FÍSEÁN: ‘Frustrachas’ sa Dáil faoin moill le forbairt Chalafort Ros a’ Mhíl

Deir an Teachta Dála Mairéad Farrell gur ‘cúis frustrachais’ an mhoill a bhaineann le forbairt Ché Ros an Mhíl i bhfianaise an scéala go bhfuil sé i gceist infheistíocht mhór a dhéanamh ar fhorbairt feirmeacha gaoithe amach ó chósta Chonamara

FÍSEÁN: ‘Frustrachas’ sa Dáil faoin moill le forbairt Chalafort Ros a’ Mhíl

Dúirt an Teachta Dála Mairéad Farrell sa Dáil go bhfuil sé “fíorthábhachtach” go dtacódh an rialtas le forbairt cuan domhainfharraige i Ros a’ Mhíl.

Dúirt sí chomh maith go gcaithfí a chinntiú go mbeadh “buntáiste eacnamaíochta” ag forbairt na cé do mhuintir an cheantair agus go mbeadh an t-infreastruchtúr “cuí” ann.

“Tá sé fíorthábhachtach go n-aontódh an Rialtas go dteastaíonn forbairt ar ché Ros a’ Mhíl agus tá sé cloiste againn inniu agus le roinnt laethanta anuas go mbeidh tuairisc eile ar bun sula ndéanfar cinneadh.

“Sílim go bhfuil muid ag fanacht ar thuairisc i diaidh tuairisce, i ndiaidh tuairisce agus caithfidh an Rialtas ag an bpointe seo cinneadh a dhéanamh faoi ché Ros an Mhíl agus sílim go gcaithfidh an Rialtas a rá anois go bhfuil siad chun an fhorbairt sin a dhéanamh…”

Léirigh an Teachta Dála de chuid Shinn Féin i nGaillimh Thiar a míshástacht faoin moill atá ar an rialtas cinneadh a dhéanamh faoi fhorbairt Ché Ros an Mhíl, tráth a raibh plé á dhéanamh sa Dáil ar an Bhille um Pleanáil agus Bainistíocht Forbartha Mara.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie dúirt Mairéad Farrell gur “cúis frustrachais” an mhoill a bhaineann le forbairt ché Ros a Mhíl i bhfianaise an scéala faoin infheistíocht mhór atá beartaithe a dhéanamh ag forbairt feirmeacha gaoithe amach ó chósta Chonamara.

“Is deis iontach é seo don cheantar agus anois nuair atá caint ar fhorbairt inathnuaite amach ón gcósta caithfidh muid a chinntiú go bhfuil tairbhe eacnamaíochta ann don cheantar,” a dúirt sí.

Le linn na díospóirteachta faoin bhille mara sa Dáil, dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív go gcaithfí dul chun cinn a dhéanamh i dtaca le forbairt Chalafort Ros a’ Mhíl go luath.

“Níl aon mhaith a bheith ag breathnú amach ar na Sceirde agus ar na muilte agus tuirbíní gaoithe amuigh ansin agus gan aon phost a bheith ar an mórthír ná i gceantar Iorras Aithneach. Níl aon mhaith a bheith ag breathnú amach ar na Sceirde gan aon fhorbairt a bheith déanta ar Ché Ros an Mhíl,” arsa an Teachta Dála Ó Cuív.

Tá sé beartaithe ag an rialtas go mbeidh críoch á chur leis na staidéir atá á ndéanamh ar ché Ros a’ Mhíl roimh dheireadh na bliana.

trí bliana ann ó tugadh cead pleanála le cuan domhainfharraige a fhorbairt i Ros an Mhíl agus imní ann go rachaidh an cead pleanála sin i léig sula ndéanfar cinneadh dul ar aghaidh leis an fhorbairt.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Frustrachas’ sa Dáil faoin moill le forbairt Chalafort Ros a’ Mhíl'