Infheistíocht de €1 billiún beartaithe san fhuinneamh gaoithe amach ó chósta Chonamara

Tá fógra curtha amach ar maidin ag comhlacht idirnáisiúnta fuinnimh, Green Investment Group, go bhfuil siad leagtha ar €1 billiún a chaitheamh ar fhorbairt feilme gaoithe amach ó chósta na Gaeltachta

Infheistíocht de €1 billiún beartaithe san fhuinneamh gaoithe amach ó chósta Chonamara

Beidh limistéar charraigeacha na Sceirde, atá naoi míle siar ó chósta Charna i nGaeltacht Chonamara, ar cheann de bhunchlocha phlean an Rialtais le cumhacht bunaithe ar an ngaoth a chur ar fáil sa tír seo.   

Tá comhlacht idirnáisiúnta fuinnimh, Green Investment Group, tar éis fógra a chur amach ar maidin inniu go bhfuil siad leagtha ar €1 billiún a chaitheamh ar fhorbairt na feilme gaoithe seo ar láthair faoi bhun an tsnátha mara ar na Sceirdí.

Beidh ar an gcomhlacht seo iarratas ar chead forbartha a chur chuig an mBord Pleanála ach a mbeidh na staidéir agus na pleananna uilig réitithe acu.

Bhí staidéir thimpeallachta agus nádúir déanta cuid mhaith blianta ó shin ag Fuinneamh Sceirde Teo ach caithfear cur leo sin anois.      

Bhí an comhlacht Fuinneamh Sceirde Teoranta ag plé le forbairt an tionscnaimh seo le scór bliain – bunaíodh an comhlacht in 2001 – agus thug an Rialtas stádas ar leith do thionscnamh na Sceirde anuraidh mar láthair thábhachtach fuinnimh gaoithe. Ba é an t-aon cheann é ar an gcósta thiar a fuair an t-aitheantas sin.

Thug an cinneadh sin ón Rialtas seasamh láidir d’iarrachtaí Fuinneamh Sceirde Teo. agus tugadh comhlacht idirnáisiúnta isteach le dul sa tóir ar cheannaitheoirí a mbeadh na hacmhainní móra acu a bhí ag teastáil.

Socraíodh go mba iad Green Investment Group – craobh den chomhlacht Maquarie a bhfuil cúlra aige san Astráil – an dream ab fheiliúnaí le dul i mbun margaíochta leo agus thángthas ar shocrú críochnúil díolacháin le cúpla lá anuas. Níl aon eolas tugtha go poiblí faoin bpraghas a íocadh le stiúrthóirí Fuinneamh Sceirde Teo.

Dúirt Séamus McCabe, urlabhraí thar ceann Green Investment Group, atá lonnaithe i nDún Éideann na hAlban, go bhfanfaidh Fuinneamh Sceirde Teoranta ann mar chomhlacht Gaeltachta agus go mbeidh cumarsáid acu le hÚdarás na Gaeltachta.   Dúirt Séamus McCabe, Gaeilgeoir arb as Baile Átha Cliath ó dhúchas dó, go rabhthas i mbun comhráite le Eirgrid cheana féin faoi na háiteacha is cóiriúla leis an sruth cumhachta as na Sceirdí a thabhairt isteach ar an mórthír. Mar atá cúrsaí faoi láthair ní bheadh an córas agus an gréasán i gConamara sách láidir leis an lear fuinnimh as na Sceirdí a iompar.

Tuigtear go bhfuil Green Investment Group ag cuimhneamh ar dhá phlean forbartha gaoithe i limistéar na Sceirde:

  • 14 mhuileann nó crann gaoithe a ghinfeadh idir 224-252 meigeavata
  • 22 muileann nó crann gaoithe a ghinfeadh idir 352 agus 400 meigeavata.

Chuirfeadh an ghiniúint seo cumhacht ar fáil do bheagnach 300,000 teach cónaithe.

Teastóidh ionad oibre ar an mórthír agus beidh tábhacht ar leith leis seo le linn obair thógála a bheith ar bun ar na Sceirdí. Áit éigin ar an gcósta thiar atá ag teastáil agus beidh Údarás na Gaeltachta ag súil go roghnófar ionad i nGaeltacht Chonamara. Cé go mbeifí a cheapadh gurb é calafort Ros an Mhíl an áit ab fheiliúnaí, d’fhéadfadh easpa calafoirt domhainmhara a bheith ina chonstaic ansin de bharr na gcineálacha soithí a bheadh le láimhseáil.

Caithfear a dhul níos doimhne sa gceist sin de réir mar a bheidh pleananna agus ceisteanna praiticiúla dá bplé.

Beidh réiteach le déanamh freisin faoi chiste tacaíochta pobail mar chuid den phlean iomlán.  Meastar go mbeadh na milliúin euro sa gciste seo d’imeachtaí agus forbairtí pobail in iarthar Chonamara ar feadh tréimhse 15 bliana. Ceaptar go gcuirfí tús le dáileadh cuid den chiste seo taobh istigh de chúpla bliain ach gur le linn don chumhacht a bheith dá giniúint is láidre a bheadh an t-airgead.    

Ní raibh mórán dóchais ag go leor daoine go bhféadfaí feilm ghaoithe a lonnú i limistéar na Sceirdí nuair a tosaíodh an iarracht in 2000. Bhí na Sceirdí i gcaint na ndaoine in iarthar Chonamara riamh anall – trí oileán charraigeacha a raibh farraigí corracha timpeall orthu. Bhí iascairí agus mairnéalaigh ortha cúramach thart ar na bealaí seo i mbéal an Atlantaigh riamh. Ach níor chuir sin bunaitheoirí phlean gaoithe na Sceirde go leataobh ón sprioc a bhí acu.

Ba iad na deartháireacha Uí Laoi as Leitir Mealláin a chuir tús leis an iarracht – Seosamh Ó Laoi, atá ina bhall de Bhord Údarás na Gaeltachta agus a dheartháireacha atá i mbun gnó, Noel agus Pádraic. Tháinig saineolaí fuinnimh, Grattan Ó hÉallaithe, atá ina chónaí gar do Mhaigh Cuilinn anois, agus Pól Mac Suibhne as Contae Chiarraí isteach ar an bhfoireann de réir a chéile.  Rinneadh staidéir féidearthachta, thimpeallachta agus innealtóireachta mar chuid den réamhobair.  Bhí costas trom ag baint leis sin agus thug Údarás na Gaeltachta cúnamh.   

Cé nach ndearnadh mórán as an nua ó 2008 i leith coinníodh an comhlacht beo agus riartha. Ansin agus cúrsaí aeráide agus ceisteanna ag éirí níos tréine faoi éalú carbóin díobhálach amach san aer, tháinig na Sceirdí ar ais sa gcomhaireamh.

Scarfar an fhorbairt amach ar achar 30 ciliméadar cearnach. Glacann an Green Investment Group leis gur suíomh sách achrannach atá i gceist ach go bhfuil buntáistí ag baint leis freisin sa méid agus go mbíonn neart teannaidh leis an ngaoth sa limistéar sin. Ach tá seanchleachtadh ag Green Investment Group agus an máthairchomhlacht ar infheistíocht i ngnó na gaoithe i dtíortha i bhfad agus i ngearr. Ní strainséara in Éirinn iad lucht an mháthairchomhlachta, Maquarie, ach an oiread.   Rinne siad infheistíocht mhór i dtograí éagsúla abhus cheana féin: airgead le breis agus leathscór scoil a thógáil; airgead  le haghaidh áiseanna in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath; forbairt ar bhreis agus 530 teach sa réimse sóisialta; agus cnap láidir infheistíochta in ionad bruscair i mBaile Átha Cliath.

Tá siad ag tabhairt a n-aghaidh anois ar na farraigí móra siar ó Chonamara, breis agus billiún euro acu agus iad muiníneach go mbeidh cóir na gaoithe leo.

Fág freagra ar 'Infheistíocht de €1 billiún beartaithe san fhuinneamh gaoithe amach ó chósta Chonamara'

  • Brendan Keane

    Éanbhásaithe, droch-radharc ar úr na mara agus clamper uafásach. Léargas bearnach agus easnamhach.