Fianaise nua faoi bhás Aodha Rua Uí Dhomhnaill, a uacht agus a thiomna deiridh ar fáil i nGaeilge den chéad uair

Tá iarracht le déanamh uacht agus tiomna deireanach Aodha Rua a chur ar taispeáint ina chontae dúchais, Dún na nGall, de réir tuairisc speisialta ón Spáinn in eagrán na míosa seo den iris Comhar

Fianaise nua faoi bhás Aodha Rua Uí Dhomhnaill, a uacht agus a thiomna deiridh ar fáil i nGaeilge den chéad uair

Tá fianaise nua faoi bhás Aodha Rua Uí Dhomhnaill, taoiseach agus laoch mór na nGael, tagtha chun solais i gcartlann sa Spáinn.

Nuair a fuair sé bás i 1602 sa Spáinn, bhí Prionsa Thír Chonaill ar a bhealach le brú a chur ar Rí Pilip III tacaíocht mhíleata agus airgid a chur ar fáil le theacht i gcabhair ar Éirinn forlámhas Shasana anseo a bhriseadh tar éis Chath Chionn tSáile.

Ba i gCaisleán Simancas, 200 ciliméadar siar ó thuaidh ó chathair Madrid, a bhásaigh Ó Domhnaill.

I gcartlann an chaisleáin sin a tugadh suntas le gairid do cháipéis, atá os cionn 420 bliain d’aois, a chuireann leis an easaontas seanbhunaithe faoi chúis bháis Uí Dhomhnaill.

Tugadh le fios sna tuairiscí oifigiúla ag an am gur bás nádúrtha a fuair Aodh Rua de bharr péist ribíneach ina bholg ach bhí tuairimíocht láidir ann gurb amhlaidh gur tugadh nimh don phrionsa óg agus go raibh lámh ag an ngníomhaire James Blake sa scéal.

Léiríonn an cháipéis méid an amhrais a bhí ar údaráis na Spáinne an uair sin faoi na cúiseanna go raibh gníomhaire agus spiaire de chuid Shasana, James Blake, as Gaillimh ó dhúchas, sa taobh sin tíre ag an am. Bhíothas in amhras go háirithe faoin gcaidreamh a bhí ag Blake le George Carew, ceannaire na Sasanach i gCúige Mumhan. Bhí scéala ann gur ghlac Blake mionn dílseachta do Carew agus go gur mhóidigh an Gaillmheach go rachadh sé chun na Spáinne chun Aodh Rua a mharú.

Chaith Aodh Rua Ó Domhnaill 16 lá ag saothrú an bháis i gCaisleán Simancas agus b’ansin, agus é ar leaba a bháis trí lá sular cailleadh é, a dheachtaigh sé a uacht agus tiomna deiridh i nGaeilge.

D’aistrigh a Athair faoistine Flaithrí Ó Maolchonaire focail an phrionsa go Spáinnis don nótaire oifigiúil a chláraigh iad sa teanga sin.

Tá an uacht agus an tiomna deiridh sin ó chartlann Chaisleán Simancas aistrithe ar ais go Gaeilge ag an scoláire, an Dr Eithne Ní Ghallchobhair, agus é foilsithe den chéad uair in eagrán na míosa seo de Comhar. Tá uacht agus tiomna deiridh Aodha Rua foilsithe mar chuid de thuairisc speisialta ón Spáinn faoi bhás Aodha Rua, tuairisc atá foilsithe in eagrán na míosa seo den iris Comhar.

Caisleán Simancas

Cuireadh spéis go hidirnáisiúnta i gcás Aodha Rua Uí Dhomhnaill dhá bhliain ó shin de bharr na n-iarrachtaí móra a rinne seandálaithe a thaisí a aimsiú san áit ar adhlacadh é i Mainistir na bProinsiasach i gcathair Valladolid, atá 17 ciliméadar ó Simancas, láthair ar a bhfuil craobh de bhanc Santander suite anois. Cé gur aimsíodh cnámharlaigh a bhain le 20 duine ansin níor aimsíodh go dtí seo taisí laoch mór na nGael. Rinneadh athléiriú drámatúil anuraidh ar an tsochraid ríoga a d’eagraigh Rí na Spáinne ina onóir ag an am, ócáid a bhí ag teacht lena ghradam mar phrionsa.

An cuardach do thaisí Aodha Rua Uí Dhomhnaill

Dá n-aimseofaí na taisí anois ba cheart go dtabharfaí ar ais go hÉirinn iad agus go ndéanfaí é a athadhlacadh i dTír Chonaill, dar leis an staraí Hugo O’Donnell, ceann feadhna Chlann Uí Domhnaill sa lá atá inniu ann.

Duine d’uasalaicme na Spáinne é Hugo O’Donnell a bhfuil an teideal Duque de Estrada, 7ú Diúc Tetuán air. Ba cheart an t-athadhlacadh sin a dhéanamh ar bhonn na staire in ainneoin gur iarr Aodh Rua féin ina uacht agus tiomna deiridh gur i Mainistir na bProinsiasach i gcathair Valladolid a chuirfí é, a dúirt sé in agallamh le Comhar.

Tá cumann cairdis in Valladolid ag beartú leanúint den chuardach agus tá dlús curtha acu le ceangal a bhunú idir an láthair inar adhlacadh Ó Domhnaill i Valladolid agus a chontae dúchais Dún na nGall.

Tá teagmháil déanta acu le Comhairle Contae Dhún na nGall agus iad ag iarraidh comhcheangal cairdis a dhéanamh idir Valladolid agus Leifear, an baile inar saolaíodh Aodh Rua. Táthar ag iarraidh freisin go nochtfaí leac chuimhneacháin ina onóir ansin san áit ar saolaíodh é. Tá leac dá leithéid cheana féin ar bhalla Chaisleán Simancas, an t-aon chomhartha poiblí amháin atá ar an chaisleán, atá ansin ón 15ú aois.

Tá spéis freisin ag an Chumann Easpáinneach-Éireannach agus lucht cartlainne Chaisleán Simancas uacht agus tiomna deiridh Aodha Rua a chur ar taispeáint go sealadach i nDún na Gall.

Rinne an cumann céanna teagmháil chomh maith leis an Aire Cultúir agus Turasóireachta, Catherine Martin agus le hArd-Mhéara Bhaile Átha Cliath, Daithí de Róiste, ag moladh go gcuirfí plaic chuimhneacháin ar Chaisleán Bhaile Átha Cliath mar aitheantas do ghaisce Uí Dhomhnaill nuair a d’éalaigh sé féin agus beirt chomhghleacaithe as príosún ansin i Nollaig na bliana 1591, an t-aon uair gur éalaigh aon príosúnach ón áit.

Dúirt an t-údar agus iarChoimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin, a bhí ar dhuine de na hiriseoirí a scrúdaigh cáipéisí a bhain le hAodh Rua i gcartlann Chaisleán Simancas le gairid, go raibh sé suimiúil gur i nGaeilge a dheachtaigh Aodh Rua an uacht agus an tiomna deiridh.

“Tá muid ag caint ar 422 bliain ó shin, tráth a raibh Éire a bheag nó a mhór ar fad ina Gaeltacht,” a dúirt sé le Tuairisc.

“Luaitear san uacht go raibh neart eile cruinnithe thart ar leaba a bháis a raibh Gaeilge ar a dtoil acu, athair faoistine an phrionsa, sagart agus ábhar sagairt, dochtúir agus tuilleadh nach iad agus iad ar fad ábalta a dheimhniú mar fhinnéithe go raibh aistriúchán cruinn déanta ar fhocail an phrionsa,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Cuirreáin gur léir go bhfuil ceachtanna suimiúla staire le foghlaim ón tiomna agus ón uacht deiridh agus go léirítear ansin ar bhealach coscrach nach “ag díriú go hiomlán ar a anam a shlánú” a bhí Aodh Rua ar leaba a bháis ach “ag déanamh imní faoin chinniúint a bhí i ndán d’Éirinn agus do réimeas na nGael”.

Mar seo a d’aistrigh Eithne Ní Ghallchobhair an sliocht sin ina bhfuil tagairt do chinniúint na dtaoiseach Gaelach agus a gcaidreamh le húdaráis Shasana do Comhar:

Idir an dá linn, impím ar an Rí fóirithint agus buíon saighdiúirí ina neart a sheoladh go hÉirinn chuig an Tiarna Ó Néill agus chuig mo dheartháir sula gcluineann siad fógra mo bháis. Muna ndéanfar seo caillfear iad, nó a luaithe agus a chluinfear an scéala, gluaisfidh siad uilig go léir faoi dheifir agus faoi phriacal chun socrú síochána a dhéanamh leis na Sasanaigh. Siocair go raibh a ndóchas go léir ag brath ar an fhóirithint a bhí mise le bronnadh orthu, chuirfeadh litir, mar aon le fortacht ón Rí, misneach agus meanman iontu sula bhfaigheadh siad fógra m’fhoircinn.

Is féidir an tuairisc speisialta ón Spáinn leis na hiriseoirí Sean Ó Cuirreáin agus Breandán Delap, chomh maith le leagan Eithne Ní Ghallchobhair d’uacht agus tiomna deiridh Aodha Rua, a fháil in eagrán mhí Eanáir de Comhar atá le ceannach anois i siopaí leabhar áirithe nó ar líne anseo.

Fág freagra ar 'Fianaise nua faoi bhás Aodha Rua Uí Dhomhnaill, a uacht agus a thiomna deiridh ar fáil i nGaeilge den chéad uair'

  • Eoghan Ó Néill

    Níl a fhios agam an mbéadh sé ceart taisí Aoidh Ruadh (má aimsíonn siad iad) a aistriú ó Valladollid chun na tíre seo ina bhfuil sliocht na nGael i ndiaidh meon agus teanga Anglo a ghlacadh ina gcroíthe agus droim láimhe a thabhairt do dhúchas a sinsir.

  • Seán Ó hAodha

    @Eoghan Ó Neill
    Cén cruthnanas atá agat go bhfuil
    “SLIOCHT NA NGAEL I NDIAIDH MEON AGUS TEANGA ANGLO A GHLACADH INA GCROÍTHE AGUS DROIM LÁIMHE A THABHAIRT DO DHÚCHAS A SINSIR.”?

    Is beag duine ar an gclár Upfront le Kate Hannon i rith na seachtaine a dúirt go raibh siad ar son fáil réidh le Gaeilge mar ábhar éigeantach sna meánscoileanna agus ba de chuile saghas shliocht iad !!

  • An Spailpín Spánach

    Beannachtaí ó ghrianmhar Andalucía. B’fhéidir nach bhfuil aithne ag cuid agaibh orm agus sin an dóigh a dtaitníonn sé liom go bhfanfaidh sé, ach tá mé tumtha in éineacht le daoine eile le breis agus dhá bhliain anois i gcomhar le mo chomhghleacaithe atá ag gabháil do choiste beag deonach Red Hugh O Donnell (RHOD) cobbled le chéile agus ag déanamh cumarsáide ar líne chun tacú leis na hiarrachtaí chun comóradh a dhéanamh ar Aodh Rua Ó Domhnaill sa Spáinn agus ina thír dhúchais, ag leanúint ar iarracht iontach Chomhairle Cathrach Valladolid an áit scíthe deiridh d’Aodh Rua O Domhnaill a bhunú agus seans go mbeimid ar an bhfód ar an imeall a chruthú go mb’fhéidir nach raibh a bhás chomh fógartha síos tríd na gcéadta bliain agus ag an am i 1602, agus a bhí mar thoradh ar aimhréidh de bharr Péist Téip, mar gheall ar an “pholaitíocht” a bhí i bhfeidhm ar leibhéal iomlán na hEorpa.

    Nuair a thug mé cuairt ar Chaisleán Simancas agus ar Valladolid le haghaidh ár gcomóradh 420 bliain ar bhás Aodh Rua i Meán Fómhair 2022 bhí sé de phribhléid againn léargas cursúil a fháil ar chuid den fhianaise stairiúil faisnéise & ráitis a ghlac faisnéis Spáinneach comhaimseartha le haimsir an bás Aodha Rua. Ba léir dom go raibh údaráis na Spáinne ag an am faoi stiúir an Rí Phillip lll tar éis a bheith an-dícheallach ina gcuid fiosrúcháin ina dhiaidh sin ar bhás anabaí Aodh Rua, áit ar bailíodh tuairiscí agus ráitis, lena n-áirítear rúin rúnda a rinne na Spáinnigh (scríofa in mBearla agus go minic códaithe ) a bhí le himeacht na gcéadta bliain curtha faoi scrúdú saineolach go cuí agus go mion ag daoine eolach i réimse na dteachtaireachtaí rúnda códaithe a bhí á n-úsáid ag spiairí na Sasanaigh ag an am sin ag leithéidí George Carew etc. srl ), in ainneoin go ndearna staraithe agus scoláirí taighde domhain nó cúrsúil ar na doiciméid seo leis na cianta. Is é mo bharúil go láidir mar bhall scortha den Gárda Síochána le cúlra i mbailiú faisnéise agus le blianta fada saineolais ar anailís fhóiréinseach láithreacha coireachta, go bhfuil géarghá le hathchuairt a thabhairt ar gach gné a bhain le bás Aodh Rua, agus a chomhghleacaithe a bhí i gcuideachta le Aodh san áireamh agus sa comhluadair tar éis dó éalú ó Chionn tSáile agus na cúinsí agus na fianaise a bailíodh roimh a bhás a tháinig chun solais sna cartlanna sna blianta ina dhiaidh sin. Teastaíonn scrúdú níos dlúithe ó shaineolaithe oifigiúla ar na doiciméid seo go léir atá curtha i gcartlann sa Spáinn mar aon le comhfhreagras eile atá carntha i Sasana, in Éirinn agus sa Róimh, lena n-áirítear léirmhíniú ar litreacha cifir rúnda a cuireadh in iúl idir Blake & Carew a fuarthas amach le déanaí.

    Tá sé in am anois “Athbhreithniú ar Chás Fuar” a dhéanamh maidir le himeachtaí an tráth sin i 1601/3 i bhfianaise na n-imscrúduithe a rinne údaráis na Spáinne ina dhiaidh sin ag bailiú chiste fianaise a coinníodh i gcartlann ollmhór na coilíneachta le chéile i gCaislen Simancas, an áit a fuair Aodh Ruadh bás. Is é mo thuairim go bhfuil mórán fianaise imthoisceach carntha ag an bpointe seo mar aon le heolas ceirde leighis agus spiaireachta ar an tréimhse a thacaíonn go láidir leis an teoiric fadbhunaithe agus leis na blianta amhrais a d’fhéadfadh a bheith ag James Blake ( Gaillimh ) i claonpháirteachas le daoine eile, faoi mhionn a bheith ag obair mar Spy agus assaín i bhfostú Sir George Carew, Uachtarán na Mumhan, a bhí freagrach as nimhiú Red Hugh, mar a mhionnaigh sé do Carew sular thosaigh sé ar a mhisean go dtí an Spáinn agus moladh dó ina litir comhfhreagras lena láimhseálaí spiaireachta, Sir George.

    Nílimid ach ag tosú ar na poncanna go léir a cheangal le chéile agus mar a bhí san athbhreithniú “Cold Case Collins” ar theilifís RTÉ le déanaí ar bhás Michael Collins (a léirigh go cinntitheach an teoiric nach raibh feallmharaíodh Collins lena thaobh féin), Is dóigh linn go bhfuil an fhianaise carntha, imthoiseach den chuid is mó, mar aon le fianaise ar thuarascálacha finnéithe agus faisnéise agus ráitis a ghlac na Spáinnigh ag an am, tuillte go carnach le heolas leighis agus fóiréinseach nua-aimseartha, le heolas agus le saineolas cothaithe a mheasúnú chun an toimhde a chruthú nó a bhréagnú go bhfuair Aodh Dearg bás 29 bliain d’aois de bharr cúiseanna nádúrtha nó gurbh é a bhás trí nimhiú an cás is dóichí. Ba chóir go mbeadh an-áthas ar ghrúpa dlúth saineolais ó roinnt dámha scrúdú a dhéanamh ar cheird leighis, staire, spiaireachta, le heolas stairiúil a bhaineann leis an ré sin de chomhthéacs Phápa Shasana, Éireannach, Spáinneach agus stairí a bhfuil eolas acu ar na cartlanna atà faoi stiúir na Pápaí sa Róamh agus peirspictíocht pholaitiúil sa chéim Eorpach iomlán ag an am sin, ar cheart é a thabhairt le chéile agus a thionól ag comhdháil i gCaisleán Simancas amach anseo chun plé a dhéanamh thar thréimhse deireadh seachtaine agus scagadh tríd an bhfianaise d’fhonn “Athbhreithniú ar Chás Fuar” cinntitheach a thabhairt ” measúnú ar bhás Aodh Rua O Domhnaill, Prionsa Thír Chonaill i 1602.
    Más mian le haon duine freagra a thabhairt is féidir dul i dteagmháil liom “An Spailpín Spánach” trí ríomhphost: Sogrande@proton.me