Fiosrú neamhspleách inmhuiníne ag teastáil i gcás na ‘Hooded Men’

Tá an PSNI ag déanamh staidéir ar bhreithiúnas na Cúirte Uachtaraí faoi chás na ‘Hooded Men’ ach cé mhéad muiníne a bheadh in aon fhiosrú a dhéanfadh siad anois?

Fiosrú neamhspleách inmhuiníne ag teastáil i gcás na ‘Hooded Men’

Francis McGuigan

“Amanta bíonn faitíos orm a dhul a luí istoíche. Uaireanta thángthas orm i bhfolach sa vardrús nó ar áiléar an tí.”

Francis McGuigan, duine de na ‘Hooded Men’ a dúirt, é ag cur síos ar an suaitheadh aigne agus na tromluithe a chránn é de dheasca na drochíde a d’fhulaing sé 50 bliain ó shin.

Bhí ríméad air an tseachtain seo áfach nuair a rialaigh Cúirt Uachtarach na Breataine i Londain gur cheart cás na bhfear a bheith fiosraithe ag an PSNI. Thug na tiarnaí dlí a mbreithiúnas Dé Céadaoin ar achomharc na bpóilíní in aghaidh chinneadh na hArd-Chúirte i mBéal Feirste gur cheart fiosrú a bheith bunaithe ag an PSNI in 2014 i ndiaidh clár teilifíse ar RTE a nocht eolas nua as páipéir stáit faoi leagan amach rialtas na Breataine i leith an chéasta mar theicníc cheistithe.

Go sonrach rialaigh na tiarnaí sa Chúirt Uachtarach go raibh cinneadh an PSNI nach bhfiosrófaí an cás i bhfianaise na faisnéise nua míréasúnach. Níor luigh sé le réasún toisc go raibh an scagadh a rinneadh ar an eolas nua claonta agus easnamhach a dúirt siad. Chuir an PSNI oifigeach i mbun scagtha ar an scéal i ndiaidh an chláir ar RTE féachaint ar cheart fiosrú a thionscnamh. Níor bhreathnaigh an t-oifigeach sin ar an gclár teilifíse, ba chosúil go raibh sé claonta in aghaidh an tsaothair agus níor bhac sé le cuardach ginearálta faoi theicnící ceistithe le linn imtheorannaithe. Níor chuardaigh sé tada ach tagairtí don chéasadh –“torture” , téarma a d’úsáid an Státrúnaí Merlyn Rees i meamram i 1977 inar dhúirt sé gur cheadaigh airí rialtais é. Ba air an obair lochtach sin a bhunaigh an PSNI an cinneadh nach raibh tada le fiosrú.

Níl aon cheist faoin drochíde a d’fhulaing an ceithre dhuine dhéag, na fir sna púicíní nó na Hooded Men mar is fearr aithne orthu. Tá easaontas faoin sainmhíniú nó an téarma beacht chun cur síos air; ar chéasadh é mar atá coiscthe ag an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine nó ag Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an chéasta nó ar íde chruálach mhídhaonna é. Níl aon dabht ach gur chéasadh a bheadh ann de réir na ndlíthe atá i réim anois ach dhiúltaigh an Chúirt i Strasbourg, faoi dhó, d’iarratais rialtas na hÉireann go rialófaí gur chéasadh é faoi dhlíthe na linne. Íde chruálach mhídhaonna a tugadh air.

Bhí na fir i measc an 342 a gabhadh ar an 9 Lúnasa 1971 nuair a chuaigh rialtas Stormont i muinín imtheorannaithe gan triail chun an tIRA a cheansú. Caitlicigh amháin a gabhadh, go leor acu nach raibh san IRA. Glactar leis go forleathan gur bhotún mór, praiseach go deimhin, ab ea an t-imtheorannú. Chothaigh sé guagacht as cuimse, ghéaraigh sé ar an fhoréigean, theith daoine as baile agus in ionad an réimeas aontachtach in Stormont a chaomhnú bhrostaigh sé a thitim.

Tugadh ceithre dhuine dhéag, Francis McGuigan ina measc, go dtí ionad speisialta i mbunáit i mBaile Uí Cheallaigh i gContae Dhoire. Bhí oiliúint faighte tamall roimhe sin ag an RUC ó Arm na Breataine sna teaicticí speisialta diancheistithe ar baineadh leas astu thar lear, in aghaidh an Mau Mau sa Chéinia agus in áiteanna eile. Baineadh leas astu anois chun an ceithre dhuine dhéag a cheistiú.

Díth chéadfach a bhí i gceist, púicíní orthu chun mearbhall a chur orthu, ceileadh bia agus deoch orthu, ní raibh cead codlata acu ar feadh laethanta as a chéile. Bhí orthu seasamh faoi strus, lena ngéaga spréite agus batráladh iad nuair a thit siad. Cuireadh i héileacaptar iad, dúradh leo go raibh siad go hard sa spéir agus go gcaithfí amach iad; agus na púicíní orthu, ní raibh a fhios acu go raibh an héileacaptar ar foluain cúpla troigh ón talamh. Thairis sin seinneadh ‘torann bán’ go minic – cleas a ghoill orthu go léir. Ba mhinic sna blianta i ndiaidh a saortha a deireadh gaolta go gcaithfeadh an teaghlach an torann ó ghnáthfhuaimeanna féin a sheachaint mar go scanraíodh sé an t-íobartach.

Ní nach ionadh bhí lucht feachtais thar ceann an 14, agus an naonúr díobh ata fós beo sásta le rialú na Cúirte Uachtaraí. Mar sin féin chinn na tiarnaí nach raibh cúis ar bith nach iad an PSNI a dhéanfadh an fiosrú atá fós riachtanach. Is beag seans go ndéanfaidh sé sin cúis do na fir. Measann siadsan nach mbeadh fiosrú an PSNI ar a réamhtheachtaí, an RUC, inchreidte ná inmhuiníne. I bhfianaise na siléige in 2014, atá cáinte ag na tiarnaí dlí, ní foláir nó go bhfuil a fhios ag an bPríomh-Chonstábla gur cheart dó duine neamhspleách a chur i bhfeighil na hoibre. Luaitear iarPhríomh-Chonstábla Bedfordshire, John Boutcher, atá i mbun an scrúduithe ar chásanna Stakeknife agus muinín ag na híobartaigh as.

Ní bheadh i bhfiosrú nach raibh iontaoibh as ach masla i gceann na héagóra.

Fág freagra ar 'Fiosrú neamhspleách inmhuiníne ag teastáil i gcás na ‘Hooded Men’'