‘Díomá’ agus ‘amhras’ ar an gCoimisinéir Teanga faoi ghnéithe de pholasaí teanga an Stáit

Easpa ceannaireachta curtha i leith Ranna Rialtias ag Rónán Ó Domhnaill, a deir ina thuarascail don bhliain 2014 go bhfuil lochtanna bunúsacha ar chur chuige an Stáit maidir leis an teanga

Ronán Ó Domhnaill

 

Tá ‘easpa ceannaireachta’ curtha i leith ranna rialtais ag an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, de bharr a laghad postanna a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leo sa státseirbhís.

Ina thuarascáil bhliantúil, a fhoilseofar inniu, deir an Coimisinéir go  bhfuil “an-díomá” air “faoina laghad postanna lena mbaineann riachtanas Gaeilge a aithníodh taobh istigh de Ranna Rialtais”.

Deir an Coimisinéir freisin go bhfuil sé “go mór in amhras” faoi éifeacht chóras na scéimeanna teanga a bunaíodh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Dúirt sé gur cheart “athrú ó bhonn” a dhéanamh ar an gcóras seo faoina leagtar síos na seirbhísí trí Ghaeilge a chuireann eagraíochtaí stáit ar fáil don phobal agus an bealach a ndéanfar forbairt orthu thar thréimhse de bhlianta.

Ba i mí Márta na bliana seo caite a ceapadh Rónán Ó Domhnaill ina Choimisinéir Teanga agus seo í an chéad tuarascáil bhliantúil leis.

Ina oifig sa Spidéal inniu a sheolfar an tuarascáil a thugann léargas ar an obair atá déanta aige féin agus a fhoireann le linn na bliana 2014.

Dúirt an Coimisinéir go bhfuil “locht bunúsach” ar fheidhmiú chóras na scéimeanna teanga. Ach dúirt Ó Domhnaill go mbítear ag brath cuid mhaith ar an méid atá eagraíochtaí stáit sásta a thairiscint seachas a bheith ag obair i dtreo “caighdeáin aitheanta seirbhíse trí Ghaeilge”.

Thug sé sampla de scéim teanga inar gheall Roinn Rialtais amháin go mbeadh 25% dá bpreasráitis i nGaeilge ach go bhféadfadh go bhfoilseofaí leagnacha Gaeilge 24 uair níos moille ná na leagnacha Béarla.

Luaigh sé sampla de scéim teanga ag eagraíocht eile nár gheall ach soláthar an-teoranta d’ábhar trí Ghaeilge a chur ar shuíomh gréasáin – doiciméid chorparáideacha a bheadh le foilsiú go dátheangach ar aon nós.

Agus é ag moladh go gcaithfear “córas na scéimeanna teanga a athrú ó bhonn”, dúirt an Coimisinéir gur cheart rialacháin nua faoi úsáid na Gaeilge a chur ina n-áit do “seirbhísí nach bhfuil ag brath chomh mór ar acmhainní daonna” ar nós suíomhanna gréasáin, seirbhísí ar líne, agus foirmeacha iarratais.

Maidir lena laghad daoine le cumas Gaeilge atá fostaithe ag an stát, dúirt sé gur chóir do Ranna Rialtais a bheith “ag taispeáint ceannaireachta” agus a bheith “fadradharcach” ar an ábhar. “Faraor, níl sin le feiceáil faoi láthair,” a dúirt sé.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo, faoi dheireadh na bliana seo caite, ní raibh ach 10 bpost ‘Gaeilge’ sainaitheanta ag na ranna rialtais ó tugadh treoir do gach Roinn na poist a mbeadh daoine le cumas dátheangach ag teastáil iontu a liostáil.

I mí Eanáir na bliana seo, mhaígh ochtar Airí Rialtais nach bhfuil aon phost ar leith ina ranna a dteastaíonn duine le Gaeilge dó.

 

Fág freagra ar '‘Díomá’ agus ‘amhras’ ar an gCoimisinéir Teanga faoi ghnéithe de pholasaí teanga an Stáit'

  • Feardorcha

    Féar plé dho, bail ó Dhia air tá sé á chruthú féin go maith sa jab.