos deacra le daingniú ná Comhaontú Aoine an Chéasta”.

Bhí an córas a bhí i bhfeidhm sa Bhreatain Bheag mórán mar a chéile le córas na tíre seo nó gur tosaíodh le déanaí ar scéimeanna caighdeánaithe a thabhairt isteach. I Meán Fómhair na bliana seo tabharfar 26 scéim teanga isteach faoin gcóras nua thall agus déanfar amhlaidh i gcás 120 scéim eile roimh dheireadh na bliana.

Dar le Meri Huws go bhfuil ceacht mór le foghlaim ó chás na Breataine Bige.

“Tá scéimeanna teanga againne sa Bhreatain Bheag le blianta fada agus ba mhaith ann iad chun an meon atá ag eagraíochtaí i dtaobh na teanga a athrú. Ar an drochuair, bhí na scéimeanna sin ar fad éagsúil óna chéile agus tuigeadh dúinn diaidh ar ndiaidh gur ag cothú éiginnteachta agus ag cur mearbhaill ar dhaoine a bhí an córas.

“Táimid ag bogadh anois i dtreo córas caighdeánaithe chun go mbeadh tuilleadh soiléireachta ann faoi na cearta atá ag daoine agus na dualgaisí atá ar eagraíochtaí. Má bhíonn a fhios ag duine go díreach cad iad na seirbhisí atá sé i dteidealáa fháil ó eagraíochtaí is mó seans go ndéanfaidh sé na seirbhísí sin a éileamh.”

 

Fág freagra ar '‘Foghlaimígí uainne, agus ná deánaigí an botún céanna’ – Coimisinéir Teanga na Breataine Bige'

  • Concubhar

    Bímis buioch do Éamon Ó Cuív agus Fianna Fáil as ucht na ‘scéimeanna’ agus ní raibh gá fánacht leis an gCoimisinéir Huws chun fáillí na scéimeanna a thabhairt faoi ndeara, bhí sé á rá agam is ag go leor eile I bhfad siar.