An fhíor-Pheig Sayers? Bean mhisniúil, rógaire tíriúil agus Banríon na Scéalaíochta…

Cothrom an lae amárach 60 bliain ó shin, ar an 8 Nollaig 1958, a bhásaigh Peig Sayers. Déanfar a hoidhreacht a phlé ag comhdháil speisialta an tseachtain seo chugainn. Tugann cuid de na rannpháirtithe léargas anseo dúinn ar an bhfíor-Pheig Sayers…

An fhíor-Pheig Sayers? Bean mhisniúil, rógaire tíriúil agus Banríon na Scéalaíochta…

Pádraig Ó Héalaí

B’fhéidir go bhfuil cuid éigin den mhilleán ar an seál! Bíodh nó ná bíodh, is trua mar a cothaíodh íomhá de Pheig mar sheanchailleach olagónach phiúratánach in aigne na mílte déagóir a thugadar leo ar feadh a saoil.

Is cinnte nárbh aon chúnamh chun an dearcadh sin a cheartú go raibh tuiscintí áirithe d’idéal na banúlachta mar fhothéacs le Peig, agus gur caitheadh leis an leabhar amhail is gur shaothar liteartha é seachas aiste seanchais. Ní móide go ndiúltófaí chomh tréan sin don bhean thréitheach  seo dá mbeadh sí curtha i láthair ina cló dílis daonna féin — léiriú níos iomláine tugtha ar a pearsantacht agus ar a cumas mar ealaíontóir béil a thuilleann di an teideal ‘Banríon na Scéalaíochta’.

Seans gur scéal nua do mhórán díobh siúd a léigh an leabhar gur bhean í Peig a raibh rógaireacht agus acmhainn grinn inti. Nuair a gheobhadh sí an deis air, mar shampla, bhaineadh sí paiste beag cuileachtan amach di féin fiú as a cuid paidreoireachta. Dá ráineodh le cuairteoir éigin a theacht isteach le linn di bheith suite cois na tine ag rá na corónach, agus go rachadh sé ar a ghlúine ar urlár crua tais a tí, ba bhéas léi uaireanta leanúint siar amach lena paidreacha agus sult áilteora á bhaint aici as a mhífhoighne agus a mhíchompord.

Ba bhean í leis a fuair blas ar chaint thíriúil, rud atá le brath ar scéal a bhíodh aici faoi bhean nach raibh pioc sásta le hobair dochtúra agus a chaith mar ghuí chuige agus é ag fágaint an tí: ‘nár chasa aon phioc díot arís orainn ach do lamhnán, agus poll ansan féin’!

 

Angela Bourke

An Pheig sin a thuill scilling le dul chuig rásanna capall ar thrá Fionntrá as rith tréan a dhéanamh chun turasóirí a chur ar an eolas faoi Thigh Mhóire i nDún Chaoin, agus í ina cailín óg ag fosaíocht na mba—nó an bhean a chuardaigh an teach san Oileán na blianta ina dhiaidh sin, agus í ar thóir blas tobac—tá sí níos soiléire le feiceáil againn ina cuid scéalaíochta ná sna leabhair cháiliúla a scríobh a mac uaithi.

In Scéalta ón mBlascaod (1998 [1938]), leis an Ollamh Kenneth Jackson (1901-91), léimid 39 scéal a scríobh sé uaithi idir 1932 agus 1937, agus é ag foghlaim Gaeilge. Anuas ar an saibhreas samhlaíochta agus an tuiscint ghrinn ar an saol agus ar na cineálacha daoine atá beo ann, b’fhéidir gurb é an rud is suntasaí iontu, an chaint ghrámhar a chuireann sí i mbéal mháithreacha agus pháistí, agus iad ag caint lena chéile. Tá seanscéalta idirnáisiúnta anseo, agus seanchas áitiúil faoi liosanna, faoi dhaoine mór le rá, faoin mbochtanas agus faoin drochshaol.

Ní chuireann Peig fiacail ina cur síos ar an leatrom agus an drochiompar sna scéalta seo, ach arís agus arís eile, airímid glórtha na mban agus na gcailíní aici, agus iad ag caitheamh lena chéile go grámhar, foighneach, misniúil.

 

Máiréad Ní Loingsigh

An chéad aithne a chuir ár bhformhór ar Pheig Sayers ba í aithne na hArdteistiméireachta í.  A lán againn ná raibh Gaeilge ó dhúchas ná teagmháil leis an nGaeltacht againn, ba í Peig an chéad duine de mhuintir na Gaeltachta ar chuireamar aithne uirthi, agus is deimhnitheach gurbh í an bhean chéanna an chéad scéalaí a cuireadh in aithne dúinn.

Aithne an leabhair ab ea an aithne sin: i gcló in eagrán scoile an chuntais dírbheathaisnéise is mó cáil dá cuid a bhí an traidisiún béil á chur i láthair.

I gcló a bhí an scéalaí ag insint a cuid scéalta. Tríd an gcló a chuireamar aithne ar an gcailín óg aimsire, ar an mbean phósta san Oileán agus ar an tseanbhean a bhí ag féachaint siar ar an saol. Cá bhfios ach gur chuireamar aithne chomh maith i ngan fhios ar chúntóirí Pheig a roghnaigh nó a shocraigh nó a chum cuid den ábhar.

I bhfad ina dhiaidh sin a chuala féin a guth láidir féin ar taifeadadh. Mhúin sí Gaeilge dúinn idir theanga is chultúr: cad is naomhóg ann, cad is cleamhnas ann. Chuamar amach ar ghnéithe de stair shóisialta na hÉireann. Chuamar amach ar Chorca Dhuibhne sula raibh an áit féin bainte amach in aon chor againn: Dún Chaoin, Baile Bhiocáire, Paróiste Fionntrá, Sliabh an Fhiolair agus gan ach an chéad chúpla leathanach den eagrán scoile cáiliúil úd faoina mhaisiú déagóra léite againn.

 

Máirín Nic Eoin

Ní bheadh aon eolas againn ar Pheig Sayers murach gur shárscéalaí traidisiúnta í, bean anamúil mheabhrach a bhí in ann lucht éisteachta a mhealladh agus a chur faoi gheasa le héifeacht dhrámatúil a buanna teanga agus aithrise. Cé gur ealaín na mbocht a chleacht sí,  d’fhág sí oidhreacht shaibhir chultúrtha ina diaidh agus, fad is atá an teanga Ghaeilge beo, áireofar i gcónaí mar dhuine de mhórscéalaithe na hÉireann í.

Tá an cnuasach scéalta a bailíodh ó Pheig Sayers ar cheann de na cnuasaigh is mó agus is saibhre a bailíodh ó bhean ar bith riamh, in Éirinn nó go hidirnáisiúnta. Mar a mhaígh na scoláirí béaloidis Bo Almqvist agus Pádraig Ó Héalaí, ‘Tá suas le 5000 leathanach lámhscríofa d’ábhar béaloidis a bailíodh uaithi i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus tá roinnt mhaith ábhair eile uaithi i gcló i bhfoinsí éagsúla le cur leis an méid sin’. Ba iad raon agus fiúntas agus ilghnéitheacht an ábhair thraidisiúnta a bhí ina seilbh ag Peig Sayers, chomh maith lena sárchumas mar scéalaí, a mheall scoláirí Ceiltise, bailitheoirí béaloidis, teangeolaithe, scríbhneoirí agus craoltóirí ó chian agus ó chóngar chuici.

Is ábhar inspéise i gcónaí an stór scéalta féin, thart ar 375 scéal ar fad, ach is díol spéise freisin an léargas a thugann an t-ábhar taifeadta, agus na hil-leaganacha de scéalta áirithe a bailíodh uaithi, ar an scéalaíocht thraidisiúnta mar ealaín chruthaitheach dhinimiciúil.   

Dúradh i dtaobh bhua scéalaíochta Pheig go sílfeá agus tú ag éisteacht léi go raibh an scéal á chumadh aici agus í á insint. Tá fianaise ann freisin go mbíodh a cuid scéalta á gcur in oiriúint aici don lucht éisteachta a bhí os a comhair amach.

Dúirt an bailitheoir béaloidis, agus comharsa le Peig i nDún Chaoin, Joe Daly, nach ‘mar a chéile a dh’inseadh Peig an scéal dos na cuairteoirí agus a dh’inseadh sí domsa é’. Luaigh Joe Daly freisin an chaoi a mbíodh scéal i gcónaí ag Peig mar mhodh le pointe eolais a chur abhaile. Is fiú go mór féachaint níos mine ar an ngaol idir na scéalta traidisiúnta agus comhthéacs a n-aithrise, mar níl amhras ar bith ach go gcaitheann scéalta Pheig Sayers solas luachmhar ar fheidhmeanna sóisialta agus síceolaíocha an traidisiúin bhéil, agus ar ról gníomhach na mban i gcur i láthair agus i seachadadh na n-ealaíona béil.

Is iad na trí leabhar beathaisnéise a bhaineann le Peig is mó atá tar éis aird an phobail mhóir a tharraingt uirthi, ach dá thábhachtaí agus dá shuimiúla iad na leabhair sin, níl iontu ach gné amháin den oidhreacht a d’fhág sí ina diaidh.

Tá an-chuid den ábhar traidisiúnta a bailíodh uaithi nach bhfuil foilsithe agus b’fhiú athbheatha a thabhairt don ábhar sin trí é a chur ar fáil don phobal mór i bhfoilseachán clóite agus ilmheáin. Níl amhras orm ach go spreagfadh na scéalta féin breis plé agus tuisceana ar Pheig Sayers mar ealaíontóir béil.  Seans gurbh fhearr a thuigfí ansin a raibh i gceist ag Seán Ó Ríordáin nuair a dúirt sé go raibh ‘aigne Pheig mar naomhóig/ Ár n-iompar ar dhromchla na dtonn’.

 

Criostóir Mac Carthaigh

I dtuairim ghlúin ar leith in Éirinn, a rinne staidéar ar dhírbheathaisnéis Pheig Sayers don Ardteistiméireacht, ba mhó crá croí ná pléisiúr agus ábhar suime a bhain le scéal a beatha. Faraor, tá an meon sin le mothú go sonrach i measc go leor daoine a thagann ar cuairt go Cnuasach Bhéaloideas Éireann (CBÉ), agus fágtar faoi fhoireann an Chnuasaigh cáil agus cumas na mná ó thaobh ceird na scéalaíochta a mhíniú agus a thabhairt slán. Agus go deimhin, mar atá léirithe go maith ag scoláirí béaloidis – féach mar shampla Labharfad le Cách (Almqvist & Ó Héalaí, 2009) – ba scéalaí eisceachtúil, seachas údar leabhair, a bhí inti.

Tá a rian san le feiscint sna scéalta, sa tseanchas agus sna míreanna eile béaloidis a tógadh síos uaithi agus atá anois i dtaisce ag CBÉ – suas le 6,000 leathanach ina iomláine. Áirítear go maith os cionn 300 seanscéal agus finscéal idirnáisiúnta, chomh maith le go leor eachtraí áitiúla agus dornán scéalta laochais i measc an ábhair seo. Ba é Seosamh Ó Dálaigh, bailitheoir de chuid Choimisiún Béaloideasa Éireann, an té is mó a thóg an t-ábhar ríluachmhar seo síos uaithi, ach bhí scoláirí iomráiteacha eile a chaith tamall ina comhluadar – Kenneth Jackson agus Heinrich Wagner ina measc – gan trácht ar mhac Pheig, Maidhc File, agus Blascaodaigh eile ar nós an údair Máire Ní Ghuithín.


 ‘Peig Sayers agus Scéalaíocht na mBan’, Teach an Acadaimh, BÁC, Déardaoin, an 13 Nollaig…

CLÁRAIGH ANSEO

Fág freagra ar 'An fhíor-Pheig Sayers? Bean mhisniúil, rógaire tíriúil agus Banríon na Scéalaíochta…'