File docheansaithe í Áine Ní Ghlinn nach gcuirfidh ar do shuaimhneas thú

Cumann Áine Ní Ghlinn filíocht le cic a thabhairt duit, le greim scrogaill a bhreith ort

File docheansaithe í Áine Ní Ghlinn nach gcuirfidh ar do shuaimhneas thú

Dánta idir Shean agus Nua

New and Selected Poems

Áine Ní Ghlinn

Aistriúcháin le Theo Dorgan

Ní file ródheas í Áine Ní Ghlinn.

Ar eagla na míthuisceana, is é sin, ní filíocht dheas chompordach shábháilte a chumann sí, filíocht a chuirfidh ar do shuaimhneas tú, a ligfidh duit codladh go sámh gan pioc ar do choinsias. Ach a mhalairt.

Cumann sí filíocht le cic a thabhairt duit, le greim scrogaill a bhreith ort, le scéalta daonna de gach toise a insint. Is maith mar sin go bhfuil Dánta idir Shean agus Nua: new and selected poems ar an bhfód (CIC €15) agus aistriúcháin Bhéarla le Theo Dorgan ina dteannta.

Tá, gan amhras, dánta áille séimhe moiglí anseo, leis, óir is file í Áine Ní Ghlinn a bhfuil scata guthanna aici. Is féidir múscailt le dán ar nós ‘Tús Nua’ a bhfuil ‘meantán gorm’ a fhágann ‘ocht n-ubh/sa bhosca os cionn na fuinneoige’, agus go mbrúnn ‘sabhaircín a chloigeann/buí aníos os cionn talún.’ Íomhánna breátha rómánsúla gan aon bhréag ach is iad an dá líne dheireanacha a bhuaileann an dán abhaile:

‘Inniu rug leanbh barróg mhuirneach ar

Sheanmháthair nár mhothaigh tadhall coirp le bliain.’

Sainmharc amháin dá cuid is ea an áilleacht teanga agus friotail seo a bhfuil speach ina lár istigh. In ‘An tÉisteoir’ tosnaítear le mar a bheadh liodán den bheatha bheag i mbun a gcúram – ‘síodamhrán an damháin alla’, ‘cogarnaíl éadrom na nduilleog’, ‘bogshodar na gcríonmhíolta’, ach nil iontu ach réamhshiansa do scrios na timpeallachta agus creachadh an dúlra, óir tá na héin ‘á gcaitheamh féin le haill/ i ndiaidh tórramh na coille’, is na héisc ‘ag caoineadh/ agus iad ar snámh bolg le gréin/ ar dhromchla na n-aigéan,’ is ‘na beacha deireanacha’ ‘ag dordán/i dtreo a mbáis féin.’

Ní hé nach bhfuil dánta anseo gurb é atá iontu liriciúlacht ghlan, abraimis ‘Barróg’, nó ‘Idir’, nó dánta mistéireacha a mhúsclaíonn draíocht ar nós ‘An Bhrasaoil’, nó dánta glice gonta leithéid ‘Teangeolaíocht’, nó dánta a chuireann ceist a fhuasclaíonn saol cosúil le ‘Ró-Óg’ atá foilsithe chomh maith sa chnuasach Gearr Gonta: céad dán le céad file a thiomsaigh Micheál Ó Conghaile (CIC €15)

Sna seancheisteanna scoile nuair a dhéantaí staidéar ar fhile bhítí ag iarraidh ‘téamaí’ a aithint is a chur os ard i gcás scríbhneora. Bheadh raidhse ábhar ag lucht lorgtha téamaí i bhfilíocht Áine. Tá, mar shampla, sraith de dhánta aici a bhaineann leis an imirce Éireannach ina gcuireann sí os ár gcomhair Páidín nó Patrick Coneely (mar atá anois air) a bhailíonn litreacha ón mbaile do na tionóntaí ina áras féin thar lear mar chosaint ar an uaigneas, nó a fhaigheann carr mór fada ar cíos nuair a théann sé abhaile le ligean air go bhfuil ag éirí leis, agus ina shlí íorónach féin tá na dánta seo ceangailte le ‘Teifeach’ a léiríonn briseadh croí aon duine ar bith nach foláir dó imeacht óna theallach dúchais agus a ghrinneann na nithe is ansa léi ag dul an doras amach don uair dheiridh.

Sraith de dhánta eile iad siúd a bhaineann le haimsir na plá covid atá ag sleamhnú i ndíchuimhne anois. Na dánta seo aici, meabhraíonn go láidir dúinn conas mar a bhí, ach i lár an duaircis agus na príosúntachta smaoinítear go raibh níos mó ná sin ann:

‘Chualamar tollbhuillí an bháis ar gach taobh

Ach ná déanaimis dearmad gur chualamar ceol na n-éan.’

Dánta iad seo atá ag éisteacht leis an saol agus á fhaire i ngach aon chruth a chuireann an saol céanna de. Gabhann siad i ngleic le mórchúraimí an duine, an t-uaigneas, an tost, an teacht in inmhe, tógáil leanaí, móimintí léargais is eipeaifáine.

Tá tocht faoi leith ag baint leis na dánta sin um an ngalar léanmhar Alzheimer’s arb é cúram scata dánta anseo é. An bhean a fuair bás ‘focal ar fhocal’ de réir a chéile, nó an bhean eile ‘D’fhéadfadh sí gach praghas a aistriú/ go scillingeacha is seanphinginí ach/ ní fhéadfadh sí a bealach a dhéanamh/ abhaile ón siopa ná a insint duit/ cad a thug ann í sa chéad áit’.

Bhí cáil ar Eavan Boland mar fhile cúraimí teaghlaigh agus leanaí agus é sin tuillte aici, ach tá ‘Linne an Oíche’ chomh híogair, chomh séimh le haon rud a chum file Choláiste na Tríonóide, mura bhfuil níos teolaí féin. Agus is mó duine a mharaíonn an t-amhrán ‘Grace’ i ndéanaí na hoíche agus i moiche na maidine, ach mo thuairim go bhfuil ‘Ná Déanaimis Dearmad’ ar an ábhar céanna níos cumhachtaí, níos bristechroíúla ná é.

Tá brollach ag Louis de Paor leis an leabhar ina ndéanann sé cur síos comair ar fhás agus ar chraobhú cheird Áine mar fhile agus ina luann sé an gearán coiteann go bhfuil faillí déanta inti sa ghnáthchiúnas a leanann an file Gaeilge de cheal aistriúcháin Bhéarla. Chuige sin aistriúcháin Theo Dorgan, iad seolta, rithimeach, lánchothromúil leis na bundánta sa mhéid is gur féidir sin a bheith ann. Sa Foreword céanna ag Theo tá sé láidir ar a cuid filíochta a bheith ‘profoundly feminist in its perspectives’.

Is sa toise seo is féidir a áiteamh atá na dánta is cumhachtaí, is fórsúla, is géire, is neamhleithscéalaí dá cuid. Ní timpiste é go bhfuil go leor acu i dtreo thosach an tsaothair, bíodh gurb ann dóibh siar amach. Scread fhíochmhar atá in ‘Mise Leis’ gur dhóigh leat go mbaineann leis an ngluaiseacht úd a thosnaigh suim bhlianta ó shin de dheasca ar nochtadh de scannail scannánaíochta sna Stáit Aontaithe, ach is fairsinge go mór ná sin é. Ráig feirge na mban go léir ar déanadh éagóracha éagsúla orthu riamh atá ann. Gearrscéal díoltais is ea ‘Maith go Leor’ a bhaineann le brúidiúlacht fir agus a hiarmhairt, ach a bhfuil líne dheiridh iontach ann a chasann greann isteach san uafás. Dán próis is ea ‘Rún Oscailte’ a iompraíonn oiread de scéal folaithe na tíre laistigh de dhá leathanach is a d’iompródh scríbhneoir eile in úrscéal iomlán.

Gabhann siad seo, agus eile, faoin gcroí agus tá scríte d’fhonn croitheadh a bhaint asat, d’fhonn tú a mhúscailt, d’fhonn is go scrúdófá  tú féin. Is mé a bhí míchompordach á léamh, is mé nár fhéad mo shúile a dhúnadh ar shaol eile.  Is chuige sin adúrt nach file deas í Áine Ní Ghlinn, ná ní filíocht dheas a scríobhann sí. Ba mhasla di a leithéid a chur ina leith.

Fág freagra ar 'File docheansaithe í Áine Ní Ghlinn nach gcuirfidh ar do shuaimhneas thú'