FÍSEÁN: Dán nua do Pheig Sayers ó Nuala Ní Dhomhnaill le cloisteáil ar chlár nua

Cuireann an clár nua ar TG4 Peig roimhe scagadh a dhéanamh ar na tuairimí éagsúla atá ag daoine faoi Pheig Sayers

FÍSEÁN: Dán nua do Pheig Sayers ó Nuala Ní Dhomhnaill le cloisteáil ar chlár nua

Tá dán ómóis nua le Nuala Ní Dhomhnaill le cloisteáil i gclár nua faoi oidhreacht Pheig Sayers a chraolfar ar TG4 an mhí seo.

Cuireann Peig roimhe scagadh a dhéanamh ar na tuairimí éagsúla atá ag daoine faoi Pheig Sayers, an seanchaí as Dún Chaoin ar thuill a cuntas ar a saol ar an mBlascaod cáil di ar fud an domhain. 

Gealltar go dtabharfaidh an clár “léargas nua” ar Pheig Sayers agus ar a buanna mar scéalaí agus rachfar i ngleic leis an meon diúltach ina leith a chothaigh a háit sa chóras oideachais.  

Bhí dírbheathaisnéis Pheig ar chúrsa na hArdteiste go dtí 1995 agus  is minic fós daoine ag caitheamh anuas uirthi in ainneoin nach raibh sí ina téacs éigeantach ag aon duine faoi bhun 40.

Is minic freisin Peig Sayers á cosaint ag Gaeil ar na meáin shóisialta agus in áiteanna eile. 

Foilsíodh anuraidh Peig Sayers – Níl deireadh Ráite,  cnuasach scéalta a bhailigh Coimisiún Béaloideas Éireann ó Pheig Sayers féin idir 1952 agus 1958.

Beidh Peig, atá á chur i láthair ag an gcraoltóir aitheanta Sinéad Ní Uallacháin, á chraoladh ar TG4 ar an 10 Márta.

Waddell Media a léirigh an clár do TG4 agus tacaíocht acu ón gCiste Craoltóireachta Gaeilge atá ag Scáileán Thuaisceart Éireann.

Tá Nuala Ní Dhomhnaill le feiceáil sa mhír as an gclár nua thíos agus a dán nua Hitler is Dead á léamh aici. Tá téacs an dáin thíos chomh maith.

Hitler Is Dead

Nuala Ní Dhomhnaill

“Hitler is dead” a léigh an tseanbhean amach go pras,

“And the divil mint you, Molly”

Tuig anois don deachtóir, Joe Daly 

agus é ag iarraidh ‘mind’ a leagadh amach,

Ach tá sé ró-chóngarach do ‘mind’ an Bhéarla   

Ach sa deireadh dúirt sé 

“Sa Diabhal leo” 

Agus do chuir sé isteach é mar ‘mint’.

“Hitler is dead” do léigh sí amach go beacht,

 Ag rá go raibh Béarla aici.

Cad ina thaobh ná beadh?

– Trí bliana ar Scoil na Soup i nDún Chaoin,

Agus dhá bhliain i dtigh Uí Chorráin sa Daingean,

Cad ina thaobh ná beadh Béarla aici?

Lá go raibh sí ag caint i dtaobh cúléisteoir ar fuaid an bhaile,

Dúirt sí le Joe “Tá a Bhéarla sin agam leis.” 

“Cad é?” arsa Joe. “Abair é.”

“Eavesdropper” a dúirt sí go mórálach.

 “Hitler is dead.” Lá go raibh mo Neain fhéin 

in ospidéal an Daingin, ag caint le seanfhondúirí dá cuid,

Bhí sí ag caint i mBéarla agus tháinig sí ar leaba Pheig Sayers,

Bhí sí ag iarradh an litir ‘p’ agus an litir ‘l’

a thabhairt amach mar ‘pleasure’ i mBéarla

nuair a ardaigh lámh na mná daille istigh sa leaba,

“Privilege to meet the great Peig Sayers,” a dúirt sí,

Bo Almqvist a bhí tar éis é sin a thabhairt di coicís roimh é sin,

Ach nach maith go raibh sé aici go paiteanta.

“Hitler is dead” a dúirt an bhean is binne Gaeilge,

Agus is mó Béarla a bhí sa tír (cé ná ligfeadh sí uirthi é).

Rud a bhí agus rud a bheadh.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Dán nua do Pheig Sayers ó Nuala Ní Dhomhnaill le cloisteáil ar chlár nua'