FÍSEÁN: Ceol agus Gaeilge curtha leis an gCód Morse a craoladh ón GPO i 1916

Tá an ceol bunaithe ar an gcód Morse a craoladh ó Ard-Oifig an Phoist Seachtain na Cásca 1916 le Poblacht na hÉireann a fhógairt don domhan mór

Pictiúr: Contour/ Facebook
Pictiúr: Contour/ Facebook

Tá amhrán dátheangach scríofa ag an ngrúpa ceoil Contour, as Baile Átha Cliath, a bhaineann úsáid as an gCód Morse a craoladh ó Ard-Oifig an Phoist Seachtain na Cásca 1916 le Poblacht na hÉireann a fhógairt don domhan mór.

Tá físeán déanta ag Contour freisin i gcomhpháirt le ‘luachnambrog’ ar YouTube. Ba iad “teanga agus fuaimeanna an Éirí Amach” a spreag an grúpa, Conan Wynne agus Anna Doran, píosa nua-aimseartha ceoil a chumadh a thabharfadh léargas éagsúil ar an Éirí Amach.

“Thógamar an Cód Morse agus uaidh sin bhaineamar  tempo agus tuinairde as agus chuir muid amhrán timpeall air sin. 

“Cuirimidne ár dteachtaireachtaí in iúl trí chomharthaí leictreonacha freisin, ach tá na comharthaí sin ábhairín níos casta céad bliain ar aghaidh,” a dúirt Wynne leis an suíomh ceoil Nialler9.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Ceol agus Gaeilge curtha leis an gCód Morse a craoladh ón GPO i 1916'