FÍSEÁN: Léargas i ngearrscannán faisnéise nua le bean Ghaeltachta ar ‘imní na bhfoghlaimeoirí Gaeilge’

Scannán faoin bhfuirseoir Áine Gallagher é Grá agus Eagla a stiúir Caitríona Ní Chadhain as Cois Fharraige

FÍSEÁN: Léargas i ngearrscannán faisnéise nua le bean Ghaeltachta ar ‘imní na bhfoghlaimeoirí Gaeilge’

Tá gearrscannán faisnéise nua Grá agus Eagla, a stiúir bean Ghaeltachta Caitríona Ní Chadhain as na Mine i gCois Fharraige, le taispeáint den chéad uair amárach, Dé Sathairn, sa Taibhdhearc sa Ghaillimh.

Is faoi Áine Gallagher, fuirseoir aitheanta as Baile Átha Cliath, atá an gearrscánnan úr, ina leantar í agus í ag ullmhú le dhá sheó a dhéanamh, ceann ag Féile Ar an Imeall Dhún Éideann in Albain agus ceann i nGaillimh leis an chlub grinn Gaelach GaelGÁIRÍ.

Gearrscannán dátheangach atá i Grá agus Eagla, a thugann éachaint ar na dúshláin roimh fhoghlaimeoirí na Gaeilge.

Cé go bhfuil ábhar grinn go leor ann, is scéal é faoin “eagla a bhíonn ar chainteoirí Gaeilge atá ag foghlaim na teanga,” a deir Caitríona Ní Chadhain.

“Tá mé ag súil go dtabharfaidh scéal Áine léargas nua do dhaoine ar fhoghlaimeoirí na teanga agus go dtabharfaidh Áine, a mbíonn imní uirthi féin faoina cuid Gaeilge, misneach do chainteoirí Gaeilge eile.

“Léiríonn Áine an eagla a bhíonn ar dhaoine uaireanta nuair nach mbíonn mórán Gaeilge acu, go háirithe nuair a bhíonn siad ag labhairt le daoine a bhfuil Gaeilge líofa acu, cainteoirí dúchais Gaeltachta, mar shampla.”

Taispeánfar Grá agus Eagla, léiriú de chuid Chaitríona agus Slip Jig Media, roimh Console My Heart, scannán faisnéise faoi Veronica Ncube, a stiúir James Ward agus a léirigh Will Smith ó Flying Knee Productions.

Mar iarrthóir tearmainn a tháinig Veronica Ncube go hÉirinn ón Afraic Theas, agus tá cónaí uirthi anois i gCathair na Gaillimhe.

Fuair an dá scannán a thaispeánfar sa Taibhdhearc amárach maoiniú faoin scéim Dig Where You Stand.

– Beidh an chéad léiriú den ghearrscannán ‘Grá agus Eagla’ ar siúl sa Taibhdhearc, i nGaillimh, Dé Sathairn, 23 Márta. Saorchead isteach agus tá fáilte roimh chách. 

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Léargas i ngearrscannán faisnéise nua le bean Ghaeltachta ar ‘imní na bhfoghlaimeoirí Gaeilge’'

  • Peig Fabian

    Ba han-mhaith liom é ar fad a fheicáil! Cá bhfuil sé??? GRMA