Poist Ghaeilge fós gan sainaithint ag Roinn Caiteachais Phoiblí

Níl na poist a dteastaíonn Gaeilge iontu sainaitheanta ag an Roinn atá freagrach as cur i bhfeidhm….

Brendan Howlin, Aire na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Pictúr Sam Boal/Photocall Ireland

Tá sé deimhnithe ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe nach bhfuil liostáil déanta fós acu ar na poist agus na réimsí oibre lena dteastódh státseirbhísigh dhátheangacha cé go bhfuil treoir tugtha ag an Roinn sin do Ranna eile Rialtais a leithéid de liostáil a dhéanamh.

Is í an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe atá freagrach as riaradh na foirne sa státseirbhís i gcoitinne. Cuireadh deireadh le marcanna bónais do chumas Gaeilge sa státseirbhís anuraidh ach gealladh go gcuirfí córas ina áit faoina n-aithneofaí na poist éagsúla sa státseirbhís gur cheart go mbeadh daoine ar dátheangaigh iad atá feidhmiúil sa Ghaeilge ag obair iontu.

Bhí a leithéid de liostáil le cur i gcrích faoi Eanáir na bliana seo ach is cosúil anois nach bhfuil sé seo déanta fiú ag an Roinn atá freagrach as an gcúram sin.

Thug urlabhraí na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe le fios do Tuairisc.ie “mar a sheasann cúrsaí i mí na Nollag 2014, níl aon phost aitheanta ó thaobh sheirbhísí Gaeilge de sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

De réir a chuid feidhmeanna agus cúraimí, ní bhíonn mórán plé ag an Roinn leis an ngnáthphobal agus níl sí freagrach as scéimeanna nó seirbhísí atá dírithe ar an ngnáthphobal.

Déanfar athbhreithniú faoin bproiséas Pleanála Foirne 2015-2017 chun a mheas a bhfuil aon athrú tagtha air seo.”

Dúirt an t-urlabhraí freisin go bhfuiltear ag “dul i ngleic leis an riachtanas Gaeilge.”

“I gcás go n-aithníonn an Roinn seo nó Roinn ar bith eile go bhfuil gá acu le scileanna ar leith, déanfaidh muid pé rud is gá agus, má tá sé feiliúnach, socróidh muid leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí go reáchtálfar comórtas chun freastal a dhéanamh ar na riachtanais sin.”

“Táthar ag dul i ngleic leis an riachtanas maidir le hearcú daoine atá oilte sa dá theanga i gcomhthéacs comórtais do oifigigh chléireachais atá á reachtáil faoi láthair agus comórtas do oifigigh feidhmiúcháin a reachtálfar go luath.”

Nuair a cuireadh deireadh le marcanna bónais don Ghaeilge sa Státseirbhís, dúradh go mbeadh ar gach Roinn liostáil a dhéanamh de na poist ina mbeadh gá iontu le Gaeilge.

D’earcófaí daoine do na poist sin ó phainéal de chainteoirí dátheangacha arbh ionann é agus 6% d’fhostaithe nua na Státseirbhíse.

Gan an bhunliostáil déanta, áfach, ní léir anois cén chaoi a gceapfar daoine breise le Gaeilge sa Státseirbhís.

Thug urlabhraí Roinn na Gaeltachta le fios go raibh c.20 post sa Roinn sin, taobh amuigh den réimse Gaeltachta, ina raibh daoine a raibh cumas dátheangach acu ag obair iontu agus go raibh na poist sin aitheanta mar chinn a mbeadh gá le dátheangaigh atá feidhmiúil sa Ghaeilge iontu feasta.

Fág freagra ar 'Poist Ghaeilge fós gan sainaithint ag Roinn Caiteachais Phoiblí'