Níl deireadh ráite ag Peig Sayers, ná níl deireadh ráite fúithi

Léirigh plé ar na meáin shóisialta le déanaí gur fíor do theideal an leabhair nua dá scéalta ‘Peig Sayers – Níl Deireadh Ráite’

Níl deireadh ráite ag Peig Sayers, ná níl deireadh ráite fúithi

an seanchaí cáiliúil Peig Sayers a fuair bás 60 bliain ó shin i mbéal an phobail arís – leabhar nua dá scéalta amuigh, amhrán nua cumtha ina honóir agus cosaint bhríomhar á déanamh uirthi ar Twitter.

Tá cás Pheig, an seanchaí as Dún Chaoin ar thuill a cuntas ar a saol ar an Bhlascaod cáil di ar fud an domhain á phlé ar Twitter le déanaí ó chuir Aodhán Ó Deá, ó Chonradh na Gaeilge, teachtaireacht amach inar cháin sé tuairim a nocht an craoltóir de chuid Newstalk, Sinéad Ryan, ar an stáisiún raidió sin le déanaí.

Cás na Gaeltachta agus foilsiú an chéad athbhreithniú ar Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge a bhí le plé ar an chlár Lunchtime Live Dé hAoine seo caite ach ina áit sin thosaigh Ryan ag cur di faoi shaothar beathaisnéise Pheig Sayers.

“She was the stuff of nightmares for any of us in school in the seventies, eighties and nineties.

“If anything is more likely to strip out the passion, joy and warmth from learning a language, she was it,” a dúirt an craoltóir Sinéad Ryan sular cuireadh tús leis an phlé faoin Ghaeltacht agus an Ghaeilge.

Ina theachtaireacht a scaip sé ar Twitter, dúirt Aodhán Ó Deá nár bhain tuairim an chraoltóra le hábhar.

I measc na dteachtaireachtaí a chosain oidhreacht Pheig Sayers, bhí ceann inar roinneadh físeán nua ‘Barr an Chrainn’, mar a bhfuil glór Pheig curtha le ceol de chuid Alfonz the Ghost.

Thagair daoine eile d’eachtraí i saol Pheig nach minic a chuimhnítear orthu.

Dúirt go leor daoine go rabhadar bréan den cháineadh a dhéantar ar Pheig agus cás na Gaeilge á phlé.

Gif a chuir TG4 amach a mheall an méid is mó croíthe.

Cheistigh daoine eile bunús an fhuatha do Pheig agus dá saothar.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie dúirt urlabhraí Gaeilge Chomhaontas Glas, Peter Kavanagh, go léiríonn an plé ar líne go bhfuil pobal na Gaeilge tinn tuirseach de na tagairtí do Pheig agus cúrsaí Gaeilge an lae inniu á bplé.

“Níl sé bailí a bheith ag caint faoi Pheig nuair atá cás na Gaeltachta sa lá inniu faoi chaibidil. Is seantróp seanchaite é agus tá daoine tinn tuirseach a bheith ag éisteacht leis.

“Níl aon ábhar eile ar domhan a bheadh á tharraingt anuas chomh minic sin. Samhlaigh dá mbeadh duine ag caint faoi vacsaín a fháil do Covid-19 agus go ndéarfadh duine eile ach ‘bhí an ghráin agam ar an eolaíocht ar scoil’. Ní sé oiriúnach ar chor ar bith,” a dúirt Peter Kavanagh.

Idir an dá linn, tá meabhrú eile ar chumas scéalaíochta le fáil i leabhar nuafhoilsithe Peig Sayers – Níl deireadh Ráite atá curtha in eagar ag Pádraig Ó Héalaí, iarléachtóir sinsearach le Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus Bo Almqvist, an t-ollamh agus an béaloideasóir iomráiteach as an tSualainn a bhásaigh seacht mbliana ó shin.

Cnuasach scéalta a bhailigh Coimisiún Béaloideas Éireann ó Pheig Sayers féin idir 1952 agus 1958 atá sa leabhar nua, atá foilsithe ag New Island Books.

Tá taifeadtaí de Pheig i mbun scéalaíochta le cloisteáil ar an dá dhlúthdhiosca a ghabhann leis an leabhar chomh maith le tras-scríbhinní agus leaganacha Béarla de na scéalta.

Fág freagra ar 'Níl deireadh ráite ag Peig Sayers, ná níl deireadh ráite fúithi'

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Ar nós Trump, bíonn an milleán ar dhuine éigin eile i gcónaí seachas iad féin as a mhíchumas agus a dhrochmheas ar an teanga. Agus ’sí Peig Sayers an duine sin go minic.

  • deirdre

    Is mór an trua é nach í Peig Aire na Gaeltachta. Bheimis go léir ag labhairt ár dteanga dhuchais.:)

  • Lillis Ó Laoire

    Dá mbeadh a fhios acu gur inis Peig scéalta faoi mhná a d’fhág fir nach raibh go maith dóibh, agus a raibh leanaí acu le fir eile nach raibh siad pósta orthu, b’fhéidir go ndéanfaidís athsmaoineamh. Ach ní dóigh liom é!