Amhras ann an ndéanfar aon leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla le linn shaolré an Rialtais seo

Ceal reachtaíocht láidir, ‘cleasaíocht’ atá i gceist le plean nua Aire na Gaeltachta polasaithe nua a fhorbairt maidir le seirbhísí Gaeilge sa Ghaeltacht

Joe McHugh
An tAire Stáit Joe McHugh atá i mbun plé faoi fheabhas a chur ar sholáthar seirbhísí poiblí sa Ghaeltacht

Táthar in amhras anois an ndéanfar aon leasú maith nó olc ar Acht na dTeangacha Oifigiúla le linn shaolré an Rialtais seo.

Bhí sé geallta go bhfoilseofaí Bille na dTeangacha Oifigiúla 2014 roimh dheireadh théarma seo na Dála, ach is beag seans go dtarlóidh sin agus tacaíocht an Taoisigh lorgtha ag Aire Stáit na Gaeltachta chun dul i mbun plé le ranna stáit faoi sholáthar seirbhísí poiblí i nGaeilge sa Ghaeltacht.

Is cosúil gurb é an cur chuige atá anois ag Aire na Gaeltachta, Joe McHugh, i dtaobh na reachtaíochta ná polasaí nua a fhorbairt seachas glacadh leis na leasuithe maidir le seirbhísí Gaeilge don Ghaeltacht atá molta ag an gCoimisinéir Teanga agus daoine eile ó foilsíodh cinnteidil an Bhille anuraidh.

Mar a tuairiscíodh ar Nuacht TG4 aréir, tá litir scríofa ag Joe McHugh chuig Enda Kenny ag iarraidh beannacht an Taoisigh a fháil chun “tionscnaimh polasaí” a fhorbairt a d’fhoilseofaí “in éineacht” leis an reachtaíocht teanga.

I measc na n-aidhmeanna atá ag an Aire Stáit, ba mhaith leis go méadófaí céatadán na ndaoine le Gaeilge ar ‘phainéil earcaíochta’ sa státseribhís ó 6%, mar atá geallta faoi láthair, go 10% mar thús agus go 20% amach anseo.

Léirigh iniúchadh a dhein Tuairisc.ie an mhí seo caite nach raibh inniúlacht sa Ghaeilge ina riachtanas le hoiread is post amháin den 600 post, nach mór, a fógraíodh sa státseirbhís anuraidh.

Ó tharla nár ghá go mbeadh aon bhonn reachtúil faoi na polasaithe nua atá le forbairt i gcomhar le ranna stáit eile, ní shásóidh fógra an Aire iad siúd a bhí den tuairim gur lagú seachas láidriú ar chearta teanga phobal na Gaeltachta a bheadh i gceist leis an mBille mura ndéanfaí leasuithe suntasacha ar na cinnteidil.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie aréir faoi na polasaithe tionscanaimh atá molta ag an Aire Stáit, dúirt an Seanadóir Gaeltachta, Trevor Ó Clochartaigh (SF), gur “cleasaíocht a bhí ar bun chun an chuma a chur ar an scéal go raibh rud éigin á dhéanamh acu”.

Trevor_Ó_Clochartaigh_crop
An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh

Dúirt an Seanadóir gur léir dó go dtuigeann an tAire ó na haighneachtaí atá curtha faoina bhráid go bhfuil an reachtaíocht mar atá lochtach “ach nach bhfuil aon tacaíocht aige ag Bord an Rialtais le leasuithe chun feabhais a dhéanamh uirthi”.

Thug an tAire Stáit le fios don Taoiseach ina litir go bhfuil an Bille “beagnach dréachtaithe” ach go bhfuil sé chun scríobh chuig Airí éagsúla “chun dul i mbun plé leo” maidir le conas is féidir seirbhísí i nGaeilge sa Ghaeltacht a fheabhsú” mar chuid de na ‘tionscnaimh pholasaí’ atá beartaithe aige.

Thug urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta le fios do Tuairisc.ie tráthnóna nach raibh na litreacha chuig na hAirí eile seolta go fóill ag Aire na Gaeltachta agus nach fios cén uair a chuirfear chun bealaigh iad.

Ní fios ach an oiread cén fhad a mhairfidh an plé leis na hAirí agus na ranna eile faoi mholtaí an Aire Stáit maidir le feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí i nGaeilge sa Ghaeltacht.

Is iad na ranna Stáit atá i gceist ná An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil agus an Roinn Sláinte, An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, An Roinn Coimirce Sóisialaí agus an Roinn Talamhaíochta, Bia agus Mara.

Dúirt Iar-Aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív le Tuairisc.ie aréir go raibh “a laghad sin tacaíochta” á éileamh ag an Aire McHugh ar an Taoiseach agus na ranna eile gur cheart go mbeadh na polasaithe nua “aontaithe taobh istigh de sheachtain”.

Dúirt Teachta Dála Fhianna Fáil go raibh sé “ag tnúth” i gcónaí le foilsiú roimh dheireadh théarma na Dála seo “Bille a dhéanfadh láidriú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus cearta phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta”.