10 bpost ‘Gaeilge’ as 30,000

Breis agus bliain ann ó fógraíodh go raibh córas úrnua le cur in áit chóras na marcanna bónais, cé is móite de Roinn na Gaeltacha níl ach 10 bpost liostáilte ag na ranna Rialtais mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leo

90364402
An tAire Brendan Howlin, ba é a Roinn a thug treoir do na ranna ar fad poist le riachtanas Gaeilge a shainaithint roimh Eanáir na bliana seo

Níl ach 10 bpost ‘Gaeilge’ sainaitheanta ag na ranna rialtais ar fad, cé is móite d’fhoireann Roinn na Gaeltachta, agus nach mór bliain caite ó tugadh treoir do gach Roinn na poist a mbeadh daoine le cumas dátheangach ag teastáil iontu a liostáil.

Tá breis agus bliain ann ó fógraíodh go raibh córas úrnua le cur in áit chóras na marcanna bónais do státseirbhísigh le Gaeilge.

Faoin gcóras nua, tá painéal daoine le cruthú a bhfuil líofacht sa Bhéarla agus sa Ghaeilge acu, painéal arbh ionann é agus 6% d’earcaithe nua sa státseirbhís.

Ba í an chéad chéim i mbunú an chórais nua ná go liostálfadh gach roinn na poist ar leith acu a mbeadh cumas sa Ghaeilge agus sa Bhéarla riachtanach dóibh.

Bhí an obair liostála sin le bheith déanta faoi lár Eanáir na bliana seo, ach níl oiread agus ‘post Gaeilge’ amháin liostáilte fós ag 14 den 16 roinn Rialtais.

Gan an liostáil seo a bheith déanta, ní léir go mbeadh aon fheidhm leis an gcóras earcaíochta nua a fógraíodh anuraidh, mar gur beag post a bheadh ann dóibh siúd atá le bheith ar an bpainéal de dhaoine le cumas dátheangach.

Dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív (FF), a fuair eolas ó gach roinn faoi líon na bpost ‘Gaeilge’ atá sainaitheanta acu, gur “mór an scannal é nach bhfuil an t-iniúchadh ar riachtanais Ghaeilge déanta ag formhór na ranna Rialtais mar a threoraigh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe dóibh a dhéanamh”.

Dúirt Ó Cuív “gur mó an náire fós nach bhfuil na poist agus na réimsí oibre a dteastaíonn Gaeilge iontu sainaitheanta acu ach an oiread”.

Ba iad Roinn an Taoisigh, ina bhfuil dhá phost a bhfuil riachtanas Gaeilge sainaitheanta dóibh, agus an Roinn Ealaíon Oidhreacha agus Gaeltachta an t-aon dá roinn a thug le fios go raibh poist ‘Gaeilge’ liostáilte acu, cé go ndúirt an Roinn Gnóthaí Eachracha agus Trádála go raibh ‘riachtanas’ Gaeilge do líon áirithe fostaithe in Oifig na bPasanna agus i rannáin na Consúlachta.

Isteach is amach ar 30,000 duine atá fostaithe sna ranna Rialtais.

Fuair Éamon Ó Cuív eolas ó na ranna go léir an tseachtain seo faoin iniúchadh agus sainaithint a bhí le déanamh ar riachtanas na Gaeilge acu ó thaobh na hearcaíochta.

Dúirt Ó Cuív gur mheas sé go raibh sé “aisteach go gceaptar nach bhfuil gá le hoiread is duine amháin sna ranna a bheadh in ann an fón a fhreagairt i nGaeilge nó litir a scríobh i nGaeilge”.

Thug ranna éagsúla le fios nár bhraith siad go raibh mórán éilimh ar sheirbhísí Gaeilge mar gheall ar a laghad cumarsáide a bhíonn acu leis an bpobal sa teanga.

Dhearbhaigh na ranna seo go léir go bhfuil sé i gceist acu na poist ina bhfuil riachtanas inniúlachta Gaeilge a shonrú amach anseo, faoi mar a treoraíodh dóibh a dhéanamh nach mór bliain ó shin.

“Tá sé beartaithe ag an Roinn Coimirce Sóisialaí tabhairt faoi iniúchadh go luath an bhliain seo chugainn chun na poist shonracha a shainaithint ina dteastaíon feidhm dhátheangach,” a dúirt an Tánaiste Joan Burton.

Tá beirt oifigeach i Roinn an Taoisigh a bhfuil ardleibhéal inniúlachta sa Ghaeilge agus tugadh le fios gur “leor an líon oifigeach seo chun freastal ar an éileamh reatha”.

Thug an Taoiseach le fios go “sonrófar i scéimeanna teanga amach anseo de chuid mo Roinne, faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, na poist a bhfuil riachtanas inniúlachta Gaeilge lena n-aghaidh”.

Tá inniúlacht sa Ghaeilge ag tuairim is 10% d’fhoireann na Roinne Oideachais. Dhearbhaigh an tAire Oideachais go bhfuil “an Roinn in ann na [seirbhísí] a chur ar fáil trí Ghaeilge, áit gur gá”.

Cé nach bhfuil an t-iniúchadh déanta ag an Roinn Sláinte go fóill, dúirt an tAire Sláinte Leo Varadkar go bhfuil a Roinn “tiomanta do scrúdú a dhéanamh, faoi dheireadh na chéad bhliana den scéim, ar an ngá le haon phoist bhreise a bhféadfadh inniúlacht sa Ghaeilge a bheith ina riachtanas bunriachtanach ina leith a shainaithint”.

Mar a tuairiscíodh ar Tuairisc.ie  an tseachtain seo caite, níl aon phost ‘Gaeilge’ sainaitheanta fós ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, an roinn a thug treoir do na ranna eile ar fad poist le riachtanas Gaeilge a liostáil faoi Eanáir na bliana seo.

Thug an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe le fios go ndéanann siad “monatóireacht ar an éileamh atá ar a cuid seirbhísí trí mheán na Gaeilge chun a chinntiú go gcomhlíontar [a duaglas]”.

Mhol an Teachta Ó Cuív an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta as líon na bhfostaithe acu le Gaeilge ach dúirt sé “go mbeadh sé ag súil leis sin ar aon chaoi”.

 

Fág freagra ar '10 bpost ‘Gaeilge’ as 30,000'

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Bhí mise ag iarraidh teangbháil leis na Coimisiúnéirí Ioncaim inniú le fadhb cánach a réiteach.Ní raibh mé fiú in ann seirbhís a fháil i mBéala. Cruthaíonn an figiúr tuasluatha nách mbeidh mé in ann seirbhís a fháil I mBéarla ná i nGaeilge as seo amach.

    Bhí Josephine Fehilly ag feirhmiú mar cathaoirleach ar na gCoimisinéirí Ioncaim.Tá sé ar intinn aici dul ar scór agus mar ” ceann des na daoine san taobh istigh” go bhfuil an-mheas orthu ar an Rialtas seo tá sí ceaptha chun dul I gceannas mar cathaoirleach ar an tÚdarás Póilíneachta.

    Ba cheart dí fanacht leis na Coimisinéirí Ioncaim go dtí go dtagann feabhas ar an gcaighdeán seirbhís atá a dtairiscint acu do na cáiníocóirí sara ndéanann sí praiseach d`áisinéacht éile stáit.